Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú €1.87M ón gciste RRDF do thogra suntasach turasóireachta i nGaeltacht Mhaigh Eo

6 Samhain, 2019

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhógra an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring T.D. inniu (06/11/2019) go bhfuil maoiniú caipitil de €1.87m á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun mol suntasach turasóireachta a fhorbairt ar an Eachléim i nGaeltacht Mhaigh Eo.

 

Beidh ‘Áras Scéalta an Atlantaigh’ mar phríomh ionad treoraithe ag cuairteoirí ar Leithinis Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh áit a bhfaighidh siad gach eolas ar oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha an cheantair. Meastar go mbeidh turais ar Theach Solais an Fhóid Dhuibh agus turais eile ar an gceantar ar bharr liosta na mílte turasóirí nuair a bheidh an t-ionad nua ar an Eachléim i mbun feidhme. San áireamh sa togra freisin beidh 4 ionad ceardaíochta agus 4 ghorlann gnó turasóireachta a chuirfidh go mór le forbairt eacnamaíochta agus shóisialta inbhuanaithe an cheantair.

 

Tá costas de €2.5m luaite leis an togra in iomláine le maoiniú ceadaithe ag leibhéal tacaíochta 75% faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe agus an fuílleach dhá mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta. Ceadóidh an togra méadú de 600m2 a chur le hIonad Deirbhile faoi láthair – ionad turasóireachta agus oidhreachta atá forbartha ag Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta. Beidh trí théama mar chranntaca ar an ionad méadaithe

Saol na Gaeltachta, Saol na Mara agus Timpeallacht an Cheantair agus beidh ceangailte le forbairt siúlóidí cois cósta, Oileáin Inis Ghé, Scéim Imirce Tuke agus Tithe Solais an cheantair.

 

Deir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Cuireann muid fáilte chroíúil roimh an maoiniú caipitil seo ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail do chur i gcrích na an mór thogra turasóireachta seo. Beidh Áras Scéalta an Atlantaigh mar lóchrann do thurasóirí chun feabhas an táirge turasóireachta i nGaeltacht Mhaigh Eo a léiriú dóibh agus deis a thabhairt dóibh Teach Solais an Fhóid Dhuibh agus tithe solais eile a aimsiú don chéad uair. Tá an turasóireacht chultúrtha lárnach sa togra seo agus forbrófar táirgí turasóireachta agus ceardaíochta den scoth de bharr na háise seo.

Is borradh shuntasach é seo do phobal na hEachléime agus an ceantar Gaeltachta mórthimpeall agus táthar ag súil go rachaidh sé chun tairbhe an cheantair ar feadh blianta fada a bhuíochas don mhaoiniú atá ceadaithe faoin gciste RRDF inniu.

Tá tograí turasóireachta straitéiseacha aitheanta againn ar fud na Gaeltachta agus i gcomhair leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta gur mian linn a fhorbairt agus cur leo sna blianta seo romhainn agus is céim iontach tosaí é fógra tacaíochta an lae inniu chun an straitéis sin a bhaint amach.”