Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta i Maigh Eo

23 Iúil, 2013

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta ar 12 Iúil ceadaíodh líon tograí ina mbeidh 129 post nua agus infheistíocht iomlán de thart ar €7 milliún i gceist iontu nuair a bheidh na tograí faoi lán seoil. Tabharfar breis eolais faoi na tograí seo in am trátha.

Lena chois sin, ceadaíodh €37,085 d’eagraíochtaí agus do choistí pobail ar fud na Gaeltachta le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla teangabhunaithe agus forbartha pobail.