Fáilte mhór curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh mhéadú de €8.13m ar bhunmhaoiniú na heagraíochta i gCáinaisnéis 2021

14 Deireadh Fómhair, 2020

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra atá déanta ag an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe, ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, ag an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin agus ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Jack Chambers., go bhfuil ardú de €8.132m le cur ar bhunmhaoiniú Údarás na Gaeltachta do 2021.

Tá ardú de €4.454m fógartha do bhuiséad caipitil na heagraíochta rud a chiallaíonn go mbeidh soláthar caipitil de €14.45m ar fáil don Údarás le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta agus chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta a bhfuil tionchar ag géarchéim COVID-19 orthu. Fógraíodh go raibh ardú €2.978 milliún ag teacht ar bhuiséad reatha na heagraíochta chun tacú le cúrsaí pá agus pinsin rud a chiallaíonn go mbeadh buiséad reatha iomlán de €12.58m ag an eagraíocht do 2021. Lena chois sin tá soláthar méadaithe de €700,000 fógartha don Chiste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail rud a chiallaíonn go mbeidh buiséad iomlán de €4.75m do 2021 a rachaidh i dtreo buiséad maoinithe na gComharchumann agus na nEagras Forbartha Pobail.

Cuirtear fáilte freisin roimh an sciar den bhuiséad pleanála teanga de €5m a mbeidh fáil ag Údarás na Gaeltachta air chun tacú le feidhmiú pleananna teanga in sa 26 Limistéir Pleanála Teanga agus sa 3 Bhaile Seirbhísí Gaeltachta atá faoina chúram faoin bpróiseas.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta maidir leis an méadú ar an mbuiséad:

“Cuireann muid an-fháilte roimh an méadú atá fógartha i maoiniú bhunlíne na heagraíochta idir cistí caipitil, cistí reatha, cistí pobail agus cistí teanga an Údaráis.  Beidh dúshláin agus deacrachtaí suntasacha le sárú de bharr géarchéim COVID-19 ach cuideoidh an maoiniú breise seo le hÚdarás na Gaeltachta freastal ar phobal na Gaeltachta trí fhorbairt na fiontraíochta, fostaíocht reatha a bhuanú agus tionscnaimh chruthaithe fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú. Tá an méadú seo ar an mbonn maoinithe atá ar fáil don eagraíocht rí thábhachtach chun tacú le gnóthaí agus pobail Ghaeltachta teacht aniar a dhéanamh i bhfianaise na géarchéime. Tá measúnú déanta againn i gcomhair leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar an tionchar a bheidh ag COVID-19 agus an Bhreatimeacht ar chomhlachtaí Gaeltachta agus níl dabht ach go gcuideoidh an t-allúntas méadaithe seo linn tús láidir a chur le feidhmiú na straitéise nua 5 bhliana na heagraíochta chun tacú le comhlachtaí dúshláin reatha a shárú. Tá plean uaillmhianach á bheartú againn don Ghaeltacht a bhfuil inbhuanaitheacht na Gaeltachta, an Chultúir, na hEacnamaíochta agus na Teanga ina chroílár agus leanfaidh sé seo mar thosaíocht againn sa todhchaí.”