Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha, Co. na Gaillimhe

10 Nollaig, 2018

nóiméad léite

Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta a tionóladh in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha i gContae na Gaillimhe inniu (07/12/18), cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 91 post nua lánaimseartha agus 12 post páirtaimseartha á gcruthú iontu agus ina mbeidh infheistíocht iomlán d’os cionn €5.2m sa nGaeltacht i gceist leo as seo go ceann roinnt blianta, idir infheistíocht na gcomhlachtaí féin agus tacaíocht an Údaráis, nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo (24 post LA), Gaillimh (14 post LA), Dún na nGall (25 post LA) agus Corcaigh (25 post LA) a bhain formhór na dtograí a ceadaíodh ag an gcruinniú.

Staid Reatha an Phróisis Pleanála Teanga sa Ghaeltacht
Tugadh léargas cuimsitheach do Bhord Údarás na Gaeltachta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Tá 13 plean teanga ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta go dáta agus fáilte curtha roimh cheapachán ceathrar Oifigigh Pleanála Teanga agus an próiseas earcaíochta ar siúl i 7 LPT eile faoi láthair.
Pleananna Teanga Ceadaithe (13)
Cloich Chionnaola, Gaoth Dobhair & Íochtar na Rosann, Cois Fharraige, Na Déise, Múscraí, Ciarraí Theas, Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh, Ciarraí Thiar agus Maigh Eo Thuaidh, Árainn Mhór, An Cheathrú Rua, Conamara Láir agus Ráth Chairn & Baile Ghib.

Tá maoiniú iomlán de €1.49m ceadaithe do 13 ceanneagraíocht a bheidh ag feidhmiú na bpleananna teanga seo agus beidh 17 post i gceist leo nuair a bheidh siad ar fad faoi lán seoil.

Clár Forbartha Oiliúna sna Meáin Dhigiteacha do 2019
Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht inniu do chompháirtíocht idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta le scéim forbartha oiliúna a bhunú chun tallann agus scileanna nua a chothú don earnáil chlosamhairc agus na meáin dhigiteacha Gaeilge i 2019. Beartas píolóiteach a bheidh i gceist agus mar aidhm aige an earnáil seo a neartú le tuilleadh gnó agus léirithe a spreagadh agus le cur leis an mbunsraith fostaíochta agus infheistíochta san earnáil uathúil seo.
Foilseofar sonraí na scéime go luath i 2019 a mbeidh sé mar mhór sprioc aici dlús agus téagar a chur faoi fhorbairt sruth tallainne agus cumais san earnáil.

Fáilte curtha ag Bord Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú breise caipitil
Chuir Bord Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh mhaoiniú breise caipitil a ceadaíodh don eagraíocht le gairid. Tugadh le fios don Bhord gur ceadaíodh tograí faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe agus faoin gCisteForbartha Fiontraíochta Réigiúnach.
Tá an maoiniú ceadaithe do cheithre thogra rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta mar seo leanas:

  • 1.5m ceadaithe chun an t-urlár bairr neamhfhorbartha de gteic @Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus 1,725 m.cr. de spás oibre/oifigí nua a chur ar fáil;
  • €548k chun Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic@An Spidéal a fhorbairt i gConamara;
  • €795k chun 8 nIonad Nuálaíochta/Moil Dhigiteacha/Láthair Barrfeabhais a fhorbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo ag áireamh Béal an Mhuirthead, An Eachléim, Gaoth Sáile, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh;
  • €2m do MICD Páirc na Mara, comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Mhaigh Eo, chun ionad nuálaíochta agus forbartha mara a fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe.

Tacaíocht ceadaithe do thogra béaloidis agus staire ar Iar-Theach na mBocht, Daingean Uí Chúis
Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta tacaíocht faoin Scéim Fiontar Pobail do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. chun togra béaloidis agus staire ar Iar-Theach na mBocht sa Daingean a fhorbairt. Tá coiste nua bunaithe chun tabhairt faoin togra agus i gceist stair sheancais Iar Theach na mBocht agus seanospidéal an Daingin a bhailiú agus a thaifead. Tá páirt mhaoiniú de €5,000 ceadaithe don togra a bheidh á fheidhmiú i bpáirtnéireacht le eagraíochtaí éagsúla – Údarás na Gaeltachta, Mol Teic, Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Ollscoil Chorcaí, Ollscoil an Chroí Ró Naofa, Cumann Staire Chorca Dhuibhne agus Músaem Chorca Dhuibhne.

Stiúrthóir Forbartha Pobail, Réigiúin agus Pleanála Teanga ceaptha
Tugadh le fios do Bhord Údarás na Gaeltachta inniu go bhfuil Rónán Mac Con Iomaire, as an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe, ceaptha mar Stiúrthóir Forbartha Pobail, Réigiúin agus Pleanála Teanga leis an eagraíocht. Tá an tUasal Mac Con Iomaire ag obair le Raidió Teilifís Éireann mar Ghrúpcheannasaí Gaeilge faoi láthair agus bhí ina Leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta roimhe sin tar éis breis agus cúig bliana déag ag plé le cúrsaí meán cumarsáide, iriseoireachta agus teilifíse. Cuirfidh an tUasal Mac Con Iomaire tús lena dhualgais nua i mí Eanáir 2019.

Comhghairdis
Rith Bord Údarás na Gaeltachta rúin comhghairdis le Cumainn Lúthchleas Gael Gaeltachta a bhain amach éachtaí spóirt sa bpeil le gairid – CLG Ghaoth Dobhair a bhuaigh Craobh Uladh agus CLG An Spidéal a bhuaigh Craobh Chonnachta.