Tacaíocht ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do 12 post nua agus Ionad Cuairteoirí do Dhrioglann Thír Chonaill i gCroithlí

26 Márta, 2018

nóiméad léite

An tAire, Joe McHugh, T.D., agus Mícheal Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar an láthair ina mbunófar Drioglann Thír Chonaill

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta pacáiste tacaíochta le gairid do Dhrioglann Thír Chonaill Teo. chun gnó drioglainne agus ionad cuairteoirí a bhunú agus a fhorbairt ar an Choillín Darach, Croithlí, Co. Dhún na nGall. Meastar go mbeidh suas le 12 post nua dhá chruthú sa chomhlacht agus é faoi lán seoil as seo go ceann chúig bhliana le pacáiste tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta d’os cionn €121,000 agus infheistíocht iomlán d’os cionn €271,000.

Drioglann ceirde atá beartaithe, ag díriú ar mhargadh na dturasóirí idirnáisiúnta go hÉireann. Beidh an drioglann agus ionad cuairteoirí a fhorbrófar lonnaithe i bhfoirgneamh stairiúil mhonarcha Chroithlí faoi réir cead pleanála cuí a bheith faighte agus beidh obair shuntasach athchóirithe le déanamh ar an bhfoirgneamh chun é a thabhairt go caighdeán agus a chuir in oiriúint le tabhairt ar léas don togra. Cuirfidh an drioglann agus an t-ionad cuairteoirí go mór le heispéireas turasóireachta Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nGaeltacht Dhún na nGall.

Seosamh Ó Duibheannaigh, Conor McMenamin agus Kieran Davis a bheidh i mbun na forbartha agus de rún acu tosú le scála beag, díriú ar an earnáil turasóireachta agus ar an mhargadh idirnáisiúnta d’uisce beatha. Tá sé i gceist an drioglann a fhorbairt ar bhonn céimneach thar tréimhse, ag tosú le ionad táirgeachta agus go dtairgeofar os cionn 15,000 lítear fíoralcóil sa bhliain don chéad 5 bhliain chun scoth tháirge a fhorbairt.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh “Tá áthas orainn a bheith in ann tacaíocht a thabhairt don togra seo agus postanna a chuir i monarchan stairiúil Chroithlí arís. Beidh an fhorbairt seo ina hacmhainn luachmhar do chúrsaí turasóireachta i nGaeltacht Dhún na nGall.”