Tús curtha ag Randox Teoranta lena bhfeachtas earcaíochta

18 Nollaig, 2014

nóiméad léite

Tá Randox, comhlacht domhanda biteicneolaíochta, ag fógairt go bhfuil tús a chur le feachtas earcaíochta le méadú a chur lena ngnó ar an Chlochán Liath. I mí Dheireadh Fómhair leag an comhlacht amach a bhfís do Randox Teoranta, a n-aonad ceannródach eolaíochta beatha agus déantúsaíochta ar an Chlochán Liath, nuair a d’fhógair siad infheistíocht shuntasach de €25 milliún agus méadú de bheagnach 500 post roimh 2020.

Tá tús curtha anois leis an chéad chéim d’fheachtas earcaíochta #Dungloe 2020 agus mar thús díreofar isteach ar innealtóirí leictreacha, meicniúla agus bogábhair, mar a dúirt Bainisteoir Stiúrtha Randox, Dr Peter FitzGerald:
“Tá lúcháir orainn go bhfuil tús curtha anois leis an phróiseas earcaíochta do na chéad phostanna faoi thionscadal #Dungloe 2020. Bheadh suim mhór againn cluinstin ó fhorbróirí agus ó thástálaí bogearraí, ó innealtóirí bogearraí leabaithe, uathu siúd a bhfuil cúlra acu i ndearadh meicniúil agus ó innealtóirí leictreonacha agus leictreacha.

Is ionad taighde agus déantúsaíochta san earnáil innealtóireachta agus eolaíochta beatha na chéad ghlúine eile é Randox Teoranta, ionad ina dhéantar taighde ceannródaíoch ar ghalair a bhfuil tionchar acu ar shláinte daonna, galair macasamhail Alzheimer’s, galair ae agus galair duáin. Tá súil againn go dtig linn eolaithe agus innealtóirí atá sa bhaile don Nollaig a mhealladh le dul sa tóir ar ghairm bheatha bhuan den scoth anseo ina gceantar dúchais.”

Dúirt Stiofán Ó Cualáin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
“Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil tús a chur ag Randox Teoranta lena bhfeachtas earcaíochta tar éis dóibh infheistíocht shuntasach a fhógairt ina n-aonad ar an gClochán Liath. Tá áthas orainn a bheith in ann tacaíocht a thabhairt don chomhlacht a bhfeachtas earcaíochta a chur sa tsiúil. Beidh ról tábhachtach ag na fostaithe nua i bhfás agus i bhforbairt an chomhlachta sna blianta amach romhainn. Guíonn muid gach rath ar an chomhlacht lena bhfeachtas”.

Beifear in ann bualadh isteach ag Randox Teoranta, maidin Dé Céadaoin, 24 Nollaig, idir 9.00 r.n.-1200 meán lae, le tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna gairme. Beidh ionadaithe ón chomhlacht sásta labhairt le haon duine faoi fhorbairtí
#Dungloe2020 agus faoin mhéadú agus faoi dheiseanna fostaíochta.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi phoist fhógraithe #Dungloe 2020, téigh chuig www.randox.com nó cur ríomhphost ag recruitment@randoxteoranta.com