Comhlacht nua-bhunaithe Smarttraveller Concierge Ltd. le lonnú i nGaeltacht Chorcaí agus 20 post nua a chruthú.

21 Meitheamh, 2016

nóiméad léite

Tá an comhlacht Smarttraveller Concierge Ltd. chun a ghnó a fhorbairt agus ionad teagmhála nua a bhunú i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Chorcaí agus 20 post nua a chruthú le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Beidh an comhlacht ag cur eolas faoi thaisteal, ceantair agus seirbhísí ar fáil do thurasóirí i gcomhpháirtíocht le Hertz Corporation, an gnólacht carranna ar cíos.

Beidh an ionad teagmhála nua lonnaithe i bhfoirgnimh de chuid Údarás na Gaeltachta i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus faoi láthair tá an comhlacht ag dul i mbun próiseas earcaíochta le ceannairí foirne agus oibrithe a fhostú.

Deir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá lúcháir orainn gur roghnaigh Smarttraveller Concierge Ltd a gcuid oibríochtaí a lonnú i nGaeltacht Chorcaí. Tá taithí ag na príomhaithe atá páirteach sa ghnó seo i soláthar seirbhísí seachfhoinsithe agus seirbhísí réitigh ionaid teagmhála, agus tá Údarás na Gaeltachta ríméadach as a bheith ag tacú leis an bhfiontar nua seo agus na postanna nua a bheidh mar thoradh air.”

Tá ardán teicneolaíochta ar líne nuálach forbartha agus tástáilte ar bhun píolótach ag stiúrthóirí an chomhlacht, Jim McCoy agus Richard Enno, a chuireann seirbhísí faisnéise 24 uair a chloig ar fáil do thurasóirí agus do chustaiméirí. Díríonn an tseirbhís ar moltaí a dhéanamh i gcóir bialanna, óstáin, siopaí, féilte agus imeachtaí, agus nithe is díol spéise do thurasóirí.

Deir an Stiúrthóir Jim Mc Coy, “Tá muid ag forbairt an gnólacht seo ó 2014 agus tá muid anois ag an stáid go dteastaíonn uainn leathnú amach agus ionaid teagmhála do chustaiméirí a bhunú. Feileann an foirgneamh, atá curtha ar fáil dúinn ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chorcaí, na riachtanais ar fad atá againn chun an chéad chéim eile den ghnó a fhorbairt. Tá muid ag an stáid anois go dteastaíonn uainn foireann oibre a earcú láithreach bonn agus tá muid ag lorg daoine le scileanna maith cumarsáide agus caidreamh le custaiméirí.”

Beidh oíche eolais neamhfhoirmeálta á reáchtáil Dé Luain, 27 Meitheamh ag 8i.n. ar Pháirc Gnó Údarás na Gaeltachta i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Tabharfar eolas maidir le céard a dhéanann an comhlacht agus na folúntais atá ann. Is féidir le daoine a bhfuil suim acu teagmháil a dhéanamh le info@hertzsmarttraveller.com nó theacht chuig an seisiún eolais ar an oíche chun tuilleadh eolas a fháil.