Gaeltacht Chiarraí Theas ag féachaint níos faide ná cuairteoirí intíre amháin

Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh chun margaíocht a dhéanamh le háitritheoirí nua a mhealladh!

22 Iúil, 2020

nóiméad léite

Tá Uíbh Ráthach i nGaeltacht Chiarraí Theas chun céimeanna uaillmhianacha a thógáil chun daoine a mhealladh chun cónaithe sa gceantar seachas a theacht ann ar feadh seala ar saoire.   Tá an tascfhórsa idirghníomhaireachta, a bunaíodh chun cabhrú leis an gceantar gleoite seo a athnuachan, anois ag iarraidh margaíocht a dhéanamh ar an gceantar mar áit chónaithe, oibre agus chun gnó a dhéanamh ann.

“Tiocfaidh fás agus forbairt ar an gceantar amach anseo de réir mar atá an plean á chur i bhfeidhm.  Cuirfidh an comhoibriú idir áisíneachtaí Stát agus an pobal borradh faoin bhforbairt sa cheantar rud atá soiléir le tacaíocht Chomhairle Contae Chiarraí don phlean gníomhaíochta seo.”

Dónal Ó Liatháin ó Údarás na Gaeltachta, Cathaoirleach Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh

Chuige sin, d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta cuireadh chun tairisceana le gairid d’eagraíochtaí margaíochta a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí cuí acu chun plean margaíochta agus cumarsáide saincheaptha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun daoine aonair agus teaghlaigh a spreagadh chun dul i mbun cónaithe i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i ndeisceart Chiarraí.

Is í aidhm na margaíochta seo ná go ndéanfaí teagmháil le daoine, teaghlaigh agus gnóthaí, go roinnfí eolas leo agus go ndéanfaí iad a spreagadh chun cur fúthu agus páirt ghníomhach a bheith acu sa bpobal beag bríomhar seo, comhthreomhar leis na haidhmeanna atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh 2019 – 2022.

Tá an tionscnamh misniúil seo ag tarlú le tacaíocht An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Comhairle Contae Chiarraí trí mhaoiniú a ceadaíodh faoin Scéim um Athnuachan Bailte agus Sráidbhailte 2019 le comhaoiniú Údarás na Gaeltachta.

Cé go bhfuil aghaidh tugtha ag Uíbh Ráthach ar iomaí dúshlán maidir le meath ar an daonra, le tacaíocht ó eagrais Stáit agus léinn, chomh maith le gnóthaí áitiúla agus an pobal féin, tá forbairt agus cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta cuimsitheach ag cur fuinneamh nua faoin gceantar.  Díríonn aidhmeanna an phlean ar ghníomhaíochtaí atá tiomnaithe ar fhorbairt a dhéanamh ar an gcaighdeán saoil atá le fáil ag daoine sa cheantar, chomh maith le deiseanna fostaíochta agus gnó a chur chun cinn go comhthreomhar.  Tá sé mar aidhm sonrach ag an Tascfhórsa go gcuirfear fáilte roimh 10 dteaghlach nua sa gceantar thar thréimhse trí bliana mar thoradh ar na hiarrachtaí móra straitéiseacha seo.

Dúirt Dónal Ó Liatháin ó Údarás na Gaeltachta, Cathaoirleach Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh:

“Is ceantar stairiúil agus álainn é ceantar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun dul i mbun cónaithe agus i mbun gnó ann agus táimid ag féachaint ar bhealaí nuálacha chun daoine a mhealladh chun cur fúthu sa cheantar.  Tiocfaidh fás agus forbairt ar an gceantar amach anseo de réir mar atá an plean á chur i bhfeidhm.  Cuirfidh an comhoibriú idir áisíneachtaí Stát agus an pobal borradh faoin bhforbairt sa cheantar rud atá soiléir le tacaíocht Chomhairle Contae Chiarraí don phlean gníomhaíochta seo.”