Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú €1.06M do thograí Gaeltachta

18 Feabhra, 2019

nóiméad léite

Shean ospidéal an Daingin

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra atá déanta ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring T.D. go mbeidh maoiniú caipitil de €1.06m á chur ar fáil do thograí de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí Chiarraí agus Chorcaí.
Ceadaíodh an maoiniú d’iarratais ar thograí a rinne Údarás na Gaeltachta i gcomhair le páirtithe leasmhara éagsúla faoi chatagóir a 2 don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe. Tá tograí faoi chatagóir a 2 don chiste luaite do thograí a bhfuil féidearthacht sonrach ag baint leo don todhchaí ach forbairt a dhéanamh orthu.

Tá an maoiniú ceadaithe ag leibhéal tacaíochta 75% faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe le maoiniú 25% ó Údarás na Gaeltachta do cheithre thogra rathúil mar seo leanas.

  • €415,000 ceadaithe chun máistirphlean a réiteach d’athfhorbairt shean ospidéal an Daingin i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí mar Ionad Nuálaíochta, Ionad/Eispéireas Cuairteoirí, Spásanna Cruthaitheachta, foghlamtha agus foirgneamh a bheidh ina eiseamláir ó thaobh éifeachtacht fuinnimh.
  • €292,500 chun tacú le dearadh do fhorbairt réimse áiseanna nua pobail, spóirt agus oideachais i mBaile an Fheirtéirigh i gCo. Chiarraí.
  • €174,351 ceadaithe do fhorbairt tograí aitheanta i bPlean Gníomhaíochta Uíbh Ráthach i gCiarraí Theas a forbraíodh de réir gnímh sa bPlean Gnímh um Fhorbairt Tuaithe náisiúnta; Tacóidh an maoiniú le feidhmiú an phlean a mbeidh fostú Bainisteoir Tionscnaimh lárnach do fhorbairt tograí aitheanta.
  • €180,000 ceadaithe chun máistirphlean a fhorbairt do Champas Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí a leagfaidh amach an cás eacnamaíochta, pleanála agus timpeallachta don fhoirgnimh agus na tailte mórthimpeall.

Deir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Cuireann muid fáilte chroíúil roimh an maoiniú caipitil seo ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail do chur i gcrích na tograí tábhachtacha tuaithe seo. Cuirfidh na tograí seo go mór le cumas Údarás na Gaeltachta na staidéir, dearadh, measúnaithe agus pleananna cuí a chur le chéile do thograí straitéiseach pobail, fiontraíochta agus teanga i mBaile Bhuirne, i nDaingean Uí Chúis agus i mBaile an Fheirtéirigh. Tá fáilte speisialta le cur roimh an tacaíocht atá geallta le cur le tacaíocht an Údaráis féin do fheidhmiú Phlean Gníomhaíochta Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh. Tá dúthracht caite ag na heagrais stáit agus an pobal féin i réiteach an Phlean agus cuideoidh fostú Bainisteoir Tionscnaimh le tús spreagúil a chur le feidhmiú an phlean.
Cuirfidh an soláthar seo ar ár gcumas gnéithe thábhachtacha dár bPlean Straitéiseach 2018 – 2020 agus do Phlean Gníomhaíochta 5 Bhliana don Ghaeilge, ina bhfuil spriocanna dúshlánacha agus uaillmhianacha leagtha amach do chur chun cinn na Gaeltachta, a chur i bhfeidhm agus fostaíocht bhreise a chruthú sna ceantair tuaithe seo.”