Ag Buanú Gnó Gaeltachta le linn Géarchéime

Údarás na Gaeltachta ag tacú le comhlachtaí Gaeltachta
atá ag dul i ngleic leis an mBreatimeacht & COVID-19

17 Samhain, 2020

nóiméad léite

Lighthouse

Tá Údarás na Gaeltachta ag moladh go láidir do chomhlachtaí beaga agus meánmhéide Gaeltachta socruithe a chur i gcrích ina ngnó láithreach chun tabhairt faoi dhúshláin an Bhreatimeachta agus srianta COVID-19. San áireamh sa tacaíocht leanúnach atá á chur ar fáil ag an Údarás do chomhlachtaí Gaeltachta sna réimsí seo tá sraith tacaíochtaí praiticiúla leagtha amach ag an Údarás do chomhlachtaí Gaeltachta.

I measc na dtacaíochtaí atá ar fáil do chomhlachtaí tá:

  • Mol eolais ar thacaíochtaí Breatimeachta ar www.udaras.ie;
  • Sraith seimineáir ar líne chun saineolas praiticiúil a roinnt;
  • Rphoist eolais ar thacaíochtaí Breatimeachta chuig gach cliantchomhlacht;
  • Sraith rphoist do chomhlachtaí le noda/meabhrúcháin ar ábhair gur chóir do chomhlachtaí gníomhú orthu;
  • Seoladh rphoist tiomanta Brexit@Udaras.ie ag feidhmiú go leanúnach mar áis teagmhála/comhairle do chomhlachtaí.

 

Le níos lú ná 45 lá fanta go dtí an Breatimeacht tá sé tábhachtach go mbeadh comhlachtaí ag cur céimeanna praiticiúla i bhfeidhm chun tionchar an Bhreatimeachta ar a ngnó a mhaolú an mhéid gur féidir. Tá tréimhsí deacra feicthe ag comhlachtaí ar fud na tíre le paindéim COVID-19 le cúpla mí anuas agus éiginnteacht an Bhreatimeachta ar na bacán.  Chun tacú le comhairle úsáideach agus cuí a chur ar chomhlachtaí tá sraith seimineáir á eagrú ag Údarás na Gaeltachta le saineolaithe gnó aitheanta agus chun tacú le comhlachtaí iad féin a bhuanú i rith na géarchéime.

 

Léireoidh an tsraith seimineáir dár teideal Ag Buanú Gnó i rith Géarchéime saineolas ó chainteoirí den scoth ar ábhair mar seo leanas

·         Seimineár 1 Do ghnó a chothú - na nithe bunúsacha ar cheart filleadh orthu le dúshláin a sheachaint nó a mhaolú 18/11/20, 10am-11am
·         Seimineár 2 Do ghnó a athnuachan - cén chaoi nuálaíocht agus éagsúla a dhéanamh chun margaidh a aimsiú do do ghnó 02/12/20, 10am-11am
·         Seimineár 3 Do ghnó a fhorbairt  - céard is féidir a dhéanamh ó thaobh onnmhairiú agus gnéithe de mhargaí idirnáisiúnta a fhiosrú 08/12/20, 10am-11am

 

Thacaigh Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le réiteach tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le gairid maidir leis an tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht ar chomhlachtaí Gaeltachta agus táthar ag leanúint leis an treoir agus an moladh a bhí déanta ag an eagraíocht sa tuarascáil sin a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí agus an chomhairle chuí ar fáil do chomhlachtaí beaga Gaeltachta.

 

Tá suas le €3.35m de thacaíochtaí riachtanacha COVID-19 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí Gaeltachta chun tacú leo dul i ngleic leis na deacrachtaí atá cruthaithe ag paindéim an Choróinvíris.

Bhain os cionn 410 comhlacht Gaeltachta leas as scéimeanna tacaíochtaí COVID-19 Údarás na Gaeltachta go dtí seo chun cabhrú leo maoiniú leanúnachais a chur ar fáil dá ngnó, pleanáil airgeadais a chur i gcrích agus chun cur lena gcumas leas a bhaint as margaí díolacháin domhanda ar líne.

Tá tacaíocht de suas le €2.35m curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Fiontraíocht Éireann do chomhlachtaí Gaeltachta chun tacú leo pleanáil airgeadais a dhéanamh agus chun cistí cothaithe fiontair a chur ar fáil do chomhlachtaí chomh maith. Ceadaíodh díreach os cionn €1m go dáta i gcúnamh airgid do 413 gnó Gaeltachta le cúpla mí anuas tríd na scéimeanna tacaíochta - an Scéim Trádála Ar Líne agus an Dearbhán Leanúnachais Ghnó COVID-19.

Cistí de chuid Údarás na Gaeltachta, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil a chur maoiniú ar fáil don dá scéim seo.

 

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta,

“Ó fógraíodh toradh reifrinn Breatimeachta na Ríochta Aontaithe agus an neamhchinnteacht leanúnach a bhaineann leis an socrú deiridh a bheidh air, tá Údarás na Gaeltachta i dteagmháil leanúnach lena chliantchomhlachtaí i ngach ceantar Gaeltachta maidir leis an ábhar seo agus ag cur fócas faoi leith ar na cliantchomhlachtaí is leochailí ó thaobh an Bhreatimeachta de.

Cuireann an Breatimeacht dúshláin shuntasach roimh chomhlachtaí beaga Gaeltachta a raibh orthu aird a dhíriú ar na dúshláin atá á gcur ag paindéim COVID-19 orthu ón earrach seo caite. Leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag obair i gcomhpháirtíocht le comhlachtaí Gaeltachta chun tabhairt faoi na dúshláin a chruthaíonn an Breatimeacht agus lena chinntiú go bhfuil siad faoi réir chomh maith agus gur féidir do cibé toradh a thiocfaidh. Leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth leis na háisíneachtaí agus Ranna Rialtais cuí mar chuid do chur chuige comhordaithe ar an ábhar seo.”

 

 

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta,

“Níl aon ghlúin eile lucht gnó Gaeltachta a raibh orthu streachailt le dúshláin den chineál atá ag dó na geirbe do ghnóthaí Gaeltachta le bliain anuas. Le paindéim COVID-19, an Breatimeacht agus athruithe geopholaitiúla idirnáisiúnta eile tá diongbháilteacht nach beag léirithe ag gnóthaí Gaeltachta chun fanacht i mbun gnó agus tabhairt faoi na dúshláin atá rompu. Tá tábhacht ar leith ann don Stát a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí cuí agus dóthanach ar fáil dóibh chun téarnamh a dhéanamh agus tá sé léirithe roimhe seo go bhfaigheann an Stát aisíocaíocht mhaith ar an infheistíocht sin in am trátha. Is suntasach an mhéid tacaíochta é €3.35m a bheith ceadaithe do chomhlachtaí Gaeltachta ó Údarás na Gaeltachta féin agus i gcomhoibriú le Fiontraíocht Éireann. Leanfaidh Bord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú i gcomhar le feidhmeannas an Údaráis agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun a chinntiú go bhfuil cás na gcomhlachtaí Gaeltachta á dhéanamh ar bhonn náisiúnta agus tá muid buíoch as acmhainní atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeltachta chun dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu.”

 

 

Nótaí Breise 

Tá sraith seimineár gréasáin, Ag Buanú Gnó i rith Géarchéime, á reáchtáil ag Údarás na Gaeltacht ar an 18/11/20, 02/12/20 agus 08/12/20 chun tacú go praiticiúil le gnóthaí dul i ngleic leis na dúshláin atá á gcruthú ag COVID-19 agus an Breatimeacht.

 

Beidh cainteoirí den scoth ag cur comhairle ar fáil maidir leis na bealaí chun

  • do ghnó a chothú, 18/11/20, 10am-11am
  • do ghnó a athnuachan, 02/12/20, 10am-11am
  • do ghnó a fhorbairt, 08/12/20, 10am-11am

 

Cláraigh anseo - https://bit.ly/2Iku1ei