An chéad 12 tograí ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta faoi Chlár LEADER

19 Nollaig, 2017

nóiméad léite

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Tá tacaíocht deontais de luach €113,276 in iomláine ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do 12 togra faoi Chlár LEADER i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tá an sraith deontais ceadaithe do ghrúpaí éagsúla agus daoine aonair agus tá suas go 75% de chostas na dtograí ceadaithe faoin gClár LEADER. Nuair a chuirtear an sciar áitiúil san áireamh beidh infheistíocht iomlán de €154,726 i gceist agus cuirfear feabhas ar áiseanna pobail, áiseanna spóirt agus caitheamh aimsire i bhformhór na dtograí.

Is iad seo na chéad tograí atá ag staid comhaontaithe. Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeifear in ann roinnt tograí eile atá sa phíblíne, ina bhfuil infheistíocht shuntasach á plé, a thabhairt chun críche go luath sa mbliain nua.

Tá Údarás na Gaeltachta ar cheann de cheithre comhpháirtí faoi Choiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) Dhún na nGall atá freagrach ar son an Grúpa Forbartha Áitiúil (LAG) as riaradh agus feidhmiú Chlár LEADER i nGaeltacht Dhún na nGall (seachas ar na hoileáin Ghaeltachta atá faoi chúram Chomhar na nOileán).

Dúirt Príomhfheidhmeananch an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh go bhfuil suim mhór léirithe ag pobal na Gaeltachta i gClár LEADER go dáta agus go bhfuil súil aige go dtiocfaidh líon suntasach tograí Gaeltachta chun méadaíochta le linn tréimhse fheidhme an Chláir. “Cuireann sé ríméad orainn a bheith in ann an tacaíocht seo faoin gClár LEADER a fhógairt do phobail i nGaeltacht Dhún na nGall.
Cabhróidh an maoiniú seo le feabhas a chuir ar na háiseanna agus na deiseanna atá ar fáil inár bpobail Ghaeltachta d’fhonn feabhas a chuir ar chaighdeán maireachtála an phobail trí chéile agus don aos óg ach go háirithe. Táimid sásta freisin a bheith in ann oibriú as lámh a chéile leis an nGrúpa Forbartha Áitiúil (LAG) i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall i bhfeidhmiú Chlár LEADER.”

Tá Clár LEADER oscailte do ghrúpaí deonacha, do dhaoine aonair, tionscnaimh phríobháideacha agus pobail, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá an Clár dírithe ar thionscadail arb é a n-aidhm caighdeán maireachtála agus deiseanna eacnamaíochta a chur chun cinn ar mhaithe le leas bhunadh nó phobal Ghaeltacht Dhún na nGall faoi chreatlach an Straitéise Forbartha Áitiúla atá faofa. Is féidir tuilleadh eolais ar an gClár a fháil agus foirm léirithe spéis ag www.udaras.ie.