Fáilte roimh maoiniú de €2.7m ceadaithe do Choláiste Íosagáin

8 Eanáir, 2020

nóiméad léite

Coláiste Íosagáin

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh mhaoiniú de €2.7M do Mhol Forbartha Réigiúnach ag Coláiste Íosagáin, Baile Bhuirne

 

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Gnó, Fiontraíochta agus Nuálaíochta, Heather Humphreys, TD, agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, inniu (8/1/19) go bhfuil maoiniú de €2.7m ceadaithe do Sheirbhísí Forbartha Gnó (DAC), cuideachta gníomhaíochta ainmnithe (DAC) ionchorpraithe ag Údarás na Gaeltachta chun Mol Forbartha Réigiúnach a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú ar shuíomh stairiúil Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí chun tacú le cruthú fiontraíochta.

 

Cruthóidh an Mol Forbartha Réigiúnach deiseanna fostaíochta bhreise agus déanfaidh an bonn fiontraíochta a leathnú agus a láidriú go háitiúil. Táthar ag tabhairt faoin dtogra mar thogra comhpháirtíochta le geallshealbhóirí réigiúnacha a fheidhmíonn mar chomhpháirtithe togra le hÚdarás na Gaeltachta ar nós Comhairle Chontae Chorcaí, UCC, CIT, BOO Chorcaí, Scileanna Réigiúnacha Thoir Theas, Gréasán Gnó Skillnet Thoir Theas agus Fiontraíocht Éireann.

“Tá áthas orm maoiniú Rialtais de €2.7m a dhearbhú a thabharfaidh borradh nua don seod stairiúil seo atá díomhaoin le tríocha bliain"

Michael Creed, TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara

Tá an maoiniú ceadaithe faoin gCiste um Forbairt Fiontraíochta Réigiúnaí atá á sheachadadh trí Fhiontraíocht Éireann agus cuirfidh Údarás na Gaeltachta maoiniú de €1m ar fáil don togra chomh maith.

 

Forbróidh Údarás na Gaeltachta 1,835 m crn de spás fiontraíochta solúbtha, a bheidh ceangailte le snáithín optaice, mar chuid de gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta, agus beidh Oifig Réigiúnach Údarás na Gaeltachta lonnaithe ar an láthair céanna freisin. Beidh tacaíochtaí oiliúna agus forbartha gnó speisialtóra ar fáil ón ionad a mbeidh sé de sprioc aige tacú le cruthú 200 post sna blianta atá le teacht.

 

Tacóidh an togra le cruthú dhá phost bainistíochta, Bainisteoir Forbartha Gnó agus Bainisteoir Oiliúna Fiontraíochta a earcófar an bhliain seo chugainn de réir mar a théann an togra chun cinn. De réir cead pleanála a bheith ceadaithe, tá súil ag Údarás na Gaeltachta an togra a bheith curtha chun tairisceana agus tosaithe i rith an tsamhraidh agus críochnaithe roimh dheireadh 2021.

 

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, “Tá áthas orm maoiniú Rialtais de €2.7m a dhearbhú a thabharfaidh borradh nua don seod stairiúil seo atá díomhaoin le tríocha bliain. Tá mé sásta togra a fheiceáil faoi dheireadh a thabharfaidh todhchaí inmharthana do Choláiste Íosagáin. Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí stáit ar fad atá ag obair ar an togra seo, go háirithe Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann.”

 

Dúirt Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne, TD “Tá áthas orm fáilte a chur roimh an maoiniú seo d’Údarás na Gaeltachta agus do réigiún Gaeltachta Mhúscraí chun tacú tuilleadh le forbairt na fiontraíochta agus an gréasán digiteach gteic, atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta agus a mbeidh tionchar dearfach fadtéarmach aige ar cheantair Ghaeltachta agus na pobail sna ceantair sin.”

 

Ag cur fáilte roimh an mhaoinithe dúirt, Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Is scéal suntasach é seo ní amháin don ghnó i nGaeltacht Mhúscraí ach don gceantar máguaird chomh maith. Cuireann muid fáilte mhór roimh an maoiniú de €2.7m chun mol forbartha gnó agus mol digiteach gteic a fhorbairt ar an suíomh stairiúil seo. Cuirfidh an togra seo deiseanna forbartha suntasacha ar fáil do ghnóthaí nuálacha sa gceantar agus beidh deiseanna ar fáil do chomhlachtaí atá ag tosú, micreafhiontair agus HPSUanna. Tá áthas orainn a bheith ag oibriú i gcomhpháirt le Comhairle Contae Chorcaí, Fiontraíocht Éireann, UCC, CIT agus rannpháirtithe eile ar an togra seo ag áireamh ár gcliantchomhlachtaí féin i nGaeltacht Mhúscraí a thacaigh leis an togra agus é á fhorbairt.”

 

Ag tagairt don bhfógra dúirt Martin Corkery, Stiúrthóir Réigiúnach an Deiscirt agus Oirdheiscirt, Fiontraíocht Éireann “Tá an Ciste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí (REDF) mar phríomh mheicníocht chun tacú le forbairt réigiúnach mheáite agus éiceachóras éifeachtach fiontraíochta. Cuireann sé leis an gcomhoibriú idir comhlachtaí agus geallshealbhóirí sa réigiún. Déanfaidh an infheistíocht seo de €2.7m atá ceadaithe ag Fiontraíocht Éireann faoin REDF do Sheirbhísí Forbartha Gnó, i gcomhair le huasghrádú beartaithe an N22, forbairt fiontraíochta agus cruthú post a ghríosadh sa gceantar. Tá todhchaí mhór i ndán don bhfoirgneamh stairiúil seo agus tá moladh tuilte ag foireann áitiúil Údarás na Gaeltachta le tacaíocht Chomhairle Contae Chorcaí as a bhfís agus a dtiomantas don togra.”