Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhúirne

7 Meitheamh, 2016

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord an Údaráis i mBaile Bhúirne inniu, cuireadh fáilte roimh cheapacháin Gobnait Ní Mhuineacháin ar an Bhord.

Ag an chruinniú ceadaíodh líon tograí ina mbeidh 68 post nua á gcruthú iontu nuair atá na gnólachtaí faoi lán tseoil.
Lena chois sin,

  • Ceadaíodh soláthar maoinithe de €117,750 le tacaíocht a chur ar fáil d’Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo Europus Co Teoranta le cúrsa Ard-Dioplóma/MSC i nGaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúchán a reáchtáil i gCarna, Co. na Gaillimhe don bhliain acadúil 2016-17.
  • Ceadaíodh soláthar maoinithe de €96,000 d’Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge i gcomhar le Nemeton Teo le cúrsa Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse a reáchtáil sa Rinn, Co. Phort Láirge don bhliain acadúil 2016-17.
  • Ceadaíodh soláthar de €150,000 le clár cuimsitheach fuinnimh a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht i bpáirtnéireacht le hÚdarás Fuinnimh Inmharthanachta na hÉireann (SEAI) faoin chlár Pobail Fuinnimh Inmharthana thar tréimhse trí bliana. Tríd an clár oibre seo cuirfear traenáil ar fáil agus oibreofar i gcomhar le pobail Gaeltachta tríd na Comharchumainn agus coistí pobail i dtaca le tograí éagsúla ábhartha do chaomhnú fuinnimh.

D’fháiltigh an Bord roimh cheapacháin an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD agus dúirt na baill go bhfuil siad ag súil go mór le bheith ag obair leis ar mhaithe le gníomhaíochtaí chaomhnaithe teanga agus cúrsaí forbartha fiontraíochta agus fostaíochta a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

Thréaslaigh an Bord le CLG Naomh Abán as ucht an club theach nua atá forbartha acu le hinfheistíocht iomlán de os cionn €800,000 agus dúradh gur léiriú an togra ar an spiorad láidir pobal atá sa cheantar. Ghuí an Bord gach rath ar Choiste eagraithe Chomórtas Peile na Gaeltachta atá ar siúl an deireadh seachtaine seo.