Comhairliúchán Poiblí ar Straitéis nua Údarás na Gaeltachta 2021-2025

29 Deireadh Fómhair, 2020

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag ullmhú Straitéis na heagraíochta don tréimhse 2021-2025 agus ba mhór againn bhur n-ionchur a fháil.  Beidh an Straitéis bunaithe ar na téamaí, Cumasú, Neartú, Inbhuanaitheacht. Díreoidh straitéis an Údaráis ar na mór spriocanna a mbeidh muid ag tabhairt aghaidh orthu sna cúig bliana seo amach romhainn. Tá nasc chuig an straitéis reatha anseo.

 

D’fháilteofaí go mór roimh thuairimí a bhaineann le forbairtí a thacódh le inmharthanacht na gceantar Gaeltachta mar phobail ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha iontu. Is féidir bhur moltaí a chur chugainn ar nó roimh 13 Samhain 2020 ar ríomhphost straiteis@udaras.ie nó i scríbhinn:

Straitéis 2021-2025

Údarás na Gaeltachta

Na Forbacha

Co. na Gaillimhe