Tugann Fiontraithe Óga Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, an Chraobh leo

15 Márta, 2017

nóiméad léite

Ba é Cothú Cinnte, fiontar as Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe a bhuaigh Clár Comhlachta 2017 – Údarás na Gaeltachta ag an gCraobh Náisiúnta a bhí ar siúl in Óstán an Connemara Coast Hotel inniu (15 Márta 2017).

Ní raibh ach ocht bhfoireann páirteach i gcraobh ceannais an lae inniu as na 500 dalta Idirbhliana as ceantair Ghaeltachta i gCorcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, An Mhí agus Port Láirge a ghlac páirt sa chlár ó mhí Mheán Fómhair seo caite.

Chinntigh an caighdeán a leag na buaiteoirí réigiúnacha seo síos go raibh cáil bainte amach ag buaiteoir Chlár Comhlachta mar fhiontraithe cliste.

Is iad Liadh Robertson, Rebecca Ní Alluráin, Aoife Nic Chormaic, Blanca Ní Dhonnabháin agus Máire Ní Fhrighil atá i mbun na comhlachta Cothú Cinnte. Táirgeann an comhlacht plátaí dinnéir péinteáilte de láimh is atá glónraithe a insíonn duit cé mhéid stáirse, glasraí agus próitéin a cheart a ithe. Tá na plátaí seo ar fáil i nGaeilge agus is féidir le daoine iad a chur in oiriúint dóibh féin nuair atá siad ag cur ordú isteach! Is í an aidhm atá acu ná beatha shláintiúil a chur chun cinn agus daoine a spreagadh chun tuilleadh glasraí a ithe. Ba é Barry Comerford ó Cambus Medical, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, a rinne meantóireacht dheonach áitiúil ar Chothú Cinnte.

Chomh maith leis an gcomhlacht buacach ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, rinne foirne as Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh, Corcaigh; Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Ciarraí; Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Gaillimh; Scoil Mhuire, Béal an Mhuirthead, Maigh Eo; Coláiste Pobail Acla, Acaill, Maigh Eo; Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Leitir Ceanainn, Dún na nGall; Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór, Dún na nGall, ionadaíocht den scoth thar cheann a dteaghlach, a meantóirí gnó agus a gcuid scoileanna ag an gcraobh náisiúnta.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá sa Chlár Comhlachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh i gcomhar le Junior Achievement Ireland (JAI) agus atá á mhúineadh trí mheán na nGaeilge do dhaltaí i gceantair Ghaeltachta. Bunaithe ar Chomórtas Chomhlacht na Bliana agus Clár Comhlachta JA, atá seanbhunaithe, cruthaíonn, ritheann agus bainistíonn daltaí a ngnó féin ón bpointe go gcuimhníonn siad ar smaoineamh, go dtí an chéim déantúsaíochta, margaíocht, díolacháin, airgeadas agus an táirge a thabhairt chomh fada leis an margadh. Cuireann an clár neart deiseanna ar fáil maidir le forbairt agus neartaíonn sé an tábhacht a bhaineann le scileanna acadúla agus ceannaireachta. Cuireann lucht gnó áitiúla, atá earcaithe agus traenáilte ag an JAI agus a fhaigheann tacaíocht uathu, meantóireacht dheonach ar fáil do na daltaí chomh maith leis na múinteoirí.

Lean craobh náisiúnta Chlár Chomhlachta na craobhacha réigiúnach, a bhí ar siúl i gCiarraí, Maigh Eo, Gaillimh agus i nDún na nGall i mbliana. Thar tréimhse na craoibhe náisiúnta, rinne na fiontraithe óga taispeántas ag na seastáin trádála, chuir siad a gcuid éirim gnó os comhair na moltóirí san agallamh agus chuir siad a gcuid smaointe gnó os comhair an lucht féachana go paiteanta.

Bhí Sinéad Ní Fhatharta, Údarás na Gaeltachta agus Ruairí Ó Nuadháin, HID Global, a bhí ar an bpainéal moltóireachta, an-tógtha le léiriú na ndaltaí i ngach aon ghné den chomórtas agus bhí cinneadh deacair le déanamh acu. Is iad cailíní na Gaillimhe a tháinig sa gcéad áit nuair a cuireadh na scóir uilig le chéile maidir le plean gnó an chomhlachta, an sárobair ag an seastán trádála, caighdeán an agallaimh agus chomh stuama agus gairmiúil is a bhí siad ag cur a ngnó os comhair lucht féachana mór.

Dúirt Stiofán Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá muid thar a bheith sásta an clár breá seo a bheith tugtha chuig leibhéal náisiúnta againn don chéad uair i mbliana. Léirigh dúthracht agus spiorad na rannpháirtithe ar fad agus a meantóirí go mbeidh todhchaí den scoth ag an bhfiontraíocht sa nGaeltacht. Tá áthas orm comhghairdeas a dhéanamh le Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a bhuaigh an chéad Chraobh Náisiúnta de Chlár Comhlachta Údarás na Gaeltachta. Molaim na rannpháirtithe ar fad as a gcuid iarrachtaí agus glacaim buíochas lenár bpáirtnéirí Junior Achievement Ireland as intinní óga a spreagadh chun tréithe fiontraíochta a fhorbairt iontu féin – mol an óige agus tiocfaidh sí!”

Dúirt Helen Raftery, Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland freisin: “Táimid thar a bheidh buíoch as an tacaíocht a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil chun Clár Comhlachta a rith i scoileanna ar fud na gceantar Gaeltachta. Ba mhaith linn buíochas speisialta a ghabháil leis na múinteoirí agus na meantóirí cur ar chumas 500 dalta sa tsraith shinsearach páirt a ghlacadh i mbliana. Comhghairdeas leis na scoileanna a raibh sé de cheart acu páirt a ghlacadh sna craobhacha réigiúnacha agus náisiúnta agus le Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe as an gcéad áit a bhaint amach. Is é an misean atá againn na deiseanna foghlama fiúntacha a chur ar fáil chun infhostaitheacht agus ullmhacht i gcomhair oibre a chur chun cinn i measc dhaoine óga agus chun spreagadh a thabhairt do dhaltaí barr a gcumais a bhaint amach. Taispeánann sárchumas na bhfoirne a ghlac páirt agus an taithí a fuair na daltaí ó dheiseanna foghlama fíora an tairbhe a bhaineann le hacmhainní na n-eagraíochtaí a thugann tacaíocht dúinn a chur le chéile, chomh maith le saineolas agus dúthracht ár n-oibrithe deonacha gnó, chun cur le hobair na múinteoirí sna scoileanna.”