Bia & Deoch na Gaeltachta – 40 bliain de scoth na dtáirgí á cheiliúradh ag EXPO Údarás na Gaeltachta

Blaiseadh le fáil de dhul chun cinn na dtáirgí Gaeltachta ag EXPO 2020

28 Deireadh Fómhair, 2020

nóiméad léite

Skelligs-Chocolate Factory

Tá cáil dhomhanda ar chaighdeán ard tháirgí Bia & Deoch na Gaeltachta agus déanfar feabhas na dtáirgí seo a cheiliúradh ar líne le linn an EXPO Bia & Deoch Gaeltachta 2020 mar chuid de chomóradh 40 bliain Údarás na Gaeltachta.

Thar thréimhse dhá lá, 27ú & 28ú Deireadh Fómhair 2020, cuirfear togha gach dí agus rogha gach bia Gaeltachta os comhair an domhain mhóir i léiriú nuálaíoch ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an earnáil Bia & Deoch sa Ghaeltacht le tacaíocht Údarás na Gaeltachta le 40 bliain anuas.

Beidh deis ann, ar mheáin shóisialta Údarás na Gaeltachta, casadh leis na déantóirí, taispeántais cócaireachta a bhlaiseadh, oidis den scoth a fháil, deis a fháil nasc a dhéanamh leis na comhlachtaí agus na táirgí a cheannach.

Tá táirgí bia agus deoch na Gaeltachta á ndíol in ollmhargaí, i siopaí beaga, ag margaí agus ar líne anseo sa mbaile agus níos faide i gcéin. Idir subh Fholláin as Múscraí, blas Salann Mara Acla i mBéal an Mhuirthead, Cáis Gabhair as Inis Mór, Árainn agus uisce beatha as Sliabh Liag i nGaeltacht Dhún na nGall – níl a sárú le fáil. Is léir ó na brandaí náisiúnta agus idirnáisiúnta atá cruthaithe agus forbartha ag táirgeoirí Bia agus Deoch Gaeltachta gur féidir barr feabhais a bhaint amach sa réimse seo sna ceantair Ghaeltachta. Ní hamháin go ndéanfaidh an Expo aird a tharraingt ar na brandaí láidre seo ach tabharfar deis do tháirgeoirí níos lú, atá ag tosú amach ar aistear, feabhas a dtáirgí a chur i láthair an phobail chomh maith.

Tá os cionn 1,750 duine nó suas le ceathrú de na poist a dtacaíonn Údarás na Gaeltachta leo ag obair in earnáil an bhia agus na dí. Is léir go bhfuil tionchar nach beag ag an earnáil ar an ngeilleagar Gaeltachta agus náisiúnta, áit a ndéantar díolachán d’os cionn €160m go bliantúil i gcúrsaí Bia agus Deoch agus suas le €76m á easpórtáil. Tá párolla de €30m i gceist san earnáil agus caiteachas de €108m. Infheistíocht shuntasach é seo ó chomhlachtaí atá dírithe ar fheabhas agus ar fhorbairt a chur orthu féin agus a dtáirgí go leanúnach.

Tabharfaidh an Expo Bia & Deoch 2020 ‘blaiseadh’ den dúthracht, tallann, obair mhór agus an dul chun cinn atá déanta ag táirgí Gaeltachta, táirgí a bhfuil an-tóir orthu agus a bhfuil gradaim buaite acu, anseo sa mbaile in Éirinn agus thar lear.

Tá an EXPO Bia & Deoch ina chuid de shraith imeachtaí atá ar siúl chun 40 bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta a cheiliúradh. Bunaithe sa mbliain 1980 is é Údarás na Gaeltachta an ghníomhaireacht réigiúnach freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta in Éirinn. Le dhá scór bliain anuas thacaigh Údarás na Gaeltachta go mór le tionscail an bhia agus na dí ag cuidiú le comhlachtaí beaga agus móra a gcuid earraí a dhéanamh agus margaíocht a dhéanamh orthu.

“Tá áthas orainn an deis a bheith againn fócas nuálach a chur ar ár gcliantchomhlachtaí in earnáil an bhia agus na dí atá ag soláthar táirgí den scoth ar fud an domhain le blianta fada. Cúis bróid dúinn na comhlachtaí a bhfuil brandaí idirnáisiúnta bia agus deoch forbartha acu anois agus chomh maith leis sin na comhlachtaí beaga a bhfuil muid ag tacú leo agus iad ag fás agus ag forbairt. Tá an-tábhacht ag baint leis an earnáil seo don Ghaeltacht agus beagnach an ceathrú cuid de na poist a dtacaíonn muid leo ag plé le cúrsaí bia agus deoch.

Le paindéim COVID-19 léiríodh an gá atá le hearraí dúchasacha de chuile chineál a cheiliúradh agus go háirithe le srianta dianghlasála tá níos mó béime ar chúrsaí bia agus deoch ná bhí riamh agus daoine ag déanamh a ndícheall tacú le táirgí Gaeltachta agus Éireannacha.

Tabharfaidh an EXPO Bia & Deoch Gaeltachta 2020 deis iontach don phobal i gcian agus i gcóngar aithne a chur ar tháirgí agus tháirgeoirí Bhia agus Deoch na Gaeltachta agus tabharfaidh sé deis dóibh blaiseadh a fháil den chaighdeán ard atá ar fáil uathu.”

Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Is ar líne a bheidh an Expo Bia & Deoch Gaeltachta 2020 ar siúl de bharr srianta COVID-19 ag cruthú deis iontach don phobal i gcoitinne ceangal go díreach leis na daoine a chuireann beatha agus deoch ar fáil do bhord bricfeasta, lóin agus dinnéir na tíre.

Is ar chuntais mheáin shóisialta Údarás na Gaeltachta a bheidh an Expo ar siúl, agus beidh suas le 40 comhlacht sa nGaeltacht i dtionscail an bhia agus na dí le feiceáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar thacaíocht Údarás na Gaeltachta don earnáil sin.

Comhlacht

Táirge

DÚN NA NGALL
Ainm
Arán Ard Teoranta Tá táirgí arán agus muifín saor ó ghlutan Uí Ghallachóir ar fáil ar fud na tíre ach tá siad ar an táirgeoir agus easpórtaí is mó d’arán in Éirinn.
Próiseáil (an Clochán Liath) Teo Cuireann Próiseáil (an Clochán Liath) Teo réimse ar fáil don bhranda John West ag úsáid an scadán is fearr san Atlantach Thuaidh agus cuireann siad a réimse féin de ronnach deataithe/deataithe le piobar/galaithe ar fáil i siopaí Supervalu
Kombucha Éireannach Teoranta Cuireann Kombucha Éireannach Teo sna Doirí Beaga an deoch blasta SynerChi Kombucha ar fáil atá orgánach, saor ó dhéirí, glutan agus soighe agus nach bhfuil ach 59 kCals in aghaidh an bhuidéil.
Bácús Uí Bhaoill Teo Cuireann Bácús Uí Bhaoill i mBaile na Finne milseogra bácáilte ar ardchaighdeán ar fáil, agus déantar trí scór acu sin a mhaisiú le lámh.
Cois Farraige Bakery Cuireann Bácús Chois Farraige earraí bácáilte le comhábhair den scoth ar fáil atá neamhghnách, ceapairí agus sailéid gourmet agus earraí bácáilte ceardaí ar fáil.  Tá na hearraí seo le fáil ón mbácús nó ar líne.
Quality Sea Veg Le lámh a bhaintear earraí farraige Quality Sea Veg ó uiscí glana amach ó chósta Dhún na nGall agus iad ag freastail ar an éileamh do na glasraí seo in Éirinn agus san Eoraip.
Meadowsweet Herb Garden & Lodge Is gnó teaghlaigh é Meadowsweet Herb Garden & Lodge i mBaile na Finne i nDún na nGall. Tá an-suim acu i bhfás, i mbaint agus ag meascadh cineálacha tae luibhe. Faoi láthair tá siad ag táirgeadh tae neantóga agus miontas seacláide.
Zero Bacon Cuireann comhlacht Zero Bacon réimse feola ar fáil gan níotráití, uisce breise ná craiceann. Sailltear an fheoil chun an blas is fearr a fháil agus i measc na dtáirgí a dhéantar ann i nGaeltacht Dhún na nGall tá Zero Bacon Brine Cure, Zero Bacon Dry Cure agus Zero Bacon Burgers.
Organic Salmon Company Déanann an branda Organic Salmon Company ionadaíocht thar ceann ghnó feirmeoireachta bradán orgánach Marine Harvest Ireland, atá ina chuid den ghrúpa níos mó Marine Harvest ASA.  Tá os cionn 270 duine fosaithe acu in Éirinn agus úsáideann siad os cionn 800 soláthraithe ar fud a gcuid ceantar ar fad rud a chuireann €15 milliún i dtreo an gheilleagair áitiúil.
Irish Premium Oysters Is i Leitir Mac an Bhaird i nDún a fhástar oisrí Irish Premium Oysters rud a chuireann go mór lena mblas uathúil.
Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR. cláraithe mar fhiontar charthanachta agus shóisialta, ag tacú le fostaíocht sa bpobal. Ní amháin go bhfuil an t-ionad aitheanta mar ionad inbhuanaithe ag cur táirgí nádúrtha áitiúla ar fáil ar fud iar-thuaisceart Dhún na nGall, tá traenáil anois ar fáil in éiceolaíocht, inbhuanaithe, geilleagar ciorclach agus ard cheannas bia.
Driogairí Shliabh Liag Is é Driogairí Shliabh Liag an chéad chomhlacht driogaireachta i nDún na nGall le 175 bliain agus óna mbaile nua in Ard an Rátha soláthraíonn siad fuisce Silkie & Dark Silkie, jin An Dúlamán Gin agus vodca Assaranca.
Bellaville Farm Cas leis na Táirgeoirí
Bhunaigh Isabella Rowatt Feirm Bellaville ceithre bliana ó shin agus tá an fheirm lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Ghort an Choirce.  Is gnó beag teaghlaigh é a bhíonn ag táirgeadh feoil ghabhair agus earraí eile as feoil ghabhair.
Drioglann Bhaoilleach Is é Drioglann Bhaoilleach an chéad drioglann ó ghrán go gloine sa gcontae le céad bliain anuas. Tá an drioglann lonnaithe i seanteach ceann tuí ag breathnú amach ar an Mhaoil Rua taobh amuigh de shráidbhaile Charraig Airt, Co. Dhún na nGall.
Kennedy Bacon Is comhlacht beag teaghlaigh é Kennedy Bacon a dhéanann bagún, róstaí agus gambúin.  An aidhm atá acu ná bagún ar chaighdeán ard a chur ar fáil do dhaoine ar phraghas réasúnta.
CIARRAÍ
Ainm
Drioglann Uisce Beatha Dhaingean Uí Chúis Teo. Is iomaí gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta atá buaite ag Drioglann Uisce Beatha Dhaingean Uí Chúis Teo a bunaíodh i ngeimhreadh na bliana 2012.   Tá an-tóir ar a gcuidí táirgí Dingle Gin (an jin is fearr ar domhan), Dingle Vodka agus Dingle Whiskey.
Seacláidí na Sceilge Teo. Seacláidí lámhdhéanta den scoth ar Mhórchuaird Chiarraí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is é Seacláidí na Sceilge an t-aon mhonarcha le láthair táirgthe oscailte áit a bhfeiceann daoine na blaisíní beaga deasa á ndéanamh.
Bácús Bhréanainn Bácús ceirde neamhspleách is ea Bácús Bhréanainn i nDaingean Uí Chúis áit a bhfuil Orla Gowan ina húinéir agus ina príomhbháicéir. Cuireann siad arán agus cístí de gach saghas ar fáil do shiopaí, bialanna agus caiféanna i nDaingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cill Airne.
Murphy’s Ice Cream Cinntíonn Murphy’s Ice Cream go n-úsáideann siad na comhábhair is fearr ina gcuid uachtar reoite, uachtar úr, uibheacha úra agus siúcra cána ag cur blastáin breá úr leo chun na táirgí áille seo a réiteach.
Dick Mack’s Brew House Limited Agus iad ag ól cúpla pionta sa gclúid Tigh Dick Mack in 2015, bhí an triúr cairde Aussie, Séamus agus Finn, garmhac Dick Mack, ag caint faoi na laethanta a caitheadh. Ba ghearr go rabhadar ag caint ar an am a mbítí ag déanamh beorach Tigh Dick Mack. Dhá bhliain ina dhiaidh, tar éis míonna ag déanamh taighde, ag pleanáil agus ag obair, a tháinig Grúdlann Dick Mack’s ar an bhfód. Beoir ata déanta le paisean an sprioc atá acu. Ní bhaintear úsáid as aon trealamh ach as trealamh Braukon, comhlacht speisialtóireachta as an nGearmáin.
Micilín Muc Bunaíodh Micilín Muc mar tháirgeoir ceardaí bia in 2015 i gCeardlann na Coille, Daingean Uí Chúis.  Is é Séamus Mac Gearailt a dhéanann na táirgí ar fad le lámh, fear é a bhfuil os cionn 30 bliain de thaithí búistéireachta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Tá an gnó ag dul ó neart go neart ó d’oscailt sé in 2015 agus tá a chuid táirgí tar éis gradaim óir, airgid agus cré-umha a bhuachan ag gradaim Blas na hÉireann. Is iomaí blas atá ar na chuid ispíní ó bhlas Mheicsiceo go Fíon Dearg, Peirsil agus Gairleog agus rogha saor ó ghlutan.
Dingle Sushi Bhunaigh Magdalena agus Marcin Kopec as an bPolainn ó dhúchas Dingle Sushi in 2014.  Cuireann an comhlacht bia na Seapáine le blas na hEorpa ar fáil dá gcuid custaiméirí ag úsáid iasc agus sliogéisc as Ciarraí le cabhair ó Údarás na Gaeltachta.
Bean In Dingle Roastery Is i mí Iúil 2018 a d’oscail Justin & Luke Burgess an chéad róstóir caife ar Leithinis Dhaingean Uí Chúis i Bean in Dingle, ag rósta caife speisialta le cur ar fáil ina siopaí féin i nDaingean Uí Chúis agus i gCill Airne agus á chur ar fáil ar fud na hÉireann agus thar lear.  Is é an cineál is mó tóir atá acu ná An Fear Marbh ainmnithe i ndiaidh sainchomhartha cáiliúil amach ó Leithinis Dhaingean Uí Chúis.
Dingle Cookery School Bhunaigh Mark Murphy agus Muireann Nic Giolla Ruaidh Scoil Chócaireachta an Daingin in 2014.  Ba Seaimpín Beatha Fháilte Éireann agus múinteoir Ealaíona Cócaireachta é Mark in IT Thrá Lí agus tá taithí na mblianta ag Muireann san earnáil fháilteachais agus 20 bliain caite aici ag bainistiú óstáin mór le rá na tíre agus í ina ball de Choiste Fhéile Bia Dhaingean Uí Chúis chomh maith.  Tá réimse breá gníomhaíochtaí ag an Scoil idir ranganna ar Bróinse an Domhnaigh, Coipeadh, Bia Mara den Scoth agus déanamh arán taos géar agus neart eile.
Mc Gills Brewery Is Iriseoir agus Léitheoir Nuachta le Radio Kerry é Joe McGill a bhunaigh Grúdlann McGill i gceantar Gaeltachta Mhuiríoch sa gCoireán in Uíbh Ráthach i nDeisceart Chiarraí.  Bhí Joe ag grúdaireacht sa mbaile ar feadh na mblianta agus fuair sé oiliúint maidir le do ghrúdlann féin a bhunú ón gcomhlacht grúdaireachta mór le rá Gearmánach Spiedal. Is é Grúdlann McGill an chéad mhicrea-ghrúdlann ar Leithinis Uíbh Ráthaigh.  Tá caighdeán an-ard ag an mbeoir a dhéanann McGill agus baineann gach ceann go smior le ceantar Dheisceart Chiarraí.  Léiríonn siad laochra, cultúr agus stair na háite.  Déanann an ghrúdlann bheag seo beoir le haire, ag cur barr feabhais ar stíleanna traidisiúnta na hÉireann trí chóras grúdaireachta nua-aimseartha.
CORCAIGH
Ainm
Folláin Teo. Ba iad Eithne Uí Shiadhail agus Máirín Uí Lionáird a bhunaigh an comhlacht Folláin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí sa bhliain 1983 ag baint úsáide as oideas marmaláide a théann siar céad bliain agus a tugadh don teaghlach thar trí ghlúin. Anois 30 bliain níos deireanaí tá 30 subh éagsúil acu agus níos mó ná 70 táirge Folláin, lena n-áirítear réimse suibhe agus anlainn saor ó shalann agus shiúcra.
Táirgí Cáise Buabhaill Maigh Chromtha Teo. Is i mí Dheireadh Fómhair 2009 a cheannaigh Johnny Lynch as Táirgí Cáise Buabhaill Maigh Chromtha Teo. 31 buabhall as an Iodáil, agus anois tá an t-aon tréad bainne dá leithéid aige in Éirinn.  Tá os cionn 200 ainmhí aige féin agus a bhean chéile Geraldine ar a bhfeirm i gCill na Martra, Co. Chorcaí anois, áit a bhfuil ag éirí go maith leis na buabhaill i dtimpeallacht na hÉireann.
Putóg Teo. Bhunaigh Jimmy agus Máire Allen De Róiste Foods i Márta na bliana 2012 ós rud é go raibh ag éirí thar cionn lena ngnó búistéara agus grósaera i mBaile Bhuirne i gCo. Chorcaí. Thosaigh siad ag déanamh putóg bhán agus dhubh in 2012 agus ní fearacht áiteanna eile a bhí ag úsáid fuil thirim (iompórtáilte) bhí muintir de Róiste á dhéanamh ar an mbealach traidisiúnta le fuil úr.
Fia Bán Teo. Bhunaigh Gordon Lucey agus Don O’Leary an ghrúdlann 9 Fia Bán agus tá an-suim acu beirt i mbeoir ar ardchaighdeán. Tá taithí fhairsing acu beirt i ngach gné den obair a bhaineann le déanamh beorach ón eorna a chur go dtí an eispéireas cuartaíochta a chur ar fáil.
Drioglann Chléire Teoranta Bhog Séamus Ó Drisceoil go Cléire agus é ina fhear óg, ag iarraidh tograí áitiúil a chur chun cinn agus a chur i gcrích go rathúil. Leis an meon sin bhunaigh sé Drioglann Inis Chléire chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil ar an oileán.  Thosaigh an drioglann ag déanamh jin don chéad uair i Samhain 2019.  Tá cáil ar a jin 3 SQ. MILES Gin (tagairt do mhórchríoch an oileáin) ar an stáitse domhanda, bhuaigh sé bonn óir ag na Bartender Spirits Awards i San Francisco, bonn airgid ag an London Spirits Competition agus bonn airgid ag an San Francisco International Spirits Awards.
PORT LÁIRGE
Meitheal Trá  na Rinne Teo. Bunaíodh Meitheal Trá na Rinne Teo. sa bhliain 1990 chun freastal ar thionscail na n-oisrí a bhí díreach ag forbairt i gCuan Dhún Garbhán ag an am.  Cuirtear foirgneamh, trealamh agus seirbhísí oifige, díolachán agus margaíochta ar fáil do tháirgeoirí oisrí áitiúla, agus bíonn thart ar 30 duine ag obair idir táirgeadh, margaíocht srl.
Harty Oysters Ritheann talamh mhuintir Harty Oysters síos chomh fada le Bá Dhún Garbhán. Tá sé ghlúin de mhuintir Harty ina gcónaí anseo ón mbliain 1835, ag feirmeoireacht ar bhealach inbhuanaithe (sula raibh sé i bhfaisean!).
MAIGH EO
Drioglann Loch Measc Teoranta Bunaigh Eoin Holmes & Dominic Hannigan Drioglann Loch Measc trí bliana ó shin, ar bhruacha Loch Measca, ag bun Sliabh Phartraí i gCo. Mhaigh Eo. Chaith an bheirt na blianta ag iarraidh fiontar drioglainne a bhunú san iarthar agus nó a tháinig siad ar shuíomh ar chúlbhóthar beag i gceantar Thuar Mhic Éadaigh, bhí áit don drioglann aimsithe acu.  Cruthaíonn Drioglann Loch Measc jin ceardaí, vodca agus is gearr go mbeidh siad ag déanamh fuisce chomh maith.
IrishAmerican Whiskey Supplies Ltd. Bhunaigh John McKay, atá ar shlí na fírinne, IrishAmerican Trading Company in 2015 chun oidhreacht shaibhir na hÉireann agus mianta Mheiriceá táirgí den scoth a sholáthar chun léiriú a thabhairt ar a raibh uaidh a gcuid custaiméirí sa saol.  Cinntíonn aeráid faoi leith Acaill go bhfuil na cúinsí is fearr ar fáil chun a gcuid fuisce a thabhairt chun inmhe i gceart.
Fíor Uisce Thuar Mhic Éide Teo Cuireann Fíor Uisce uisce airtéiseach scagtha ar fáil do bhialanna, óstáin agus siopaí bia sláinte ar fud na Éireann agus an domhain.  Tá foinse Fhíor Uisce i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo i gceantar iargúlta in iarthar na hÉireann, áit ársa a bhfuil traidisiún agus finscéalta ag baint léi, áit a bhfuil an-mheas ar uisce – foinse na beatha.  Cuirtear i mbuidéil é ag an bhfoinse, agus aithníonn brandaí mór le rá na hÉireann an fíor uisce, seo a bhfuil gradaim go leor buaite aige, mar uisce den scoth.
Salann Mara Acla Teo Is gnó teaghlaigh atá i Salann Mara Acla a bhuaigh Kieran agus Marjorie O’Malley in 2013.  Thug clár faisnéise ar shalann mara agus an seantraidisiún a bhí ar an oileán maidir le déantúsaíocht salann inspioráid dóibh dul ina bhun.  Sa nós sinsearach thosaigh an comhlacht ag déanamh salann mara sa gcistin sa mbaile.
Bia Fíor Ghlan Teo. Is í Christine McAndrew bunaitheoir Bia Fíor Ghlan Teo a dhéanann tae faoin mbranda Mariko.  Agus í i mbun gnó lónadóireachta a bhí ag cur lónta sláintiúla ar fáil do scoileanna ar feadh na mblianta, thug sí faoi deara go raibh sé deacair deochanna sláintiúla a fháil agus nach raibh mórán ar an margadh seachas uisce.  Bhí suim aici i gcónaí i gcúrsaí sláinte agus theastaigh dúshlán nua uaithi.  Mar thoradh air seo chuaigh sé i mbun taighde ar dheoch saor ó shiúcra agus lainseáil sí Mariko Sparkling Green Tea in 2014 tar éis go leor taighde agus forbartha.
GAILLIMH
Bia Mara Ó Flatharta Teo Tá an-tóir ar Sheabhdar Mhuintir Uí Fhlatharta as Cill Chiaráin, Carna, Conamara ar fud an réigiúin. Déanann John Joe Ó Flátharta agus a theaghlach an seabhdar seo as an mbia mara is úire san Atlantach, mias croíúil é atá an-bhlasta lán le píosaí bia mara breátha.
Seaspray Bhunaigh Seán Ó Gábháin agus Michael Muhr Oileán Mara Teo i gCeantar na nOileán, Conamara in 1986 le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Tá siad anois ar an gcomhlacht is mó in Éirinn a dhéanann easpórtáil ar bhradán deataithe ar an suíomh. Déanann siad freastal ar mhargaí san Eoraip, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, san Astráil agus sa tSín.
Gabriel O Fatharta Is é Gabriel Ó Fatharta atá i mbun Cáis Gabhair Árann a dhéanann táirgí éagsúla cáis gabhair óna mhonarcha cáise ar Inis Mór in Árainn.  Bíonn a chuid gabhair den chineál Nubian agus Saanen ar féarach ar thalamh eisceachtúil Árann áit a dtéann an aimsir go maith do luibheanna féaracha an oileáin.  Cuireann an féar seo blas álainn faoi leith ar an gcáis gabhair seo a dhéantar ar an oileán.
Mungo Murphy Tógadh feirm dobharshaothraithe chluas mhara i Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe in 20017 chun cluas mhara a fhás.  Bunaíodh an branda Mungo Murphy ina dhiaidh sin ag cur táirgí feamainne leis an bpunann acu agus ag forbairt turais bheatha ar an bhfeirm agus ar an gcósta.
Keith Loftus & Emmett Kerrigan Bhunaigh Emmett Kerrigan agus Keith Loftus All About Kombucha mar gur chreid siad go mór sa tionscadal a bhí acu.  Déanann siad tae súilíneach coipthe as comhábhar úr orgánach, deoch a chuireann go mór le saol sláintiúil.
Calendar Coffee Bhunaigh Zarah agus Dan Calendar Coffee, atá lonnaithe i mBearna, i mí na Samhna 2017 nuair a bheartaigh siad bogadh ar ais go Gaillimh, áit dhúchais Zarah chun a bhfís caife d’ardchaighdeán a fhíorú.  Leanann siad féilire bainte, an caife ag braith ar cén tír atá ag baint caife agus cén tráth den bhliain.
Bláth na Mara Bunaíodh Bláth na Mara in 2002 agus is gnó teaghlaigh é atá lonnaithe ar Árainn i gCuan na Gaillimhe.  Coinníonn Jenny agus David an traidisiún maidir le baint fheamainne beo, traidisiún a thug athair Jenny di, traidisiún a fuair seisean mar oidhreacht óna sheanmháthair roimhe.  Cruthaíonn siad táirgí nua chun beocht a chur sa mbeatha thraidisiúnta seo. Tá cladaigh Árann lán le blas agus téagar éagsúil.
Builín Blasta Teoranta Fíoraíodh aisling Heather Flaherty in 2015 nuair a ghlac sí úinéireacht ar a caifé féin. Ghlac sí ceannas ar an mBuilín Blasta sa Spidéal – dar léi, áit idéalach atá ann lena grá do bhia a roinnt. An mana atá aici i gcónaí ná an bia a bheith úr, a bheith folláin, agus a bheith blasta. Oibríonn sí go crua lena chinntiú go bhfuil chuile mhias, arán agus císte blasta agus go ndéantar freastal ar chuile chustaiméir le fáilte chuí chroíúil.
Connemara Organic Seaweed Company Is é an misean atá ag Connemara Organic Seaweed Company ná táirgí inmharthana lámhbhainte ceilpe agus feamainne a chur ar fáil mar bhia do dhaoine tríd fhorlíonta sláinte agus táirgí inite.
White Gables Tá cáil ar na White Gables ní amháin i nGaillimh ach ar fud na tíre agus an-tóir ag daoine ar an mbialann seo ó d’oscail siad i sráidbhaile Mhaigh Cuilinn in 1991.  Sa mbliain 2009 bhunaigh siad Enjoy from White Gables a chuireann earraí úr bácáilte agus cócaráilte ar fáil ó chistin White Gables chomh maith le hearraí ó tháirgeoirí ceardaithe na hÉireann.
Connemara Brewing Company Bhunaigh Áine O’Hora agus Francis O’Flaherty Connemara Brewing Company in 2018 agus díríonn an comhlacht ar líon beag beoracha ar chaighdeán ard a dhéanamh.