Céimeanna suntasacha á dtógáil maidir le forbairt Pháirc Nuálaíochta Muirí “Páirc na Mara” i nGaillimh

23 Samhain, 2017

nóiméad léite

Tá céimeanna suntasacha á dtógáil ag Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil agus forbairt Pháirc na Mara, páirc nuálaíochta muirí nua atá le forbairt i gCill Chiaráin i nGaeltacht na Gaillimhe i gConamara.

Déanfar Páirc na Mara a fhorbairt mar Pháirc Nuálaíochta Muirí íseal-charbóin ar chaighdeán domhanda agus í suite ar láithreán úrnua ar imeall theas Ghaeltacht Chonamara tuairim is 45 míle siar ó Chathair na Gaillimhe. Tá achar tuairim is 9.01ha sa láithreán ina mbeidh an Pháirc Nuálaíochta Muirí lonnaithe agus cuimseoidh an tsaoráid gníomhaíochtaí éagsúla de chuid an réimse mhuirí agus beidh fiontair de chuid na hearnála táirgiúla, comhlachtaí poiblí, gníomhaireachta forbartha stáit agus an pobail taighde ag comhoibriú lena chéile inti d’fhonn breisluach a chur lena dtáirgí agus lena seirbhísí agus d’fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar chumas forbraíochta na hearnála muirí sa réigiún.

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis páirtithe straitéiseacha ar nós Foras na Mara, BIM, Comhairle Chontae na Gaillimhe, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo a thabhairt le chéile chun pleananna a chur i dtoll a chéile ar bhun comhoibríoch a chuirfidh ar chumas Údarás na Gaeltachta páirc nuálaíochta muirí comhaimseartha a fhorbairt chun fás san earnáil a chur chun cinn agus chun fás eacnamaíoch sa gceantar a chumasú, agus dá réir sin ag cur fostaíocht tháirgiúil ar fáil do ghlúnta amach anseo sa gceantar Gaeltachta tuaithe seo. De réir na bhfigiúirí Daonáirimh is déanaí agus tuarascálacha eile tá ceantar Charna/Chill Chiaráin sainithe mar cheantar atá faoi mhíbhuntáiste a bhfuil gá le tacaíocht agus fostaíocht ann.

Tá léirithe spéise (EOI) á lorg ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair ó thionscnóirí ionchasacha tionscadail san earnáil mhuirí, ar tionscnóirí iad a bhféadfadh spéis a bheith acu i mbunú láithreachta i bPáirc na Mara chun cabhrú le hÚdarás na Gaeltachta maidir le plean oiriúnach forbartha a ullmhú don láithreán. Tá an tÚdarás tar éis oibreacha ullmhúcháin agus cumasúcháin a dhéanamh as a acmhainní féin ar an láithreán atá le forbairt agus táthar tiomanta i leith deimhin a dhéanamh de go n-aithneofar an ceantar seo mar phríomhionad straitéiseach le haghaidh chomhdhlúthú, chaomhnú agus leathnú thrádáil mhuirí, thionscail mhuirí agus fhiontair thionscail na hÉireann.

Mhol Joe McHugh T.D, Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin an fhorbairt as a tábhacht áitiúil agus náisiúnta, ‘I gcomhréir le beartas sainráite an Rialtais, spreagfaidh forbairt Pháirc na Mara fás inbhuanaithe an gheilleagair mhuirí sa cheantar, sa réigiún agus sa tír. Tá ról ríthábhachtach ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt ár gceantair Ghaeltachta agus tá súil agam go gcuirfidh an togra seo infheistíocht shuntasach agus fostaíocht riachtanach ar fáil, ní amháin sa cheantar tuaithe seo de Chonamara ach sa réigiún níos leithne chomh maith.”

D’fháiltigh Michael Creed T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara roimh chéimeanna tosaigh an togra, “Tá forbairt Pháirc na Mara ina ghníomh de straitéis an Rialtais – Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin. Spreagfaidh togra Údarás na Gaeltachta nuálaíocht san earnáil mhuirí trí ardán do chomhoibriú trasghnó agus trasearnála a chruthú agus trí dhaoine le cúlraí, scileanna agus dearcaí éagsúla a thabhairt le chéile. Éascóidh sé seo forbairt theicniúil, ag aistriú cumas T&F go táirgí agus margaí de chuid an réimse mhuirí, chun seac-chuideachtaí a bhunú agus chun tacú le fás na FMB san earnáil.”

Ag caint dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta “Is údar mór misnigh é go bhfuil na céimeanna tosaigh den togra tógtha chun leasa an phobail agus an réigiúin. Samhlaíonn muid go mbeidh Páirc na Mara ina láthair tarraingteach agus daingean d’infheistíocht agus go gcabhróidh sí leis na hiarrachtaí atá ar bhun lena dheimhniú go bhfuil Éire “oscailte do ghnó” mar “gheilleagar glas agus muirí” i gcomhréir le Feidhm a Bhaint as Saibhreas ár nAigéin – Plean Comhtháite Muirí d’Éirinn.”

Taobh amuigh den phróisis léirithe suime atá idir lámha faoi láthair, tá meastacháin maidir le costais fhorbartha tosaigh na páirce thart ar €3m-€5m i maoiniú stáit, rud a d’fhéadfadh iolraí de sin a mhealladh in infheistíocht phríobháideach ó chomhlachtaí a bheadh ag lonnú ann. Samhlaítear go dtacóidh an fhorbairt le saoráidí a bhaineann le gnóthaí muirí, agus an fhorbairt ar an mbonneagar tacaíochta, le leathnú agus le forbairt earnáil na hacmhainne muirí in Iarthar Chonamara. Samhlaítear freisin go mbeidh na nithe sin ina gcumasóir tábhachtach i leith fhorbairt an tionscail mhuirí ina iomláine ní amháin i gCill Chiaráin agus i gConamara ach freisin ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal náisiúnta.