Clár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta le forbairt

6 Aibreán, 2020

nóiméad léite

Tá Clár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta bunaithe ag Údarás na Gaeltachta chun freastal ar líonra eagras forbartha pobail na Gaeltachta agus tacú leo cur leis na féidearthachtaí chun an fhiontraíocht shóisialta sa nGaeltacht a fhás.

Clár oiliúna agus meantóireachta sa bhFiontraíocht Shóisialta atá sa gClár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta (CFS-G) a dhéanfaidh freastal ar líonra eagras forbartha pobail na Gaeltachta. Beidh an clár saincheaptha agus solúbtha agus féachfaidh sé le scileanna forbartha gnó a mhéadú, iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna nua trádála, líonraí a thógáil agus iniúchadh a dhéanamh ar réimsí féideartha fáis na fiontraíochta sóisialta in 2020.

"I bhfianaise an bhrú ollmhór atá ar phobail agus ar eagrais forbartha pobail faoi láthair, tá sé tábhachtach go mbreathnódh muid chun cinn le dóchas agus réiteach d’aimsir a bheidh níos dearfaí agus a mbeidh an Ghaeltacht ábalta tairbhe a bhaint as forbairt na Fiontraíochta Sóisialta ach go háirithe."

Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta

Tá painéal saineolaithe á chur le chéile ag Údarás na Gaeltachta chun feidhm a thabhairt don Chlár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta agus a mbeidh sé de chumas orthu oiliúint agus meantóireacht a chur ar fáil d’eagrais forbartha pobail rannpháirteacha chun Clár Fiontraíochta Sóisialta Gaeltachta a fhorbairt.

Tá Údarás na Gaeltachta ag cur fáilte anois roimh iarratais d’oiliúnóirí agus do mheantóirí a bhfuil taithí acu agus ar mhaith leo spéis a léiriú sa bpainéal agus a gcuid scileanna agus a dtaithí a úsáid chun tacú le fiontair agus eagrais forbartha pobail sa nGaeltacht.

Deir Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta “I bhfianaise an bhrú ollmhór atá ar phobail agus ar eagrais forbartha pobail faoi láthair, tá sé tábhachtach go mbreathnódh muid chun cinn le dóchas agus réiteach d’aimsir a bheidh níos dearfaí agus a mbeidh an Ghaeltacht ábalta tairbhe a bhaint as forbairt na Fiontraíochta Sóisialta ach go háirithe. Is anois atá luach an ghréasáin fhorbartha pobail le feiceáil againn agus cuirfidh an clár seo go mór leis na scileanna agus na deiseanna a bheidh ann do phobail chun tairbhe a bhaint as an bhFiontraíocht Shóisialta. D’fhéadfadh deiseanna a bheith anseo freisin d’oiliúnóirí agus meantóirí, a bhfuil an saineolas cuí acu, agus atá faoi bhrú ag an ngéarchéim faoi láthair.”

Is é an 07 Aibreán 2020 an sprioc maidir le léirithe spéise agus is féidir tuilleadh eolais maidir leis an gclár seo a fháil ó Aonad Forbartha Pobail an Údaráis nó ar láithreán gréasáin na heagraíochta.