Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin Fógartha ag TG4 & Údarás na Gaeltachta don dara bliain

17 Lúnasa, 2020

nóiméad léite

Tá an Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin, fógartha ag TG4 agus ag Údarás na Gaeltachta don dara huair. An aidhm atá leis an scéim ná tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí léiriúcháin scileanna agus tallann fhoireann an chomhlachta léiriúcháin a fhorbairt, agus tallann nua a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt chun cinn sa tionscal.

Déanfaidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta araon infheistíocht shuntasach €160,000 sa scéim seo chomh maith le hionchur na hearnála neamhspleáiche ina mbeidh na deiseanna fostaíochta agus oiliúna ar fáil.  Beidh tacaíocht oiliúna ar fáil freisin i gcomhpháirt le Gréasán na Meán Skillnet, Galway Film Centre agus GMIT.

Tá dhá chuid i gceist sa tionscadal seo, Scéim Taithí Oibre, atá dírithe ar dhaoine atá ag tosú amach san earnáil agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil agus Scéim Sparánachta Uasoiliúna atá dírithe ar dhaoine atá ag saothrú sa tionscal cheana féin agus atá ag iarraidh cur lena gcuid oiliúna.

Faoin Scéim Taithí Oibre, cuirfear fáilte roimh iarratais ó Chomhlachtaí Léiriúcháin a bhfuil suim acu duine a fhostú ar feadh tréimhse bliana, i réimsí forbartha agus cruthaitheacha, nó scileanna ar leith ina bhfuil lucht saothair gann dar leis an gcomhlacht.   Cuirfear béim ar leith ar réimsí scileanna a bhaineann le forbairt smaointe, Léiritheoir Cruthaitheach nó Stiúrthóir Ábhar.  Iarrtar ar chomhlachtaí ainm an oiliúnaí a bheith mar chuid den iarratas. Mar aon leis an taithí oibre, cuirfear clár cuimsitheach oiliúna ar fáil faoi stiúir GMIT, Galway Film Centre agus Gréasán na Meán ina mbeidh creidiúint Leibhéal 8 le fáil i gCleachtas na Meán.

Maidir leis an Sparánacht Uasoiliúna, tá iarratais á lorg ó chomhlacht, nó ó dhuine aonair, atá ag obair sa tionscal cheana féin, ar thacaíocht chun freastal ar chúrsa sainscileanna nó ar ócáid foghlamtha sainspéise a chuideoidh leo a ngairm a fhorbairt.  Is é aidhm na sparánachtaí seo ná scileanna a fhorbairt agus saineolas ardleibhéil a spreagadh san earnáil agus tacú le léiritheoirí le h-idirnáisiúnú agus le forbairt a ngnó.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4:

"Tá an-áthas orm go bhfuil TG4 agus Údarás na Gaeltachta ag fógairt an dara bhliain den scéim seo.  D'éirigh go maith leis an gcéad bhliain de san earnáil agus tá daoine cumasacha, oilte tagtha chun cinn, a raibh toradh a gcuid oibre le feiceáil cheana féin ar scáileán.  Tá forbairt ar thallann agus ar an earnáil léiriúcháin neamhspleách lárnach i straitéis cúig bliana TG4, go háirithe i gceantair Ghaeltachta agus sna réigiúin." 

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Is cúis áthais dúinn go bhfuil an scéim faoi lán seoil arís don dara bliain, a bhuíochas sin don chomhpháirtíocht idir muid féin agus TG4.  Tá blianta fada caite ag an Údarás ag obair le tionscal na meán cruathaitheach digiteach agus is breá an rud é go bhfuil tóir ar an scéim nuálaíoch bhríomhar seo agus go bhfuil sruth tallainne agus scileanna nua san earnáil closamhairc agus meán digiteach Gaeilge in 2020 á fhorbairt.”

TG4 agus Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe spéise ó Chomhlachtaí Neamhspleácha Léiriúchán a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin.  Is féidir sonraí na scéime agus foirmeacha iarratais a fháil ag www.tg4.ie/oiliuint agus  www.udaras.ie

Blaiseadh den scéim ar fáil anseo: Youtube Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin