Tugann Údarás na Gaeltachta suntas do thoradh an reifrinn Brexit a chiallaíonn go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag imeacht as an AE.
Ní bheidh sé ina iomláine soiléir sa ghearrthéarma cén cineál tionchair a bheidh aige ar gheilleagar na Gaeltachta agus ar na comhlachtaí atá lonnaithe ansin go dtí go mbeidh an próiseas sin curtha i gcrích. Tá sé ráite go nglacfaidh sé cúpla bliain chun na sonraí uile a oibriú amach.
De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim chun easpórtála dár gcliaint nó d’aon chomhlacht a bheidh ag dul i mbun easpórtála den chéad uair. Faoi láthair, tá beagnach 20% de dhíolacháin easpórtála ár gcliant chomhlachtaí ag dul chuig an Ríocht Aontaithe. Is ionann seo agus €100 milliún sa bhliain. Braitheann go leor ar láidreacht na Steirling sna míonna romhainn. Tá na cliantchomhlachtaí a dhéanann easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe ag brath go mór ar an margadh sin agus cruthóidh aon neamhchinnteacht sa mhargadh deacrachtaí do chúrsaí trádála.
Sa ghearrthéarma, is é an tionscal turasóireachta an earnáil is mó a mbeadh tionchar ag Brexit le feiceáil air, le 3.3 milliún nó 40% de thurasóirí chun na tíre seo ag teacht ón Ríocht Aontaithe. Agus ráta Steirling ag titim, mar shampla, ní bheidh an tír seo chomh tarraingteach mar cheann scríbe turasóireachta is a bhíodh, ní bheidh an tír chomh hiomaíoch agus a bhíodh do thurasóirí. É sin ráite, beidh baill eile an AE sa bhád céanna. Ciallaíonn sé sin go mbeidh orainn a chinntiú go mbeidh praghas iomaíoch ag na táirgí turasóireachta atá á dtairiscint ag an tír.
Beidh deiseanna gnó ann fosta go mór mór ó thaobh infheistíocht dhíreach eachtrach (FDI) a mhealladh. Tógfaidh sé cúpla bliain fós chun impleachtaí an chinnidh seo a thomhais ach idir an dá linn beidh an Ríocht Aontaithe fós ina ball den AE agus na comhaontuithe seanbhunaithe i bhfeidhm.
Beidh an tÚdarás ag scrúdú na himpleachtaí a bheidh ann dár gcliantchomhlachtaí agus ag scrúdú na deiseanna a bheidh ann dóibh agus do gheilleagar na Gaeltachta sa tréimhse amach romhainn.