Cruinniú Boird d’Údarás na Gaeltachta tionólta ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018 sna Dúnaibh i nDún na nGall

1 Meitheamh, 2018

nóiméad léite

Comórtas Peile na Gaeltachta 2018
Thug toscaireacht ó CLG na nDúnaibh agus Rúnaí an Chumainn, Aodh Mac Laifeartaigh, léargas don Bhord ar na forbairtí a bhí curtha i gcrích acu le roinnt blianta anuas ag réiteach don chomórtas agus thréaslaigh an Bord a n-éachtaí leo agus dúradh gur léiriú an togra ar an spiorad láidir pobal atá sa cheantar. Ghuí an Bord gach rath ar Choiste eagraithe Chomórtas Peile na Gaeltachta atá ar siúl an deireadh seachtaine seo.

Gradam Aitheantais ‘Lóchrann’ le bronnadh ar laoch CLG Ghleann Cholm Cille
Bhronn Bord an Údaráis an gradam aitheantais ‘Lóchrann’ ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta in 2013. Is buan-ghradam urraithe ag an Údarás é ‘Lóchrann’, píosa álainn cré-umhaí a léiríonn beirt pheileadóirí i ndian choimhlint, deartha agus déanta ag an ealaíontóir Pádraig Reaney. Bronntar an ‘Lóchrann’ go bliantúil ar aíonna faoi leith mar aitheantas speisialta ar a bhfuil bainte amach acu ó thaobh cúrsaí spóirt a chur chun cinn sa nGaeltacht. Is ar an gcraoltóir aitheanta Micheál Ó Muircheartaigh a bronnadh ‘Lóchrann’ i 2017 agus is cúis áthais don Údarás an gradam ‘Lóchrann’ a bhronnadh ar laoch eile de chuid an chomórtais agus na peile sa nGaeltacht,
Paidí Beag Mac Giolla Easbuic as Gleann Cholm Cille, i gCo. Dhún na nGall do 2018.

Straitéis Údarás na Gaeltachta 2018 – 2020 Seolta
Seoladh Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 – 2020 ag cruinniú boird an Údaráis ag Comórtas Peile na Gaeltachta sna Dúnaibh i nDún na nGall inniu (1/6/18). Is é Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., i gcomhair le Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair agus an Príomhfheidhmeannach Micheál Ó hÉanaigh. Leagann an straitéis amach Ráiteas Misin, Fís, Luachanna & Téamaí Straitéiseacha na hEagraíochta chomh maith le Spriocanna agus Buntáscairí Feidhmíochta na straitéise a bheidh mar chreat le polasaithe agus aidhmeanna na hEagraíochta a chur i gcrích. Tá an straitéis bunaithe ar dhá théama uileghabhálach: An Ghaeilge agus Nuálaíocht & Fiontraíocht agus tá na téamaí seo i gcroílár na straitéise.
Tugann an doiciméad léargas ar thionscnaimh straitéiseacha a bheidh dhá gcur i bhfeidhm i rith tréimhse na straitéise ag áireamh gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta, Páirc na Mara, Branda na Gaeltachta, Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta agus Diaspóra na Gaeltachta.
San áireamh i spriocanna agus buntáscairí feidhmíochta na straitéise tá

  • 1,500 post nua a cheadú thar thréimhse na straitéise;
  • Tacú le 8,000 post lánaimseartha atá cruthaithe agus buanaithe i gcliantcomhlachtaí;
  • Gníomhú i gcomhar leis na pobail Ghaeltachta le pleananna teanga ag leibhéal an phobail a réiteach sna 26
  • Limistéar Pleanála Teanga agus sna 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta
  • Tacú le 31 eagraíocht pobail sa Ghaeltacht trí chlár maoinithe leanúnach a chur ar fáil dóibh
  • Taighde a dhéanamh ar earnáil na feamainne sa Ghaeltacht le táirgí breisluacha a aithint agus tuarascáil a ullmhú dá réir;
  • Plean Gníomhaíochta d’Acmhainní Nádúrtha na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm lena n-áirítear turasóireacht, acmhainní mara, fuinneamh in-athnuaite agus acmhainní cultúrtha;

€1.47m ceadaithe do Scéimeanna Oiliúna agus Oideachais Údarás na Gaeltachta 2018/2019
Thug Bord Údarás na Gaeltachta a mbeannacht inniu (1/6/18) do Scéimeanna Oiliúna agus Oideachais Údarás na Gaeltacht 2018/2019. Is é cuspóir straitéiseach na Scéimeanna ná cur le bunús agus caighdeán scileanna sa Ghaeltacht. Tá forbairt na n-acmhainní seo mar bhunchloch do chomhdhéanamh agus d’fheidhmiú an chláir ghinearálta forbartha atá á maoiniú ag an Údarás. Tá buiséad de €1.47m ceadaithe do fheidhmiú an chláir don tréimhse 2018/2019 agus tá dírithe ar spriocghrúpaí foghlamtha áirithe mar:
Ábhar Printísigh, Fiontraithe Úra, Mic léinn Gealtachta, Iarchéimithe/Daoine Gairmiúla, Gnóthaí Beaga agus Meánmhéide, Comhlachtaí agus eagrais Forbartha Pobail, mic léinn bunscoile agus iar-bhunscoile chomh maith le saoistí agus rannpháirtithe na scéimeanna SST agus SFP.
Beidh tuilleadh eolais ar na scéimeanna éagsúla dhá bhfógairt in am trátha de réir mar a chuirtear os comhair an phobail iad.

Tograí
Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta a tionóladh ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018 sna Dúnaibh i nDún na nGall inniu (20/04/18) cheadaigh an Bord líon tograí ina mbeidh 92 post nua lán aimseartha agus 10 bpost páirtaimseartha á gcruthú iontu agus ina mbeidh infheistíocht iomlán d’os cionn €2.9m sa nGaeltacht i gceist leo as seo go ceann roinnt blianta, idir infheistíocht na gcomhlachtaí féin agus tacaíocht an Údaráis, nuair atá na tograí sin faoi lán seoil. Is le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí Gaeltachta i gCo. Dhún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí a bhain na tograí a ceadaíodh ag an gcruinniú. Baineann formhór na bpost ar ceadaíodh tacaíocht dóibh inniu le Gaeltacht Dhún na nGall (40), Gaeltacht Mhaigh Eo (25) agus Gaeltacht Chiarraí (15).

Stiúrthóir Fiontar, Fostaíochta agus Maoine Nua Cheaptha
Cuireadh Stiúrthóir Fiontar, Fostaíochta agus Maoine nua cheaptha Údarás na Gaeltachta, an Dr. Mark White, fiontraí le taithí na mblianta san earnáil phríobháideach agus phoiblí i gcúrsaí mara, teicneolaíochta agus gnó, in aithne do Bhord an Údaráis inniu. Chuir an tUasal White tús lena ról an tseachtain seo.