Cómhaoiniú curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun clár infheistíochta caomhnaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm

23 Meitheamh, 2015

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh cómhaoiniú do €262,900 atá ceadaithe ag Údarás Fuinnimh Inmharthanta na hÉireann (SEAI) chun tacú le clár infheistíochta caomhnaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Ceadaíodh an maoiniú faoin scéim Pobail Fuinnimh Níos Fearr agus é mar aidhm aige cuidiú le pobail/grúpaí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as fuinneamh trí chostas agus úsáid fuinnimh a ísliú.
Rinne an tÚdarás iarratas ar mhaoiniú chun clár infheistíochta sábháil fuinnimh a chur i bhfeidhm i 17 dtogra ar fud na Gaeltachta, i gcliantchomhlachtaí, tograí pobail, foirgnimh agus eastáit tionscail dá chuid féin.
Tá costas iomlán de €688,545 ar an phlean infheistíochta seo, agus déanfar é a mhaoiniú tré sholáthar €262,900 ó SEAI, €329,000 ón Údarás agus €103,000 óna chliantchomhlachtaí agus ó ghrúpaí atá páirteach.
Cuid den obair a bhéas dá dhéanamh ná uasghrádú coire, insliú ballaí, síleáil agus tanc uisce, uasghrádú fuinneoga agus doirse, córas bainistithe soilse agus córais smachtaithe ar théitheoirí, comhbhrúiteoir agus uasghrádú coire gal.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin “Tá an clár infheistíochta seo thar a bheith tábhachtach ó thaobh sábhála fuinnimh de do ghnóthaí chun tacú lena gcostais a ísliú, le cur le cumas iomaíochta na gnóthaí agus le caomhnú fostaíochta dá réir. Go fadtéarmach beidh an infheistíocht seo ag sábháil airgid don Údarás agus do na cliaint tré costais reáchtála na bhfoirgnimh a laghdú.”
Críoch

Na tograí atá roghnaithe:

  • Co Dhún na nGall
    • Oifigí an Údaráis Ghaoth Dobhair
    • Áislann Gaoth Dobhair
    • Aonad 1 (Uppiddee Teo.), Na Dúnaibh
    • Aonad 3 (Feidhm Mara Teo.), An Fál Carrach
    • RA Pacáistí Teo., Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
    • Snáth Dhún na nGall, Cill Charthaigh
    • Oileán Glas Teo., Cill Charthaigh
    • Faisc Miotail Éireann Teo., Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
    • Áras Ghaoth Dobhair
  • Co Mhaigh Eo
    • Aonad Fiontraíochta, An Eachléim
    • Iarfhoirgnimh Warners, Béal an Mhuirfead
  • Co na Gaillimhe

    • Árd Oifig, Na Forbacha
    • Aonad Fiontraíochta, Ros Muc
  • Co Chiarraí
    • Eastáit Bhaile na Buaille
    • Eastáit Bhaile an Mhuilinn
  • Co Chorcaí
    • Eastáit Bhaile Bhúirne

Tuilleadh Eolais:
Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta, Údarás na Gaeltachta – 091 503219 / 087 2217757; sng@udaras.ie