€1.8M ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do sheirbhísí forbartha pobail sa Ghaeltacht

20 Márta, 2018

nóiméad léite

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta €1.8M de mhaoiniú do chúrsaí forbartha pobail i nGaeltachtaí na tíre ag a gcruinniú Boird Dé hAoine seo caite (16/3/18). Tá 30 eagras pobail, comharchumainn agus comhlachtaí pobalbhunaithe a gheobhaidh tacaíocht ón maoiniú seo agus íoctar na deontais reáchtála seo leis na heagrais pobail chun cur ar a gcumas tabhairt faoi chlár forbartha pobail ina gceantar feidhme.

Ag leanacht d’ardú de €250,000 i 2017, tá ardú de €100,000 i mbliana ar an gciste maoinithe atá curtha ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta d’Údarás na Gaeltachta chun an Clár Forbartha Pobail a chuir i bhfeidhm. Is do na comharchumainn agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe atá an t-ardú sa deontas reáchtála agus ceadaíodh ardú buiséid d’fhormhór na gcomharchumann do 2018.

Tá na comharchumainn agus na seirbhísí riachtanach atá dhá sholáthar acu fite fuaite i saol na Gaeltachta sna pobail ina bhfuil siad ag feidhmiú. Is mór an dul chun cinn atá dhá dhéanamh ag na heagrais phobalbhunaithe agus obair mhór ar siúl acu ag sárú dúshláin dá gceantair. Tá fostaíocht shuntasach cruthaithe acu ó bunaíodh iad agus tá ról lárnach acu sna scéimeanna fostaíochta pobail. Ní beag an ról ach oiread atá ag na heagrais sa bpróiseas pleanála teanga le cúpla bliain anuas agus feictear go mbeidh ról lárnach gníomhach ag formhór acu sa phleanáil teanga as seo ar aghaidh chomh maith.

Dearbhaíodh do Bhord an Údaráis chomh maith go bhféachfaí i rith na bliana le cur leis an láithreacht forbartha pobail in aon cheantar Gaeltachta a bhfeictear go bhfuil laincis ann do sheirbhísí don chineál seo.

Sna deontais reáchtála a ceadaíodh ag cruinniú boird Údarás na Gaeltachta ar an 19/3/18:

  • Tá €421,000 ceadaithe do 7 eagras pobail i gCo Dhún na nGall.
  • Tá €210,000 ceadaithe do 4 eagras pobail i gCo. Mhaigh Eo.
  • Tá €670,000 ceadaithe do 11 eagras pobail i gCo. na Gaillimhe.
  • Tá € 59,000 ceadaithe do 1 eagras pobail i gCo. na Mí.
  • Tá €244,000 ceadaithe do 4 eagras pobail i gCo. Chiarraí.
  • Tá € 54,000 ceadaithe do 1 eagras pobail i gCo. Phort Láirge.
  • Tá €140,000 ceadaithe do 2 eagras pobail i gCo. Chorcaigh.

€569,000 in iomláine atá ceadaithe d’eagrais pobail atá ag feidhmiú ar Oileáin Ghaeltachta.