Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne i gCo. Chorcaí

3 Aibreán, 2014

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord an Údaráis i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí inniu (28/3/2014) ceadaíodh soláthar airgid €307,000 d’Ealaín (na Gaeltachta) Teo le tacú leis an chomhlacht leanúint lena chlár forbartha ealaíon sa Ghaeltacht in 2014 i gcomhpháirtíocht leis An Chomhairle Ealaíon.

Ceadaíodh soláthar maoinithe €678,000 le scéimeanna oiliúna agus oideachais a chur i bhfeidhm ar fud na Gaeltachta le linn na bliana. Tá sé mar chuspóir ag an Údarás cur le bunús agus caighdeán na scileanna sa Ghaeltacht agus déantar é seo trí scéimeanna agus cláir oiliúna/traenála faoi leith a mhaoiniú. Ina measc, tá Scéim na bPríntíseachtaí, an Scéim Forbartha Bainistíochta agus an Scéim Taithí Oibre. Cuirtear tacaíocht ar fáil le cúrsaí oiliúna a reáchtáil in ábhar a bhaineann le cúrsaí fiontraíochta agus pleanáil/buanú teanga. Mar chuid den tsoláthar seo tá maoiniú á dhéanamh ar na cúrsaí Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga agus Dioplóma Ríomhaireachta don Riarachán Gnó atá á riaradh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Dioplóma i Múineadh na Gaeilge atá á thairiscint ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Tá tacaíocht á chur ar fáil chomh maith le deis a thabhairt do rannpháirtithe na scéimeanna sóisialta fostaíochta cáilíochtaí breise a bhaint amach taobh amuigh de struchtúr feidhme na scéimeanna trí fhreastal ar chúrsaí ábhartha.

D’aontaigh an Bord ¾ acra talún de chuid an Údaráis atá ar imeall Pháirc Ghnó Bhaile Bhuirne a ligean ar léas le Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí chun cur ar chumas an choiste áitiúil trealamh aclaíochta agus fearais eile faoin aer a lonnú in aice leis an chosán reatha atá á fhorbairt acu mar chuid de pháirc chuimhneacháin i mBaile Bhuirne.

Phléigh an Bord an cinneadh atá déanta ag Largo Foods an gnó táirgeachta atá aige ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a aistriú go Cill Déagláin i gCo na Mí agus chuir siad a n-díomá in iúl faoi na himpleachtaí atá ag an chinneadh seo do na hoibrithe. Tugadh le fios don Bhord go bhfuil socruithe á ndéanamh ag bainistíocht an Údaráis faoi láthair le coiste oibre a bhunú le tabhairt faoi thograí nua a aimsiú agus deiseanna fostaíochta nua a mhealladh go Gaoth Dobhair. Eagrófar an chéad chruinniú den choiste oibre seo sa choicís amach romhainn.