Ráiteas ó Chruinniú Boird Údarás na Gaeltachta

4 Aibreán, 2020

nóiméad léite

Cruinniú Stairiúil de Bhord Údarás na Gaeltachta

Reáchtáladh cruinniú stairiúil de Bhord Údarás na Gaeltachta inné ó tharla, don chéad uair i stair 40 bliain na heagraíochta, gur ar líne a reáchtáladh Cruinniú Boird an lae inné (03/04/20). De bharr na géarchéime COVID-19 agus na srianta a bhaineann leis ó thaobh taistil agus scaradh sóisialta déanadh socruithe eisceachtúla, i gcomhaontú leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, chun Cruinniú Boird an Údaráis a thionól ar líne rud a cheadaigh don Bhord feidhmiú mar is gnáth agus tograí, infheistíochtaí agus scéimeanna éagsúla a cheadú.

Tacaíochtaí Éigeandála Gnó breise COVID-19 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta

Tacaíocht do 24 post nua ceadaithe le hinfheistíocht de €800,000 i gcomhlachtaí Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta líon tograí ina mbeidh 24 post nua lánaimseartha á gcruthú iontu agus infheistíocht os cionn €800,000 ag baint leo nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gcontaetha Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Ciarraí is mó a bhain na tograí a bhfuil fostaíocht nua le cruthú iontu.

Ráiteas Bord Údarás na Gaeltachta maidir le géarchéim COVID-19

Le dhá scór bliain anuas tá dúshláin agus constaicí de chuile chineál curtha de ag Údarás na Gaeltachta agus an eagraíocht ag féachaint le ceantair ársa Ghaeltachta na tíre a fhorbairt agus a threisiú. Tá sé tráthúil mar sin i mbliain seo chomóradh 40 bliain na heagraíochta go bhfuil ceann de na dúshláin is mó a thiocfadh chun na Gaeltachta riamh buailte orainn.

Ach má tá aon cheo léirithe ag an stair dúinn is é ná gur i rith na ngéarchéimeanna is measa, is doimhne agus is cruaichte a thagann na héachtaí agus na gníomhartha is iontaí chun cinn. Is ag tráthanna mar seo a léirítear spiorad dochloíte na Gaeltachta, nuálaíocht dochreidte a comhlachtaí, bíodh siad mór nó beag, agus luach dosháraithe a pobail.

Le cúpla seachtain tá scéimeanna tacaíochta eisithe chomh maith le Leabhrán Eolais agus Tacaíochta chun cabhrú le gnóthaí agus pobail Ghaeltachta le linn na tréimhse éiginnte seo.

Is maith a thuigeann Bord Údarás na Gaeltachta an brú ollmhór atá ar an nGaeltacht i láthair na huaire agus na híobairtí pearsanta atá á ndéanamh ag pobail Ghaeltachta fud fad na tíre.

Tá Bord an Údaráis, mar atá foireann agus feidhmeannas na heagraíochta, tiomanta do gach iarracht agus gach tacaíocht gur féidir a chur ar fáil do gach gné den Ghaeltacht i rith na géarchéime seo.

Beidh tionchar mór ag an ngéarchéim seo ar chuile chuid de shaol na Gaeltachta agus na tíre ach ar scáth a chéile, tiocfaidh muid as, agus déanfaidh Údarás na Gaeltachta a dhícheall an tionchar seo a mhaolú chomh maith agus is féidir.

Tá raon an víris gan choinne seo feicthe ag muintir na Gaeltachta agus na tíre le cúpla seachtain anuas ach tá spiorad pobail dochloíte feicthe chomh maith, spiorad na meithle, idir coistí pobail, cumainn CLG agus eagrais forbartha pobail na Gaeltachta ag teacht le chéile chun cabhrú le daoine leochaileacha agus pobail. Tá ardmholadh tuillte acu ar fad – is in am an ghátair a bhraitear an chabhair.

Is ag tréimhsí mar seo agus lagtrá eacnamaíochta ar na bacáin a thagann smaointe nuálacha chun cinn freisin agus is léir sin anois in am na cinniúna. Tá scoth na gcomhlachtaí Gaeltachta atá fós ag feidhmiú i gcroílár na héigeandála ag soláthar feistis, fearais, seirbhísí agus ábhair don earnáil leighis ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain. Tá comhlachtaí Gaeltachta eile ag déanamh athearraíochta ar a gcuid táirgí ar mhaithe leis an bpobal agus an tseirbhís sláinte ag soláthar díghalrán láimhe, fearais innealtóireachta agus éadach mar shampla. Tá scoth na dtáirgí Gaeltachta fós riachtanach i slabhraí soláthair an domhain agus idir chomhlachtaí móra agus beaga ag sracadh leo ag trádáil ar líne agus ár dtacaíocht tuillte acu.

Déanfaidh Údarás na Gaeltachta oiread tacaíochta agus is féidir a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Le cúpla seachtain tá scéimeanna tacaíochta eisithe chomh maith le Leabhrán Eolais agus Tacaíochta chun cabhrú le gnóthaí agus pobail Ghaeltachta le linn na tréimhse éiginnte seo.  Tá foireann an Údaráis ar fáil, mar a bhí riamh, chun gach cúnamh a chur ar fáil agus cé go bhfuil na hoifigí dúnta, tá lánúsáid á bhaint as an teicneolaíocht chun a chinntiú go bhfuil seirbhísí na heagraíochta, fiú ag leibhéal Boird, fós ar fáil.

Tá Údarás na Gaeltachta agus Bord Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mar chuid d’fhreagra comhtháite an Rialtais i leith na géarchéime seo agus leanfar leis na hiarrachtaí sin le dúthracht sna seachtainí seo romhainn.  Táimid ag obair go dlúth leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Ranna Rialtais agus áisíneachtaí Stáit eile chun éifeachtaí sonracha na géarchéime ar an nGaeltachta a mhaolú.

Tréaslaíonn Bord Údarás na Gaeltachta a sár-iarracht le pobail, eagrais agus gnóthaí uile na Gaeltachta atá ar a míle dícheall ag féachaint le tionchar na géarchéime seo, nach raibh súil ar bith léí, a mhaolú chomh maith agus is féidir. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Is mór is fiú na híobairtí seo anois sa gcaoi is go mbeidh muid ar fad i dteannta a chéile arís.

Is as gníomh réabhlóideach pobail a d’eascair Údarás na Gaeltachta os cionn ceathracha bliain ó shin agus teastóidh a mhacasamhail de ghníomhartha spreagúla pobail agus Stáit nuair atá an ghéarchéim seo curtha dínn againn. Is as lámh a chéile a dhéanfar an Ghaeltacht a chur ar ais ar a cosa arís chun gur féidir ‘dúiseacht le dúthracht ag breacadh an lae’ úir a thiocfaidh go cinnte.

Tacaíochtaí Éigeandála Gnó breise COVID-19 ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta cistí breise tacaíochta gnó COVID-19 de €135,000 inné (03/04/20) chun cabhair phraiticiúil a thabhairt do ghnóthaí Gaeltachta atá faoi bhrú i rith na géarchéime COVID-19.

Feidhmeoidh an dá scéim tacaíochta ‘Dearbhán Leanúnachais Ghnó’ agus ‘Scéim Trádála Ar Líne’ comhthreomhar leis na tacaíochtaí eile COVID-19 atá á dtairiscint faoi láthair:

Fóirdheontais Pá Sealadach (70%); Íocaíocht Éigeandála Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19; Tacaíocht do lucht Féinfhostaithe, Íocaíocht Tinnis COVID-19, Scéim Bí Réidh, Gníomhaigh ar Thionscnaíocht, Scéim Mheantóireachta, Scéim Airgead i bhFócas.

 

Dearbhán Leanúnachais Ghnó

Beidh Dearbhán Leanúnachais Ghnó, d’uasmhéid €2,500, ar fáil do thrádálaithe aonair agus do ghnóthaí i ngach earnáil a bhfuil suas le 50 duine fostaithe iontu ionas go mbeidh na gnóthaí sin in ann leas a bhaint as comhairleoireacht tríú páirtí chun straitéis ghearrthréimhseach agus fhadthréimhseach a fhorbairt le déileáil le tionchar Covid-19.

Tá sé riachtanach go ndéanfaidh líon ollmhór gnóthaí beaga na cinntí cearta ag an am cinniúnach seo má tá siad chun teacht slán. Leis an dearbhán seo beidh fáil ag gnóthaí, a dhéanann iarratas rathúil, ar chomhairle ó thaobh phleanáil teagmhais a chuideoidh leo leanúint ar aghaidh ag trádáil le linn na géarchéime seo agus a bheith réidh don chéim téarnaimh, nuair a thagann sé.  Cuideoidh sé chomh maith le gnóthaí cás gnó a ullmhú ionas go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú éigeandála idirghabhála trí na bainc.

Beidh an Dearbhán Leanúnachais Ghnó in ann cabhrú le gnóthaí i réimsí éagsúla, ag brath ar riachtanais gach gnó, ach beidh bearta tábhachtacha san áireamh cosúil le cás gnó a ullmhú chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú éigeandála, plean leanúnachais gnó a fhorbairt, costais athraitheacha a laghdú, athbhreithniú a dhéanamh ar roghanna maoinithe don slabhra soláthair,  iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí cianoibrithe agus nósanna imeachta agus próisis cianoibrithe a chur i bhfeidhm agus an méid saineolais gur féidir a bhaint as AD agus TFC.

Eiseofar foirm iarratais na scéime sna laethanta seo romhainn.

Scéim Trádála Ar Líne

Faoin Scéim Trádála Ar Líne íoctar uasmhéid deontais suas le €2,500 nó 50% den chaiteachas incháilithe, gan CBL san áireamh, cibé acu is lú, le gnóthaí incháilithe chun a gcumas trádála ‘ar líne’ a fhorbairt agus a threisiú. D’fhonn líon na ngnóthaí Gaeltachta atá ag trádáil ar líne a mhéadú a bhunaigh Údarás na Gaeltachta an scéim ar mhacasamhail scéimeanna náisiúnta in 2017. Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta ciste nua de €60,000 ag a gcruinniú inné (03/04/20) chun leanúint leis an scéim agus freastal ar an éileamh atá ann dó. Sa bhreis ar an ngnáth-éileamh atá ar an tacaíocht seo, aithnítear de bharr na staide eisceachtúla atá ann faoi láthair mar gheall ar COVID-19, go bhféadfadh gnóthaí a bheith faoi bhrú agus go bhfuil cuid acu ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh ar líne.

Tá tacaíocht luachmhar tugtha ag an scéim seo do ghnóthaí móra agus beaga le trí bliana anuas chun cur lena gcumas margaí nua a aimsiú agus líon níos mó seirbhísí agus táirgí a dhíol ‘ar-líne’ agus, mar thoradh air seo, tacú le buanú agus forbairt na bunsraithe fostaíochta.

Foilseofar critéir incháilithe na scéime chomh maith le foirmeacha iarratais sna laethanta seo romhainn.

Mol Digiteach gteic le forbairt ar an gClochán Liath i nDún na nGall

Mar chuid d’fhás an ghréasáin gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, aontaíodh ag cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta inné (03/04/20) go ndéanfaidh mol digiteach gteic a fhorbairt sa spás folamh ar an gcéad urlár d’fhoirgneamh Chomharchumann Chumann Talmhaíochta Theampall Chróine ar an bPríomhshráid ar an gClochán Liath nó The Cope mar is fearr aithne air, lena chur in oiriúint d’fhorbairt gteic@An Clochán Liath.

Táthar ag súil an spás tarraingteach lárnach seo de suas le 264 méadar cearnach á fhorbairt ina mhol digiteach ar ardchaighdeán a mbeidh 5 spás oifige agus 24 deasc shealaíochta/chomhroinnte ar fáil ann. Beidh úsáideoirí gteic@An Clochán Liath in ann tairbhe a bhaint as na háiseanna atá ar fáil sa bhfoirgneamh cheana féin cosúil le seomra cruinnithe agus caifé ó tharla é a bheith á fhorbairt os cionn an ollmhargaidh, siopa éadaí, caifé agus sreang mionshiopaí eile atá ann faoi láthair.

Líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteach le ceangal ardluais leathanbhanda é gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta arna fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta. Cuirfidh na moil dhigiteacha gteic líonra bríomhar d’áiseanna leathanbhanda ardluais ar fáil i gceantair tuaithe Ghaeltachta chun cruthú post a chothú, cabhrú le cianobair, filleadh Dhiaspóra na Gaeltachta a spreagadh agus a chumasú, forbairt coincheapanna agus gnó nua a éascú, agus chun pobal de mhoil a fhorbairt, áit ina gcothaíonn cultúr uathúil na Gaeltachta an chruthaitheacht agus an nuálaíocht.