Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú €600,000 chun tacú le gnóthaí Gaeltachta trádáil ar líne

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú €600,000 chun tacú le gnóthaí Gaeltachta trádáil ar líne

8 Meitheamh, 2020

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra an Aire Heather Humhpreys, T.D., an Aire Richard Bruton, T.D. agus an tAire Stáit Seán Kyne, maidir le ciste €600,000 a bheidh á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint le feidhmiú na Scéime Trádála Ar Líne sa Ghaeltacht.

 

Cuideoidh an ciste le hÚdarás na Gaeltachta cabhrú le gnóthaí Gaeltachta feabhas a chur ar a gcumas trádáil ar líne. Is i gcomhpháirtíocht idir An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta agus Údarás na Gaeltachta a bheidh cómhaoiniú á dhéanamh ar an gciste.

Faoin Scéim Trádála Ar Líne íoctar uasmhéid deontais suas le €2,500 nó 90% den chaiteachas incháilithe, gan CBL san áireamh, cibé acu is lú, le gnóthaí incháilithe chun a gcumas trádála ‘ar líne’ a fhorbairt agus a threisiú. D’fhonn líon na ngnóthaí Gaeltachta atá ag trádáil ar líne a mhéadú a bhunaigh Údarás na Gaeltachta an scéim ar mhacasamhail scéimeanna náisiúnta in 2017.

 

Sa bhreis ar an ngnáth-éileamh atá ar an tacaíocht seo, aithnítear de bharr na staide eisceachtúla atá ann faoi láthair mar gheall ar COVID-19, go bhféadfadh gnóthaí a bheith faoi bhrú agus go bhfuil sé riachtanach dóibh a gcuid gnó a dhéanamh ar líne. Tá sé suntasach chomh maith nach bhfuil an scéim teoranta do ghnáthchliaint Údarás na Gaeltachta amháin agus go bhfuil deis ag comhlachtaí eile incháilithe atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht iarratas a dhéanamh ar an tacaíocht.

 

Tá tacaíocht luachmhar tugtha ag an scéim seo do ghnóthaí beaga agus móra le trí bliana anuas chun cur lena gcumas margaí nua a aimsiú agus líon níos mó seirbhísí agus táirgí a dhíol ‘ar-líne’ agus, mar thoradh air seo, tacú le buanú agus forbairt na bunsraithe fostaíochta.

“Cuireann muid fáilte chroíúil roimh fhógra na nAirí Humphreys, Bruton agus Kyne go bhfuil ciste suntasach ar fáil anois chun tacú le comhlachtaí a theacht slán ó na dúshláin atá cruthaithe ag an ngéarchéim reatha. Tá muid fíor shásta a bheith ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil agus an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí cuí ar fáil do ghnóthaí Gaeltachta i rith na paindéime seo.

Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta,