Tús á chur le hoibreacha ar athfhorbairt Champas Choláiste Íosagáin

Borradh le cur faoi áis stairiúil Mhúscraí in 2021

3 Nollaig, 2020

nóiméad léite

D’fhógair Údarás na Gaeltachta inniu (03/12/20) go bhfuil conarthaí oibre sínithe anois a chiallóidh go mbeifear ag tosú ar réamhoibreacha ar athfhorbairt champas Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí an tseachtain seo chugainn.

Tá conraitheoirí tógála ceaptha ag Údarás na Gaeltachta chun tús a chur le hoibreacha riachtanach suímh ar an gcampas a mhairfidh go dtí an chéad cheathrú de 2021 agus atá ina gcéad chéimeanna den fhorbairt mhór a gcuirfear tús leis an gcuid shuntasach den obair sa gcéad leath den bhliain seo chugainn. Tá conraitheoir tógála, innealtóirí sibhialta agus struchtúrtha, suirbhéirí cainníochta, innealtóirí seirbhísí foirgníochta chomh maith le héiceolaithe agus seandálaithe ceaptha ar an bhfoireann atá ag tabhairt faoi ghné oibreacha suímh an togra an tseachtain seo chugainn. Obair thábhachtach agus riachtanach chun fís don Choláiste a áisiú agus a chur i bhfeidhm.

 

Cheadaigh Comhairle Contae Chorcaí cead pleanála d’Údarás na Gaeltachta chun Mol Forbartha Réigiúnach a fhorbairt ar shuíomh álainn Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí chun tacú le cruthú fiontraíochta. Chuige sin, cuireadh tús le próiseas tairisceana roinnt míonna ó shin chun conraitheoirí a cheapadh chun tabhairt faoi athfhorbairt na bhfoirgneamh stairiúla ar an suíomh. Beidh na tairiscintí sin le n-eisiúint go luath sa mbliain nua agus táthar ag súil go gceapfar conraitheoir agus go gcuirfear tús leis an obair forbartha ar na foirgnimh sa gcéad leath den bhliain nua. Ag an tráth sin beidh na hoibreacha suímh reatha riachtanacha seo curtha i gcrích rud a réiteoidh an bealach don obair ar an láthair stairiúil seo a bheidh mar áis eiseamláireach gnó, cultúir, teanga agus oidhreachta don réigiún.

 

In 2019 ceadaíodh €180,000 faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe d’Údarás na Gaeltachta chun máistir phlean a ullmhú don suíomh, lena chinntiú go mbeadh tionchar dearfach ó thaobh cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta ar an gceantar áitiúil agus ar an réigiúin i gcoitinne. Chomh maith leis sin ceadaíodh €2.7m faoin gCiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí (REDF) chun Mol Forbartha Réigiúnach a bhunú. Cruthóidh an Mol Forbartha Réigiúnach deiseanna fostaíochta breise agus déanfar an bonn fiontraíochta a leathnú agus a láidriú go háitiúil.

 

Tá an maoiniú atá ceadaithe faoin gCiste um Forbairt Fiontraíochta Réigiúnaí á sheachadadh trí Fhiontraíocht Éireann agus cuirfidh Údarás na Gaeltachta maoiniú de €1m ar fáil don togra chomh maith. Forbróidh Údarás na Gaeltachta 1,835 m crn de spás fiontraíochta solúbtha, a bheidh ceangailte le snáithín optaice, mar chuid de gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, agus beidh Oifig Réigiúnach Údarás na Gaeltachta lonnaithe ar an láthair chéanna freisin. Beidh tacaíochtaí oiliúna agus forbartha gnó speisialtóra ar fáil ón ionad a mbeidh sé de sprioc aige tacú le cruthú 200 post sna blianta atá le theacht. Chuige sin beidh bainisteoir oibríochtaí agus bainisteoir oiliúna á bhfostú mar chuid den togra agus táthar ag súil go mbeidh an próiseas earcaíochta don bhainisteoir oibríochtaí tosaithe sna seachtainí beaga amach romhainn.

 

Dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair:

‘Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta cuirim fáilte chroíúil roimh an scéala go bhfuil obair ag tosú ar shuíomh Choláiste Íosagáin an tseachtain seo chugainn. Seod oidhreachta atá i gColáiste Íosagáin do Ghaeltacht Mhúscraí agus cuirfidh an togra go mór le cúrsaí Gaeilge, cultúrtha agus oidhreachta sa cheantar, mar a rinne an Coláiste nuair a bhí sé i mbarr a réime. Táimid ar fad ag tnúth go mór leis na deiseanna a bheidh mar thoradh ar an athfhorbairt seo. Is mór againn an comhoibriú atá againn ó Ranna Rialtais agus eagraíochtaí eile leis an togra seo chomh maith leis an dúthracht atá caite ag feidhmeannaigh an Údaráis i gcur chun cinn togra fiúntach ar an gCampas le blianta fada.’

 

Ag labhairt dó dúirt Mícheál Ó hÉanaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

‘Tá áthas orainn an deis a bheith againn anois tús a chur leis na hoibreacha ar Choláiste Íosagáin. Cuirfidh an togra seo deiseanna iontacha ar fáil don réigiún nuair a bheidh sé curtha i gcrích le spásanna oibre ar ard chaighdeán agus ceangal leathanbhanda ard luais. Áis luachmhar agus tuar dóchais atá ann don réigiún sna blianta amach romhainn agus a bheidh lárnach i straitéis nua na heagraíochta atá á fhorbairt don tréimhse 2021-2025. Cuirfidh an mol réigiúnach agus na tailte thimpeall ar an gcampas go mór le saol an cheantair agus pobal na Gaeltachta.’

 

Ba iad na hAirí Heather Humphreys agus Michael Creed a d’fhógair an maoiniú de €2.7m in 2019 do Sheirbhísí Forbartha Gnó (DAC), cuideachta gníomhaíochta ainmnithe (DAC) ionchorpraithe ag Údarás na Gaeltachta chun Mol Forbartha Réigiúnach a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú ar shuíomh stairiúil Choláiste Íosagáin. Is iad Oifig Réigiúnach an Deiscirt d’Fhiontraíocht Éireann faoi stiúir Martin Corkery, Stiúrthóir Réigiúnach le Fiontraíocht Éireann, atá i bhfeighil na scéime don togra agus beifear ag tabhairt faoin togra mar thogra comhpháirtíochta le geallsealbhóirí réigiúnacha a fheidhmíonn mar chomhpháirtithe togra le hÚdarás na Gaeltachta ar nós Comhairle Contae Chorcaí, UCC, CIT, BOO Chorcaí, Scileanna Réigiúnacha Thoir Theas, Gréasán Gnó Skillnet Thoir Theas agus Fiontraíocht Éireann.