Fiontraithe Óga spreagtha ag Clár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta

17 Nollaig, 2018

nóiméad léite

I mbliana, tá os cionn 750 scoláire idirbhliana ag súil le páirt a ghlacadh i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta a spreagann fiontraithe i nGaeltachtaí Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, na Mí, Chiarraí agus Phort Láirge chun ag gcuid fiontair bheaga féin a fhorbairt agus páirt a ghlacadh i gcraobh náisiúnta.

Sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Seán Kyne T.D., an clár don bhliain 2018/2019 go hoifigiúil i gColáiste na Coiribe i nGaillimhe. Thug scoláirí na scoile sin réamhléiriú ar na smaointe nuálaíocha atá tagtha chun cinn go dtí seo i gclár na bliana seo.

Faightear taithí phraiticiúil trí Chlár na gComhlachtaí atá forbartha agus a chuirtear ar fáil i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI) agus a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge do scoláirí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta. Tá an clár seo á chur ar fáil le cúpla bliain i scoileanna dara leibhéil sna Gaeltachtaí agus tá méadú suntasach tagtha ar an rannpháirtíocht le blianta anuas. Cuireann an clár réimse deiseanna ar fáil chun forbairt agus treisiú a dhéanamh ar scileanna acadúla agus ceannaireachta.

“Údaras na Gaeltachta tiomanta do chur chun cinn na fiontraíochta sna Gaeltachtaí"

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh

Déanann oibrithe deonacha ó chomhlachtaí áitiúla chomh maith le feidhmeannaigh forbartha ó Údarás na Gaeltachta meantóireacht ar na scoláirí in éineacht lena gcuid múinteoirí agus iad ag forbairt a gcuid smaointe, táirgeadh, margaíocht, díolachán, maoiniú go dtí go mbeidh an táirge ar an margadh.

Dúirt an tAire Kyne, “Tiocfaidh na scileanna fiontraíochta agus an taithí phraiticiúil ghnó a shealbhaítear trí Chlár Comhlachtaí Údarás na Gaeltachta chun tairbhe fad-téarmach don Ghaeltacht nuair a leanfaidh na daoine óga leis an saol agus nuair a bheidh siad mar chuid lárnach d’eacnamaíocht na Gaeltachta. Tá moladh le fáil ag Údarás na Gaeltachta agus ag Junior Achievement Ireland as an ardú seasta atá ag teacht ar an rannpháirtíocht sa gclár ar fud na nGaeltachtaí.”

Glacfaidh na scoláirí páirt sna craobhacha réigiúnacha i Márta 2019, áit a gcuirfidh siad a gcuid táirgí ar taispeántas ag seastáin trádála agus a gcuirfidh painéal de mholtóirí faoi agallamh iad sula gcuirfidh siad a dtáirge os comhair an phobail. Faigheann na scoláirí deis ag na craobhacha réigiúnacha an méid eolais agus na scileanna atá sealbhaithe acu le linn an chláir a chur os comhair an phobail. Rachaidh curaithe na gcraobhacha réigiúnacha ar aghaidh chuig an gCraobh Náisiúnta in Aibreán 2019.

Anuraidh, b’iad BOUE, comhlacht as Pobalscoil Ghaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall a bhuaigh an Chraobh Náisiúnta. D’fhorbair BOUE a réimse féin de tháirgí craicinn a bhí déanta as caonach móna, feamainn agus comhábhair nádúrtha eile.

Deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh go bhfuil “Údaras na Gaeltachta tiomanta do chur chun cinn na fiontraíochta sna Gaeltachtaí agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghlacadh le Junior Achievement Ireland as an bpáirt a ghlacann siad i soláthar an chláir seo. Is iontach go deo an deis é Clár na gComhlachtaí chun féith na fiontraíochta a spreagadh sa nglúin óg a chuirfidh le todhchaí éirimiúil na Gaeltachta. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na scoláirí ar fad lena gcuid tograí.”

Thar ceann JAI, dúirt an Príomhfheidhmeannach Helen Raftery: “Cuireann cláir oideachais fiontraíochta ó phátrúin taobh amuigh de phobal na scoile leis an obair a dhéanann múinteoirí agus tacaíonn sé lena gcuid scileanna a fhorbairt agus cuireann sé lena gcuid deiseanna fostaíochta. Bainfidh scoláirí Chlár na gComhlachtaí ar fud na nGaeltachtaí tairbhe thar cuimse as an deis fiontraíochta, a bhuíochas d’Údarás na Gaeltachta.”

De réir taighde a rinneadh ar oideachas fiontraíochta, tá seans níos mó ag scoláirí Clár Comhlachtaí Údarás na Gaeltachta a ngnó féin a bhunú, seans níos lú go mbeidh siad dífhostaithe, agus seans go mbeidh poist bhuana acu sa todhchaí. Tá na torthaí réamh-mheasta bunaithe ar scéimeanna rathúla ar fud na hEorpa, a chuimsíonn Clár Comhlachta JA, ar a bhfuil leagan amach Chlár na gComhlachtaí bunaithe.