Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhógairt Randox Teo do phleananna infheistíocht de €25m agus méadú líon post go 540

22 Deireadh Fómhair, 2014

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh fhógairt Randox Laboratories inniu (20 Deireadh Fómhair) go bhfuil sé beartaithe acu infheistíocht suntasach de €25milliún a dhéanamh san áis atá acu ar an Chlochán Liath i gCo. Dhún na nGall agus an líon post a mhéadú ó 66 go 540 faoi 2020. Is comhlacht domhanda atá chun tosaigh sa réimse diagnóisic leighis é Randox Laboratories, a bhfuil fís nua leagtha amach acu dá n-aonad déantúsaíochta agus taighde innealtóireachta agus eolaíocht bheatha. Rinne an comhlacht cur síos ar a gcuid pleananna infheistíochta dá mhonarcha, do threalamh, oibreacha tógála agus taighde agus forbairt sa 5-6 bhliain amach romhainn.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, gur dea-scéala é an fhógairt seo do Ghaeltacht Dhún na nGall. “Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an chomhlacht seo ó bunaíodh é ar an Chlochán Liath i 2008. Tá muid tiomanta de leanúint ag obair le Randox ar a straitéis forbartha agus ar an fhís atá acu an t-aonad ar an Chlochán Liath a fhorbairt mar áis thaighde agus déantúsaíochta den chéad scoth. Cruthóidh an infheistíocht seo réimsí leathana poist a chuirfidh deiseanna suntasacha ar fáil do lucht oibre na Gaeltachta sna blianta amach romhainn agus tabharfaidh sé an deis do chéimithe Gaeltachta atá ina gcónaí i gceantair eile sa tír agus thar lear, filleadh agus oibriú ina gceantair dúchais fhéin.”

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt Dr. Peter FitzGerald, bunaitheoir agus stiúrthóir bainistíochta Randox Laboratories, “Cuirfidh muid tús le caibidil nua do Randox, comhlacht atá tiomanta feabhas a chur ar sláinte dhaoine tríd diagnóisic nuálacha. Taispeánann ár straitéis do Randox 2020 go bhfuil muid tiomanta don cheantair, agus léireoidh sé go bhfuil Randox Teo lárnach i dtodhchaí an n. Is teachtaireacht de phairtnéireacht atá san fhógairt seo inniu, is é an pobal agus an diaspóra ag obair as lámha a chéile a chuideoidh le forbairt an chomhlachta seo.”

Dúirt Joe McHugh T.D., An tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, “Is fógra suntasach atá déanta ag Randox Laboratories inniu, comhlacht atá mar cheannaire domhanda sa réimse diagnóisic leighis, go bhfuil sé le Randox Teo ar an Chlochán Liath a forbairt mar ionad barr feabhais agus mar cheann de na háiseanna déantúsaíocht diagnóisic is nua-aimseartha sa domhan. Léiríonn an fhógairt seo go bhfuil an comhlacht tiomanta don cheantair agus don fhoireann oibre atá aige. Molaim Údarás na Gaeltachta as ucht an obair atá déanta acu chun Randox a mhealladh chuig An Chlochán Liath agus an tacaíocht atá curtha ar fáil acu don chomhlacht go dtí seo. Beidh mé ag obair leis an Údarás agus le Randox sna míonna amach romhainn lena chinntiú gur féidir na pleananna atá ag an chomhlacht a thabhairt chun críche.”