Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta 30 Deireadh Fómhair 2020

30 Deireadh Fómhair, 2020

nóiméad léite

Raiteas

Fáilte curtha ag Bord Údarás na Gaeltachta roimh mhéadú de €8.13m ar bhunmhaoiniú na heagraíochta i gCáinaisnéis 2021

Chuir Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, fáilte roimh an méadú suntasach a d’fhógair na hAirí Paschal Donohoe agus Michael McGrath ar bhunmhaoiniú buiséid Údarás na Gaeltachta i gCáinaisnéis 2021 ag tús na míosa. Thar ceann an Bhoird ghlac an Cathaoirleach buíochas leis na hAirí Catherine Martin agus Jack Chambers as ucht an mhéadaithe a thug leibhéal maoinithe caipitil na heagraíochta ar ais níos gaire go leibhéil 2010.

Dúirt sí gur aitheantas a bhí ann d’obair na foirne agus na hiarrachtaí a bhí déanta ag comhaltaí boird le blianta beaga anuas chun maoiniú an Údaráis a mhéadú, chun gur féidir dul i ngleic leis na dúshláin uilig a bhaineann le forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.

Dhearbhaigh sí go leanfaidh an tÚdarás ag géarú ar a gcuid oibre i bhfianaise na ndúshlán suntasacha atá paindéim COVID-19 agus an Breatimeacht ag cruthú do chomhlachtaí agus do phobail Ghaeltachta.

D’fhógair an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Jack Chambers., go raibh ardú de €8.132m ag teacht ar bhunmhaoiniú Údarás na Gaeltachta i gCáinaisnéis 2021.

Ardú de €4.454m a fógraíodh do bhuiséad caipitil na heagraíochta rud a chiallaíonn go mbeidh soláthar caipitil de €14.45m ar fáil don Údarás le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta agus chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta a bhfuil tionchar ag géarchéim COVID-19 orthu.  Fógraíodh go raibh ardú €2.978 milliún ag teacht ar bhuiséad reatha na heagraíochta chun tacú le cúrsaí pá agus pinsin agus go raibh soláthar méadaithe de €700,000 fógartha don Chiste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail do 2021.

Cuireadh fáilte freisin roimh an sciar den bhuiséad pleanála teanga de €5m a mbeidh fáil ag Údarás na Gaeltachta air chun tacú le feidhmiú pleananna teanga in sa 26 Limistéir Pleanála Teanga agus sa 3 Bhaile Seirbhísí Gaeltachta atá faoina chúram faoin bpróiseas.

Tacaíocht ceadaithe don Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus na Meáin Dhigiteacha

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta tacaíocht de €135,000 d’Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (ITPL) chun an cúrsa Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus na Meáin Dhigiteacha a reáchtáil i gcomhair le Nemeton Teo. agus Údarás na Gaeltachta sa Rinn i gCo. Phort Láirge.

In 2005 bunaíodh comhpháirtíocht idir ITPL agus Nemeton Teoranta, agus é mar aidhm acu deiseanna forbartha don cheantar Gaeltachta i gContae Phort Láirge a aithint. Mar thoradh ar an gcomhpháirtíocht sin agus le tacaíocht deontais ó Údarás na Gaeltachta forbraíodh agus fuarthas aitheantas acadúil do chúrsa Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse (Leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bhí dírithe ar na sainscileanna a bhí ag teastáil ó dhaoine a bhí ag dul le gnó an léirithe teilifíse.

Le cheithre bliana déag anuas d’fhreastail 148 mac léinn ar an gcúrsa seo agus tá dul chun cinn suntasach déanta ag na mic léinn sin in earnáil na teilifíse agus an chlosamhairc. D’éirigh le 90% do mhic léinn na bliana 2019/2020 post a fháil i dtionscail na teilifíse agus na meán digiteach mar stiúrthóirí, léiritheoirí agus eagarthóirí.

San iomlán beidh infheistíocht de thart ar €3 milliún déanta ag rannpháirtithe an chúrsa thar thréimhse cheithre bliana déag agus san áireamh ansin beidh os cionn €1.7 milliún déanta ag Údarás na Gaeltachta.

Tacaíocht do 30 post nua ceadaithe le hinfheistíocht de €2.4m i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí inniu (30/10/20) ina mbeidh 30 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €2.4m ag baint leo idir infheistíocht phríobháideach agus tacaíocht Stáit nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gContae na Gaillimhe a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu.