Tacaíocht €120,000 fógartha ag Údarás na Gaeltachta d’fhorbairt na turasóireachta i nGaeltacht na Gaillimhe

3 Bealtaine, 2018

nóiméad léite

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Tá tacaíocht de luach €120,000 d’fhorbairt tograí straitéiseach turasóireachta i nGaeltacht na Gaillimhe fógartha ag Údarás na Gaeltachta inniu (3/5/18). Faoin Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta a cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta i mí Meithimh 2017 tá tacaíocht ceadaithe do dhá thogra turasóireachta i gConamara – Cósta Gaelach Chonamara agus Árann agus Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.

Cuirfidh an tacaíocht deontais €60,000 thar tréimhse dhá bhliain atá ceadaithe don dá thogra straitéiseach turasóireachta seo lena gcumas post a chruthú chun cur leis an gcumas bainistíochta forbartha, margaíochta agus feidhmiúcháin atá acu. Tá an dá thogra i mbun earcaíochta faoi láthair agus post ar chonradh fógartha ag an dá thogra inniu chomh maith.

Tá tacaíocht faoin scéim á fhógairt mar seo leanas don dá thogra ar leith seo i gContae na Gaillimhe:

Cósta Gaelach Chonamara & Árann
Chun tacú le neartú an earnála turasóireachta i nGaeltacht Chonamara agus na buntáistí eacnamaíochta, cultúrtha agus fostaíochta a thagann as seo, a scaipeadh go forleathan ar fud an cheantair. Beifear ag díriú ar acmhainn nádúrtha an cheantair, an teanga, an chultúir, na timpeallachta agus na hoidhreachta.
Tá Cósta Gaelach Chonamara & Árann dhá bhunú mar chomhlacht faoi theorainn ráthaíochta agus tá taithí leathan ag baill an choiste bunaidh san earnáil turasóireachta i gConamara. Is grúpa margaíochta agus forbartha gnó atá i gceist bunaithe ar an múnla a bhí ag ‘Cósta Chonamara’ a bhí ag feidhmiú i gConamara sna nóchaidí agus súil ag acu cabhrú leis an tionscail turasóireachta chultúrtha i gConamara a threisiú agus a neartú. I measc príomhscpriocanna an ghrúpa tá margaíocht a dhéanamh ar an réigiún iomlán mar ‘cheann scríbe’ turasóireachta, an líon oícheanta lóistín sa Ghaeltacht a mhéadú, tacú le grúpaí áitiúla chun tograí nua a fhorbairt agus oibriú leis na páirtithe leasmhara chun áiseanna do thurasóirí a fheabhsú.

Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna
Chun tacú leis an Ionad Cuimhneacháin léiriú agus cuntas a thabhairt ar an imirce as Conamara agus ar an lorg a d’fhág sé ar an gceantar chomh maith leis an tionscnamh seo a fhorbairt ar mhaithe le forbairt eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha an cheantair. Mar chuspóir ag an tionscnamh tá táirge turasóireachta cultúrtha agus oidhreachta den scoth a fhorbairt i gCarna.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gcoiste atá ag forbairt an togra ceannródaíoch seo le roinnt blianta. Cuireadh tús leis an obair thógála ar an ionad i mí Lúnasa 2017 agus is é Méara Bhoston Marty Walsh a dhéanfaidh an oscailte oifigiúil ar an ionad ar an 12 Bealtaine 2018. Táthar ag súil go mbeidh lorg an tionscnaimh le feiceáil go soiléir i ngnóanna agus seirbhísí áitiúla an cheantair. Is tionscnamh tábhachtach ar chúrsa Slí an Atlantaigh Fhiáin é Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus tabharfaidh léargas ar thábhacht na himirce ar chósta an iarthair do chuairteoirí.

Tugadh cuireadh i ndeireadh 2017 do thograí straitéiseacha turasóireachta Gaeltachta iarratais a dhéanamh ar an Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta agus tá sé de chead ag na tograí an tacaíocht i gcumas bainistíochta a úsáid de réir mar is mian leo i gcúrsaí bainistíochta forbartha, margaíochta agus feidhmiúcháin de réir riachtanais agus staid forbartha na dtograí. Forbrófar clár oiliúna foirmeálta do na hoifigigh a cheapfar i gcomhar le hinstitiúidí tríú leibhéal chomh maith.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, “Tá ríméad orainn a bheith in ann tacaíocht do dhá thogra turasóireachta straitéiseach Gaeltachta eile a fhógairt inniu faoinár Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta. Tá cúrsaí turasóireachta ina ngnéithe lárnach do straitéis Údarás na Gaeltachta do na trí bliana atá romhainn agus tá sé rí thábhachtach dúinn forbairt a dhéanamh ar an acmhainn bainistíochta seo agus a chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha cuí i gcomhair bainistíocht tograí turasóireachta ins na ceantracha Gaeltachta forbartha agus ar fáil.”