Scéim Nua Forbartha Oiliúna sna Meáin Fógartha ag TG4 & Údarás na Gaeltachta

24 Eanáir, 2019

nóiméad léite

Micheál Ó hÉanaigh and Alan Esslemount at TG4
Micheál Ó hÉanaigh and Alan Esslemount at TG4

Tá tionscadal nua, Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin, fógartha ag TG4 agus ag Údarás na Gaeltachta. Is é aidhm na scéime tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí léiriúcháin chun scileanna agus tallann fhoireann an chomhlachta léiriúcháin a fhorbairt, agus glúin nua tallainne a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt chun cinn le bheith ag obair sa tionscal.

Tá TG4 agus Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe spéise anois ó Chomhlachtaí Neamhspleácha a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin.

Tá dhá chuid i gceist sa tionscadal seo, Scéim Taithí Oibre, atá dírithe ar dhaoine atá ag tosú amach san earnáil agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil agus Scéim Sparánachta Uasoiliúna atá dírithe ar dhaoine atá ag saothrú sa tionscal cheana féin agus atá ag iarraidh cur lena gcuid oiliúna.

Faoin Scéim Taithí Oibre, cuirfear fáilte roimh iarratais ó Chomhlachtaí Léiriúcháin a bhfuil suim acu duine a fhostú ar feadh tréimhse bliana, i réimse scileanna ar leith ina bhfuil lucht saothair gann dar leis an gcomhlacht. Sampla de na réimsí scileanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist is ea Eagarthóirí, Stiúrthóirí, Taighdeoirí, Léiritheoirí Cúnta & Oifigigh Forbartha Léiriúcháin.

Maidir leis an Sparánacht Uasoiliúna, tá iarratais á lorg ó chomhlacht, nó ó dhuine aonair, atá ag obair sa tionscal cheana féin, ar thacaíocht chun freastal ar chúrsa sainscileanna nó ar ócáid foghlamtha sainspéise a chuideoidh leo a ngairm a fhorbairt. Is é aidhm na sparánachtaí seo forbairt scileanna agus saineolas ardleibhéil a spreagadh san earnáil.

Chuir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, fáilte roimh an bhfógra:

“Is cuid lárnach de straitéis TG4 é fás agus forbairt a spreagadh sa tionscal closamhairc Gaeilge. Déanann TG4 os cionn €23m a infheistiú go bliantúil san earnáil neamhspleách agus is gné thábhachtach d’fhorbairt na hearnála foirne ardoilte a chothú agus a thabhairt chun cinn, rud a rachaidh chun leasa an tionscail léiriúcháin agus chruthaithigh, go mór mór sna réigiúin”.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Táimid thar a bheith sásta a bheith ag obair i gcomhpháirt le TG4 agus leis an earnáil teilifíse neamhspleáiche ar an Scéim seo. Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt thionscal na meán cruthaitheach digiteach le blianta fada agus táimid dóchasach go gcuirfidh an scéim nuálaíoch bhríomhar seo téagar le forbairt sruth tallainne agus scileanna nua san earnáil closamhairc agus meán digiteach Gaeilge in 2019. Tá an scéim ag luí le straitéis an Údaráis tacú le cláir oiliúna agus oideachais chun scileanna agus infhostaitheacht sa Ghaeltacht a fhorbairt.”

Déanfaidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta araon infheistíocht shuntasach €160,000 sa scéim phíolótach seo chomh maith le hionchur na hearnála neamhspleáiche ina mbeidh na deiseanna fostaíochta agus oiliúna ar fáil. Is féidir sonraí na scéime a fháil ag www.tg4.ie/oiliuint agus anseo thíos.

Sonraí na Scéime

Cuirfidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta fáilte roimh léirithe spéise ó Chomhlachtaí Neamhspleácha a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin.

Is í aidhm na scéime seo ná tacaíocht a thabhairt do na comhlachtaí léiriúcháin chun scileanna agus tallann fhoireann an chomhlachta léiriúcháin a fhorbairt, agus glúin nua tallainne a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt chun cinn le bheith ag obair sa tionscal.

1. Scéim Taithí Oibre

dírithe ar dhaoine atá ag tosú amach san earnáil agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil.

Fáilteofar roimh iarratais ó Chomhlachtaí Léiriúcháin a bhfuil suim acu duine a fhostú ar feadh tréimhse bliana, i réimse scileanna ar leith ina bhfuil lucht saothair gann dar leis an gcomhlacht. Sampla de na réimsí scileanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist is ea Eagarthóirí, Stiúrthóirí, Taighdeoirí, Léiritheoirí Cúnta, Oifigigh Forbartha Léiriúcháin.

Beidh sé de chúram ar an gcomhlacht an tOiliúnaí a roghnú agus clár oibre a leagan amach dó ar feadh na bliana ina dtabharfar taithí phraiticiúil dó san obair agus ina neartófar a chumas fostaíocht a bhaint amach san earnáil seo amach anseo. Cuirfear ceardlanna oiliúna rialta agus tacaíochtaí ar fáil don oiliúnaí faoin scéim chun go mbeidh sé ábalta freastal ar chúrsaí ábhartha.

Is Taithí Oibre ar bhonn bliana a bheidh i gceist agus beidh deis ann síneadh bliana a chuir leis faoi réir athbhreithnithe. Déanfar pá na n-oiliúnaithe i rith na tréimhse taithe oibre a mhaoiniú idir an Comhlacht Léiriúcháin, TG4 agus Údarás na Gaeltachta. Tá sé riachtanach go bhfuil Gaeilge líofa ag an té a bheidh faoi oiliúint.

2. Sparánacht Uasoiliúna

dírithe ar dhaoine atá ag saothrú sa tionscal cheana féin agus atá ag iarraidh cur lena gcuid taithí.

Fáilteofar roimh iarratais ó chomhlacht nó ó dhuine aonair, atá ag obair sa tionscal cheana féin, ar thacaíocht chun freastal ar chúrsa sainscileanna nó ar ócáid foghlamtha sainspéise a chuideodh leo a ngairm a fhorbairt. Beidh d’aidhm leis na sparánachtaí seo forbairt scileanna agus saineolais ardleibhéil a spreagadh san earnáil. D’fhéadfadh tacaíocht a bheith ar fáil mar shampla do chúrsaí a chuirfidh le scileanna gnó, idirnáisiúnaithe agus sna meáin dhigiteacha nua nó eile. Cuirfear maoiniú €3,000 ar a mhéad nó 75% de chostas an chúrsa ar fáil faoi na Sparánachtaí seo.

Beidh na sparánachtaí seo le dáileadh i gcomhar le Gréasán na Meán agus eagrais oiliúna eile.

Más suim leat iarratas a dhéanamh ar cheachtar den dá scéim thuas, seol an fhoirm iarratais ar ais chuig TG4 roimh 5pm Déardaoin an 28 Feabhra.

Tá na foirmeacha iarratais le fáil ag http://www.tg4.ie/ga/traenail-forbairt/sceim-forbartha-oiliuna-tg4-udaras-na-gaeltachta/

Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le lis.ni.dhalaigh@tg4.ie nó le Maryellen.ni.chualain@tg4.ie.