Buiséad 2016 fógartha d’Údarás na Gaeltachta

15 Deireadh Fómhair, 2015

nóiméad léite

An Laoi

Fógraíodh inniu (13/10/15) go mbeidh buiséad €17,510 milliún á chur ar fáil ag an Rialtas don Údarás in 2016, beagnach an méid céanna agus a cuireadh ar fáil don Údarás in 2015.

Tá soláthar de €3 mhilliún ceadaithe do bhuiséad reatha forbartha na heagraíochta. Is as an soláthar seo a chuirtear tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí Gaeilge agus forbartha pobail (ar a n-áirítear na comharchumainn, Muintearas Teo, Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo, Ealaín na Gaeltachta Teo).

Cuireann an tÚdarás fáilte roimh an méadú suntasach go €1 milliún atá á chur ar fáil do ghníomhachtaí na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge. Is ardú é seo ar an soláthar a bhí ar fáil in 2015 (€551,000) agus beidh An tÚdarás ag súil le sciar suntasach den allúntas sin a fháil le tacú le feidhmiú an phróisis phleanála teanga sa Ghaeltacht.

Cuirfear soláthar caipitil de €5,687 milliún ar fáil don eagraíocht in 2016. Díríonn an soláthar sin ar thacaíocht a chur ar fáil ar mhaithe le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.

Fáiltíonn an tÚdarás roimh an soláthar caipitil de €1.9 milliún atá á chur ar fáil don ionad cuairteoirí agus don fhorbairt ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Ciallaíonn sé seo anois go mbeidh an pacáiste maoinithe iomlán ar fáil chun an fhorbairt bheartaithe a thabhairt chun críche.

Fáiltíonn muid roimh an ráiteas atá déanta ag Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, a deir go mbeidh sé ag lorg tuilleadh maoinithe don Údarás tríd an phróiseas meastachán athbhreithnithe do bhuiséad caipitil na heagraíochta do 2016.