Údarás na Gaeltachta ag tacú le 300 post nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

27 Márta, 2015

nóiméad léite

D’fhógair Údarás na Gaeltachta inniu (27 Márta), go bhfuil sé mar sprioc ag an eagraíocht tacú le 300 post nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair thar tréimhse trí bliana (2015-2017). Ceadaíodh 80 post nua i dtograí don Pháirc Ghnó le tamall anuas agus beidh siad sin ag teacht chun cinn de réir a chéile.

Tá an tÚdarás le hinfheistíocht €4.7 milliún a dhéanamh ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair thar tréimhse trí bliana le tuilleadh fiontraíochta a chur chun cinn, le níos mó fostaíochta a chruthú agus le plean athfhorbartha caipitil a chur i bhfeidhm ar líon aitheanta dá bhfoirgneamh.

Leagtar amach plean gníomhaíochta cuimsitheach sa tuarascáil, Ag Forbairt na Fiontraíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a seoladh inniu. Tá clár oibre dírithe ar dheiseanna nua cruthú fostaíochta a mhealladh go dtí an Pháirc Ghnó. Is é an Fóram Forbartha Fiontraíochta a chuir an tuairisc i gceann a chéile. Is grúpa oibre idirghníomhaireachta é an Fóram a bhunaigh Údarás na Gaeltachta mar thoradh ar chinneadh Largo Foods, i mí Mhárta 2014, deireadh a chur le déantúsaíocht ina n-áis i nGaoth Dobhair agus an táirgeacht ar fad a aistriú go dtí a n-ionad déantúsaíochta i gCill Dhéagláin, Co. na Mí. Cailleadh 146 post sa cheantar mar thoradh air seo.

Bunaíodh an Fóram le measnú a dhéanamh agus réitigh a mholadh a bheadh dírithe ar fhiontraíocht nua a chur chun cinn agus deiseanna fostaíochta nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, go dtugann an tuairisc seo chun solais na dúshláin a bhaineann le forbairt fiontar sa cheantar agus go bhfuil an tÚdarás muiníneach go dtiocfaidh méadú ar an leibhéal fostaíochta ar an Pháirc Ghnó sna blianta amach romhainn. Dúirt sé, “Fáiltíonn muid roimh tuairisc an Fhóraim agus an anailís, na torthaí agus na moltaí atá leagtha amach ann. Cuirfidh Údarás na Gaeltachta a chlár oibre in ord tosaíochta agus cuirfidh sé na hacmhainní a bhfuil gá leo i dtreo iarrachtaí le fiontair nua a mhealladh le lonnú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil cúig thogra nua ceadaithe ar an Pháirc Ghnó le linn téarma oibre an Fhóraim. Cruthóidh na tograí nua sin 80 post nua. Tá roinnt de na poist sin ar an talamh cheana féin, agus tiocfaidh an chuid eile ina n-áit thar an dá bhliain amach romhainn nuair a bheidh na tograí faoi lán sheoil. Is ábhar dóchais é go bhfuil trí ghnó nua tar éis beartú lonnú ar an Pháirc Ghnó, agus tá dá chomhlacht, Euroflex agus Fáisc Miotail, atá lonnaithe ansin cheana féin ag dul i mbun tuilleadh forbartha.”

Ghabh Séamus Mac Eochaidh, Cathaoirleach an Fhóraim agus Bainisteoir Fiontraíochta agus Fostaíochta in Údarás na Gaeltachta, buíochas le comhaltaí an Fhóraim dá n-ionchur. Dúirt sé go gcuireann an tuairisc “béim ar earnálacha áirithe a chruthóidh fostaíocht inmharthanach i nGaoth Dobhair, nuair a thugtar gnéithe cosúil le foirgnimh atá oiriúnach don ghnó agus d’earnálacha ar leith, an suíomh, infreastruchtúr áitiúil, agus lucht saothair an cheantair san áireamh.”

Dúirt sé go bhfuil an earnáil bia ar cheann de na príomhearnálacha atá Údarás na Gaeltachta ag díriú air faoi láthair, de bharr go bhfuil áis déantúsaíochta bia ar fáil ar an Pháirc Ghnó agus mar gheall ar an mhéid daoine oilte le taithí san earnáil sin ar fáil go háitiúil. D’úsáid sé sampla de dhá gnó nua, Bia Beo Natasha Teo agus Kombucha Éireannach Teo, comhlachtaí atá ag obair san earnáil bia agus atá ag lonnú ar an Pháirc Ghnó. Beidh an dá chomhlacht seo lonnaithe san fhoirgneamh ina raibh Largo Foods agus a bpleananna forbartha á gcur i bhfeidhm. Chuir sé béim ar an tábhacht atá leis na comhlachtaí reatha atá lonnaithe ar an Pháirc Ghnó, an fhostaíocht a chuireann siad ar fáil agus an tábhacht atá le tacú le haon pleananna forbartha a bheas acu.

Is féidir cóip den tuairisc a fháil anseo.