Mol oibríochtaí straitéiseach le bunú ag Pangea Group i nGaeltacht Dhún na nGall

10 bpost nua le cruthú ag an ngrúpa sainchomhairleoirí teicneolaíochta domhanda, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta

9 Samhain, 2020

nóiméad léite

Pangea Image

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil an comhlacht sainchomhairleoireachta Eorpach, Pangea, ag bunú mol oibríochtaí do chúrsaí Airgeadais, Acmhainní Daonna agus Oibriúcháin i nGaeltacht Dhún na nGall, áit a gcruthóidh sé 10 bpost nua sna blianta beaga romhainn de réir mar a bhunaíonn an comhlacht a láithreacht in Éirinn.

Tá ceanncheathrú Pangea sa Ghinéiv agus tá oifigí aige ar fud na hEorpa, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe. Comhlacht mearfháis é a bhfuil sé mar mhúnla gnó aige comhpháirtíochtaí a chruthú le comhlachtaí teicneolaíochta chun borradh a chur faoina leathnú domhanda. Baineann Pangea úsáid as a thaithí fhorleathan ar chuid de na comhlachtaí teicneolaíochta is fearr ar domhan agus tá cáil ar a rath gnóthaí a fhás go hidirnáisiúnta. Tá Pangea ag obair faoi láthair le cuid de na comhlachtaí is suntasaí sa teicneolaíocht fiontair. Tá an cinneadh déanta ag Pangea an láithreacht straitéiseach seo a bhunú i nDún na nGall mar gheall ar an tallann oilte atá ar fáil sa réigiún agus an luach a fheiceann siad sa chomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta agus an pobal áitiúil.

Tá sé roghnaithe ag an gcomhlacht, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail, mol oibríochtaí a bhunú in gteic@Gaoth Dobhair, tar éis na dianghlasála COVID-19, agus tá tús curtha leis an earcaíocht cheana féin le seachtainí beaga anuas. Cruthófar na 10 bpost nua i nGaeltacht Dhún na nGall ar thaobh riaracháin an chomhlachta ar dtús, agus is uaidh seo a dhéanfar bainistiú ar a líonra domhanda sainchomhairleoirí gnó. Cuireann Pangea a chuid seirbhísí ar fáil do raon cliant, idir fhiontair mhóra agus comhlachtaí nuathionscanta ar fud na n-earnálacha Seirbhísí Airgeadais, Eolaíochtaí na Beatha agus earnálacha eile mearfháis.

 

Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.,

“Tá áthas orm go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag fógairt bhunú an mhoil nua oibríochtaí straitéiseacha do Pangea i nGaeltacht Dhún na nGall. Tréaslaím le Rita Boyle agus Marc Baumgartner in Pangea as ucht Éire agus Dún na nGall a roghnú mar ardán óna leanfaidh a gcomhlacht ar aghaidh leis an rath atá air agus d’fhostaíocht luachmhar a chur ar fáil.”

 

Chuir Príomhaoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Jack Chambers, T.D., fáilte roimh an bhfógra chomh maith agus dúirt

“Fógra suntasach é seo don cheantar Gaeltachta tuaithe seo agus tá súil agam go dtiocfaidh tuilleadh fáis agus fostaíochta ardchaighdeáin as don cheantar. Fiú ag an tréimhse neamhchinnte seo, is iontach an toradh a fheiceáil ar an gcomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail ó thaobh infheistíocht dhíreach eachtrach a fháil isteach go hÉirinn.”

 

Labhair Príomhoifigeach Oibriúcháin agus comhbhunaitheoir Pangea, Rita Boyle, faoin leathnú agus faoi fhógairt na 10 bpost nua:

“Tá muid an-tógtha ár n-oibríochtaí a leathnú go Gaeltacht Dhún na nGall agus is mian linn buíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail as ucht a dtacaíocht agus a gcúnamh seasta chun an deis seo a chruthú le haghaidh Pangea.  Feiceann muid na daoine oilte atá sa réigiún agus an cumas láithreacht fhadtéarmach, straitéiseach a chruthú i nDún na nGall mar dhifreálaí iomaíochta dúinn.  Tá muid ag obair le cuid de na comhlachtaí teicneolaíochta is nuálaí agus is sciobtha fáis ar domhan agus creideann muid go luífidh láíocht, gairmiúlacht agus an tallann ghinearálta go maith lenár gcuid cliant.”

 

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, an méid seo thar ceann an Bhoird:

“Is údar misnigh do Bhord Údarás na Gaeltachta a fheiceáil go bhfuil tionscadail nuálacha agus nua-aimseartha á mbunú i gceantair Ghaeltachta na hÉireann, áit a gcuirfidh lucht saothair deiseanna fáis agus leathnaithe ar fáil do chomhlachtaí a dteastaíonn sé uathu. Mar gheall ar na pobail uathúla teanga a shainíonn an Ghaeltacht, cuirtear cultúr nuálaíochta agus cruthaitheachta ar fáil ina bhféadann bláth agus fás teacht ar ghnóthaí le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Léiríonn cinneadh Pangea go bhfuil dáimh ag infheisteoirí eachtracha sa tairiscint teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeltacht, san fháil ar dhaoine oilte agus an chothromaíocht saoil agus oibre mhealltach. Tá tairiscint luacha Éireann agus ár dtimpeallacht shofhreagrúil agus sholúbtha fós slán, in ainneoin na ndúshlán a eascraíonn as paindéim COVID-19.”

 

Ar fhógairt na bpostanna do Mhícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, dúirt sé:

“Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta fáilte ‘abhaile’ a chur roimh na saineolaithe teicneolaíochta gnó domhanda Pangea go Gaeltacht Dhún na nGall agus tá muid ag súil le comhpháirtíocht bhuan a chruthú leis an gcomhlacht de réir mar a leathnaíonn agus a fhásann sé sna blianta atá le teacht. Tá an cumas i gceantair Ghaeltachta na hÉireann bunáit den scoth a chur ar fáil don uile chineál gnó óna bhféadann siad ceangal leis an domhan mór, agus ag an am céanna cothromaíocht oibre agus saoil den chéad scoth a chur ar fáil dá bhfostaithe. Tá ceangail cruthaithe ag ár líonra mol digiteach agus nuálaíochta gteic ar fud an domhain trí na comhlachtaí iontacha atá tar éis bunú agus athlonnú ann agus leanfaidh Údarás na Gaeltachta ar aghaidh ag tacú agus forbairt an éiceachórais dhigitigh seo atá ag fás go mór. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do chomhoibriú agus cúnamh na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail as ucht cuidiú le Pangea a mbaile nua in Éirinn a roghnú. Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le leanúint ar aghaidh le hobair as lámh a chéile leis an nGníomhaireacht Forbartha tionscail chun cuidiú Éire a bheith san iomaíocht go láidir le haghaidh infheistíocht isteach.