Os cionn €530,000 de thacaíocht curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do ghnóthaí Gaeltachta chun dul i ngleic le tionchar COVID-19

26 Meitheamh, 2020

nóiméad léite

New official Coronavirus name adopted by World Health Organisation is COVID-19. Inscription COVID-19 on blue background

Tá tacaíocht shuntasach d’os cionn leath mhilliún euro ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí Gaeltachta chun tacú leo a dhul i ngleic le tionchar na géarchéime COVID-19.  Ceadaíodh €532,500 de thacaíocht do 213 gnó Gaeltachta le roinnt seachtainí anuas ó fógraíodh na scéimeanna tacaíochta speisialta - an Scéim Trádála Ar Líne agus Dearbhán Leanúnachais Ghnó COVID-19.

Bhí an-éileamh ag gnóthaí beaga agus meánmhéide ar fud na Gaeltachta ar an dá scéim atá ag tacú leo a gcumas trádála ar líne a threisiú agus straitéisí forbartha gnó a chur le chéile don todhchaí.

Tá roinnt comhlachtaí Gaeltachta faoi bhrú ollmhór de bharr ghéarchéime COVID-19, le caillteanas post i gceist agus éiginnteacht maidir le céard atá amach rompu agus tá Údarás na Gaeltachta i dteagmháil dhíreach lena gcliantchomhlachtaí chun tacú leo agus lena gcuid foirne i rith na tréimhse seo.  Ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí agus Comhghleacaithe Stáit eile ar chur chuige comhtháite Stáit i leith COVID-19 tá Údarás na Gaeltachta tiomanta a chinntiú go bhfuil ár gcliaint agus fochuideachtaí faoi réir agus ar an eolas maidir leis an gcomhairle is déanaí agus na tacaíochtaí atá ar fáil.

"Tá an tacaíocht shuntasach seo atá ceadaithe ag feidhmeannas agus Bord Údarás na Gaeltachta tríd na scéimeanna tacaíochta seo ag tabhairt deis do ghnóthaí beaga ar fud na Gaeltachta a theacht slán ón ngéarchéim"

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh

Chinntigh na scéimeanna, an Scéim Trádála Ar Líne agus an Dearbhán Leanúnachais Ghnó, go raibh deis ag comhlachtaí dul i ngleic leis na deacrachtaí a chruthaigh an ghéarchéim agus iarracht a dhéanamh a theacht slán astu.

 

I nGaeltacht Thír Chonaill:

  • Ceadaíodh €187,500 do 75 gnó,
  • 38 iarratas ceadaithe faoin Scéim Trádála Ar Líne,
  • 37 Dearbhán Leanúnachais Ghnó ceadaithe,
  • Comhlachtaí sna hearnálacha Seirbhísí, Bia agus Deoch, Turasóireachta agus Déantúsaíochta is mó ar ceadaíodh tacaíocht dóibh.

 

I nGaeltachtaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí:

  • Ceadaíodh €215,000 do 86 gnó,
  • 30 iarratas ceadaithe faoin Scéim Trádála Ar Líne
  • 56 Dearbhán Leanúnachais Ghnó ceadaithe,
  • Comhlachtaí sna hearnálacha Turasóireachta, Seirbhísí agus Bia agus Deoch is mó ar ceadaíodh tacaíocht dóibh.

 

I nGaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge:

  • Ceadaíodh €130,000 do 52 gnó,
  • 28 iarratas ceadaithe faoin Scéim Trádála Ar Líne,
  • 24 Dearbhán Leanúnachais Ghnó ceadaithe,
  • Comhlachtaí sna hearnálacha Turasóireachta, Bia agus Deoch agus Déantúsaíochta is mó ar ceadaíodh tacaíocht dóibh.

 

D’fhógair An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhair leis An Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta agus Údarás na Gaeltachta ciste de €600,000 le déanaí chun leanúint le feidhmiú na Scéime Trádála Ar Líne sa nGaeltacht.  Is infheistíocht shuntasach í seo arís i gcomhlachtaí Gaeltachta agus léirigh an tréimhse chorrach seo le cúpla mí anuas an tábhacht atá le cumas trádála ar líne. Tá comhlachtaí ag tapú an deis a ngnó a thabhairt ar líne nó fás a chur ar an mhéid díolacháin atá á dhéanamh ar líne acu agus i bhfianaise na srianta atá scaradh sóisialta ag cur ar ghnóthaí faoi láthair beidh deiseanna suntasacha le fáil ag comhlachtaí ar líne sa todhchaí.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh: “Is tréimhse thar a bheith dáiríre agus dúshlánach í seo do chomhlachtaí Gaeltachta go háirithe le deacrachtaí móra maidir le sreabhadh airgid, infheistíocht agus trádáil.  Tá muid ag obair chun tacú lenár gcuid cliaint ag an am seo, an chomhairle cheart a chur orthu agus an chúnamh airgid a theastaíonn uathu a chur ar fáil.  Tá an tacaíocht shuntasach seo atá ceadaithe ag feidhmeannas agus Bord Údarás na Gaeltachta tríd na scéimeanna tacaíochta seo ag tabhairt deis do ghnóthaí beaga ar fud na Gaeltachta a theacht slán ón ngéarchéim agus margaí agus deiseanna nua a aimsiú dá dtáirgí nuálacha.”