Gradam bainte amach ag Údarás na Gaeltachta ag na Gradaim Fuinnimh Inmharthanach 2015

20 Samhain, 2015

nóiméad léite

Bronnadh gradam de chuid Údarás Inmharthana Fuinnimh na hÉireann (SEAI) ar Údarás na Gaeltachta ag ócáid a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath aréir (19 Samhain) de bharr na tionscnaimh chaomhnaithe fuinnimh atá á bhainistiú aige ar fud na Gaeltachta.

Bhí Údarás na Gaeltachta ainmnithe sa chatagóir ‘Comhoibriú’, catagóir a thugann aitheantas ghrúpaí a oibríonn le chéile i dtreo aidhm chomónta, is é sin an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú, a bhaint amach. Tá Údarás na Gaeltachta ag cur béime ar iarrachtaí chun clár caomhnaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht agus tacaíocht a thabhairt do phobail agus do ghnóthaí chun úsáid níos éifeachtaí a bhaint as a gcuid fuinnimh trí úsáid agus costas an fhuinnimh a laghdú.

I measc na dtionscnamh seo atá á láimhseáil ag an Údarás, tá an Better Energies Scheme, faoina gcuirtear i bhfeidhm clár caomhnaithe fuinneamh i 17 togra ar fud na Gaeltachta, ag tabhairt san áireamh foirgnimh ina bhfuil cliantchomhlachtaí an Údaráis, tionscnaimh phobail, agus eastáit tionscail an Údaráis, le hinfheistíocht iomlán de €688,545; an tionscnaimh GREAT (Growing Renewable Energy Applications and Technologies) a chuireann béim ar shonraí a chur ar fáil ar fhorbairt réitigh theicneolaíochta maidir le heangach chliste, fuinnimh in-athnuaite agus ghiniúint dháilitheach; agus tiomantas Údarás na Gaeltachta le bheith mar phobal fuinnimh inmharthana a bhfuil sé mar aidhm aige réitigh a chur ar fáil chun ídiú fuinnimh agus costais sna ceantair Ghaeltachta a laghdú agus úsáid thíosach ar fhuinneamh agus teicneolaíocht in-athnuaite sa cheantar a mhéadú.

Deir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh lenár gcomhpháirtithe sa togra chomhoibríoch seo, agus go háirithe ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne ár bhfoireann, SEAI, GREAT agus na oibrithe deonach ar fad ar fud na Gaeltachta is leosan an gradam seo.”

Tá na tograí seo curtha ar bun i gcomhar le grúpaí pobail, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Mayo Energy Agency, INTERREG agus an GREAT EU Project, Retrofit Energy Ireland Limited (REIL), an Community Gain Investment Fund, agus ár gcliantchomhlachtaí.

Tugann na Sustainable Energy Awards, tíolactha ag Údarás Inmharthana Fuinnimh na hÉireann, aitheantas don mhéid atá bainte amach i mbainistíocht inbhuanaithe fuinnimh.