Tacaíocht Údarás na Gaeltachta do Thogra Theach Solais Fhánada fógartha ag an Aire Stáit Joe McHugh TD

23 Márta, 2018

nóiméad léite

Eimear Ní Mhathúna, Bainisteoir Theach Solais Fhánada, Joe McHugh, T.D., Aire Stáit don Ghaeilge, Gaeltacht & na hOileáin, John Friel, Teach Solais Fhánada agus Paddy Donerty, Comhairle Contae Dhún na nGall

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, TD, tacaíocht Údarás na Gaeltachta do thogra turasóireachta Theach Solais Fhánada inniu (23/3/18). Faoin Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta a cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta i mí Meithimh 2017 tá tacaíocht ceadaithe do Theach Solais Fhánada chun tacú leis an togra straitéiseach turasóireachta seo forbairt agus margaíocht a dhéanamh ar an táirge agus eispéireas turasóireachta atá ar fáil ag an Teach Solais agus ar leithinis Fhánada. Tacaíocht iomlán deontais de €60,000 thar thréimhse dhá bhliain a bheidh i gceist agus tá sé de rún ag an togra oifigeach turasóireachta a earcú a chabhróidh leo chun tógáil ar an obair den scoth atá déanta i bhFánad go dáta.

“Tá Teach Solais Fhánada gar do mo chroí agus tá sé anois mar cheann de phríomh láithreacha turasóireachta na tíre. Tá sé aitheanta ar fud an domhain agus is álainn an áit é le cuairt a thabhairt air."

Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, TD.

Taobh istigh d’achar fíorghairid tá Teach Solais Fhánada mar cheann de phríomh shiombail turasóireachta ní amháin do Ghaeltacht Thír Chonaill agus Contae Dhún na nGall ach do Shlí an Atlantaigh Fhiáin chomh maith.

Ag deireadh na bliana seo caite tugadh cuireadh do thograí straitéiseacha turasóireachta Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta agus forbrófar clár oiliúna foirmeálta do na daoine a cheapfar i gcomhar le hinstitiúidí tríú leibhéal chomh maith. Is é ceann d’aidhmeanna na scéime ná scileanna bainistíochta, margaíochta agus feidhmiúcháin turasóireachta san earnáil turasóireachta cultúrtha a fheabhsú chun gur féidir cur leis an líon táirgí turasóireachta den scoth atá ar fáil sna Gaeltachtaí.

Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin “Tá Teach Solais Fhánada gar do mo chroí agus tá sé anois mar cheann de phríomh láithreacha turasóireachta na tíre. Tá sé aitheanta ar fud an domhain agus is álainn an áit é le cuairt a thabhairt air. Tugann tograí den chineál seo spreagadh do thurasóirí teacht chuig ceantair Ghaeltachta agus fáiltím go mór roimh an tacaíocht atá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt do thograí straitéiseacha turasóireachta sna Gaeltachtaí ar fad.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, “Tá áthas orainn a bheith in ann tacú leis an togra iontach turasóireachta seo agus chun cabhrú leo tógáil ar an sár obair atá déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann i bhforbairt na háise seo go dtí seo. Is gné lárnach í forbairt na turasóireachta do straitéis Údarás na Gaeltachta do na trí bliana atá romhainn agus tá áthas orainn a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla, Fáilte Éireann agus eagraíochtaí eile i bhforbairt na hacmhainne luachmhaire seo sna Gaeltachtaí ar fad.”