Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta i mBaile Bhuirne Co. Chorcaí.

26 Iúil, 2019

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí inniu (26/7/19). Thug an Bord cuairt eolais an tráthnóna roimhe ar roinnt do chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta sa gceantar ag áireamh Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha, Folláin, Putóg De Róiste agus Grúdlann 9 Fia Bhán. Thug na comhlachtaí léargas ar an dul chun cinn atá déanta acu le tacaíocht an Údaráis agus na pleananna forbartha a bhí acu dá ngnó. Tá fostaíocht suntasach agus táirgí den scoth á ndéanamh ag na comhlachtaí a bhfuil duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach acu.

 

Tograí

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta a tionóladh i mBaile Bhuirne inniu (26/07/19) cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 77 post nua lán aimseartha á gcruthú iontu agus ina mbeidh infheistíocht iomlán d’os cionn €2.92m sa nGaeltacht i gceist leo as seo go ceann roinnt blianta, idir infheistíocht na gcomhlachtaí féin agus tacaíocht an Údaráis, nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Dhún na nGall, na Gaillimhe agus Chorcaigh a bhain na tograí a ceadaíodh ag an gcruinniú.

 

Ciste ceadaithe don Scéim Comhairleoireachta Breatimeachta ‘Dírigh ar Mhaoiniú’

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta ciste tacaíochta do scéim nua comhairleoireachta airgeadais a chabhróidh le cliaintchomhlachtaí plean cuimsitheach gnó a réiteach a chabhróidh leo dushlán Bhreatimeacht crua agus an riosca atá ann don chomhlacht a aithint. Tá i gceist go gclúdóidh an scéim costais saineolas comhairleora airgeadais/maoinithe a chur ar fáil, ag leibhéal tacaíochta 80%, do 12 comhlacht.  Is idirghabháil straitéiseach atá i gceist leis an gcúnamh seo chun tacú le comhlachtaí agus iad ag iarraidh bagairtí Breatimeachta a sheachaint nó a shárú.

Tá an scéim dhá fhorbairt i gcomhoibriú le Fiontraíocht Éireann agus beidh ar fáil do chliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta.

Díreoidh an comhairleoir airgeadais/maoinithe ar ullmhú phlean gnó/airgeadais cuimsitheach agus ar straitéis an chomhlachta i gcomhar leis an gcomhlacht agus déanfar dian-anailís ar mheastúchán, bonn tuisceana agus riachtanais sruth airgid an chomhlachta.  Tá i gceist go scrúdófar an plean airgeadais ó shúile stiúrthóir airgeadais de lena chinntiú go mbeidh an comhlacht inmharthanach. Ag eascairt as an anailís seo beidh an tÚdarás in ann breathnú ar na roghanna cúnaimh is fearr don chomhlacht, idir scaireanna, deontais nó maoiniú seachtrach ar nós iasacht bainc.

Beidh foirm iarratais ar leith le líonadh ag na comhlachtaí chun cur isteach ar an gcúnamh seo agus caithfear comhairleoir a roghnú ó liosta aitheanta a bheidh réitithe ag Fiontraíocht Éireann. Beidh foirmeacha iarratais agus sonraí na scéime ar fáil in am trátha.

 

€100,000 ceadaithe do Phlean Teanga Cheantar na nOileán

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta allúntas de €100,000 ag a gcruinniú inniu (26/7/19) do Chomhairle Ceantar na nOileán atá ag feidhmiú mar Cheanneagraíocht Pleanála Teanga i limistéir pleanála teanga Cheantar na nOileán. Tá an maoiniú á cheadú chun tacú leis an gceanneagraíocht an plean teanga a ceadaíodh le gairid a fheidhmiú.

Cuireann An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta soláthar maoinithe ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le cur ar a chumas an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. As an soláthar sin cuireann an tÚdarás maoiniú ar fáil do Cheanneagraíochtaí atá i mbun pleananna teanga a fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga (LPT) agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG) atá faoina chúram.  Is é LPT Cheantar na nOileán an 15 LPT a bhfuil tacaíocht ceadaithe dó do fheidhmiú plean teanga.

 

€1.88m ceadaithe do Scéimeanna Oiliúna agus Oideachais Údarás na Gaeltachta 2019/2020

Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht inniu (26/7/19) do Scéimeanna Oiliúna agus Oideachais Údarás na Gaeltachta 2019/2020. Is é cuspóir straitéiseach na Scéimeanna ná cur le bunús agus caighdeán scileanna sa Ghaeltacht. Tá forbairt na n-acmhainní seo mar bhunchloch do chomhdhéanamh agus d’fheidhmiú an chláir ghinearálta forbartha atá á maoiniú ag an Údarás. Tá buiséad de €1.88m ceadaithe do fheidhmiú an chláir don tréimhse 2018/2019 agus tá dírithe ar spriocghrúpaí foghlamtha áirithe mar:

Ábhar Printísigh, Fiontraithe Úra, Mic léinn Gaeltachta, Iarchéimithe/Daoine Gairmiúla, Gnóthaí Beaga agus Meánmhéide, Comhlachtaí agus eagrais Forbartha Pobail, mic léinn bunscoile agus iar-bhunscoile chomh maith le saoistí agus saoistí agus rannpháirtithe na scéimeanna SST agus SFP.

Beidh tuilleadh eolais ar na scéimeanna éagsúla dhá bhfógairt in am trátha de réir mar a chuirtear os comhair an phobail iad.