Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha

3 Nollaig, 2015

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (2 Nollaig) ceadaíodh líon tograí ina mbeifear ag súil go gcruthófar 55 post nua nuair a bheidh na tograí faoi lán seoil. Tá infheistíocht iomlán de €7.38 milliún (idir na comhlachtaí agus an tÚdarás) beartaithe sna tograí seo agus beidh tuilleadh eolais ar fáil fúthu in am trátha.

Lena chois sin ceadaíodh deontais de os cionn €34,000 do Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo le cuidiú leis an chomhlacht acmhainní agus ábhar a fhorbairt le táirge nua oidhreachta agus cultúrtha a fhorbairt dírithe ar thurasóirí a thagann go dtí an ceantar.

Ceadaíodh maoiniú do Chomharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo le cuidiú leis an eagraíocht plean forbartha cúig bliana a réiteach do 2016-2020.