Seoladh an tionscadail ConnectG – ag obair le chéile chun an méid is mó a fháil as ár dteangacha Gaeilge

27 Meitheamh, 2013

nóiméad léite

Seolfar an tionscadal ConnectG inniu (Dé Céadaoin 26 Meitheamh) ag comhdháil idirnáisiúnta na gComharsan Ceilteacha atá ar siúl i Sabhal Mòr Ostaig, an tEilean Sgitheanach, Albain. Féachann an tionscadal le comhoibriú a mhéadú idir Albain, Tuaisceart Éireann agus Éirinn agus naisc níos láidre a chothú idir gnóthaí atá ag úsáid Gàidhlig agus Gaeilge.

Shínigh na trí pháirtí sa tionscadal – Sabhal Mòr Ostaig, Albain, Cultúrlann McAdam Ó Fiach, Tuaisceart Éireann agus Údarás na Gaeltachta, Poblacht na hÉireann – an comhaontú comhpháirtíochta a chuireann tús leis an togra milliún punt seo le tacú le fiontair a ngnóthaí a fhás trí níos mó úsáide a bhaint as a sócmhainn teanga.

Beidh an tionscadal seo, atá tacaithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa INTERREGIVA chomh maith le Bòrd na Gàidhlig, MG ALBA, Rialtas na hAlban agus Sabhal Mòr Ostaig, ar siúl ar feadh níos mó ná dhá bhliain agus cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do thurasóireacht, d’fhiontair meán agus shóisialta. Déanfar measúnú ar ghnéithe éagsúla ConnectG agus cuirfidh sé seo taca faoi straitéis a fhorbairt do chomhoibriú sa todhchaí idir gníomhaireachtaí de chuid na hearnála poiblí. Táthar ag súil ansin go soláthróidh an straitéis seo éifeachtúlacht agus éifeachtacht níos mó i dtacaíocht teanga sa todhchaí.

D’fháiltigh Donnie Munro, cathaoirleach ghrúpa stiúrtha Connect G, roimh an togra. “Tá obair déanta againn le roinnt blianta chun an tionscadal seo a fhorbairt agus tá áthas orainn a fheiceáil anois go bhfuil toradh ar an obair sin. Creidimid go gcuirfidh sé deiseanna tábhachtacha ar fáil do réimse leathan fiontair sna trí cheantar agus go n-éascóidh sé fás in úsáid teanga i ngnó.”

Chuir Pat Colgan, Príomhfheidhmeannach an Chomhlachta um Chláir Speisialta AE, fáilte roimh an tionscadal ag rá: “Is dea-shampla é an tionscadal trípháirteach seo den chineál oibre cruthaithí dírithe ar fhiontar gur féidir tacú léi trí mhaoiniú an Aontais Eorpaigh. Trí pháirtithe a thabhairt le chéile ó na trí cheantar sa réimse incháilithe le húsáid na dteangaí Gaeilge i ngnó a chur chun cinn, cuirfidh sé gréasán tacaíochta ar fáil d’fhiontair áitiúla a sholáthróidh iomaíochas níos mó agus cuideoidh sé le húsáid teanga níos forleithne. Tá sé seo ag teacht go mór le haidhmeanna Chlár INTERREG IVA a fhéachann le comhoibriú tras-teorann feabhsaithe a chur chun cinn d’fhonn réigiún níos rathúla.”

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go raibh áthas ar an Údarás a bheith páirteach i dtionscadal ConnectG. “Fáiltímid roimh an deis oibriú agus comhoibriú le Sabhal Mòr Ostaig agus Cultúrlann McAdam Ó Fiach agus leis na gníomhaireachtaí eile chun na buntáistí eacnamaíocha agus cultúrtha a bhaineann le huasmhéadú úsáid na Gaeilge ina ngnó, a léiriú d’fhiontair.”

Dúirt Eimear Ní Mhathúna, Príomhfheidhmeannach Chultúrlann McAdam Ó Fiach: “Tá an-áthas ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich bheith páirteach sa togra seo, a chuirfidh go mór le próifíl ghnólachtaí Gaeilge idir Alba agus Éire agus a spreagfaidh agus a thabharfaidh tacaíocht d’fhiontraíocht úr, ag cur le húsáid na dteanga.”

Ceapfar foireann de cheathrar chun an tionscadal leathan seo a sheachadadh. Beidh beirt lonnaithe in Sabhal Mòr Ostaig, duine in Údarás na Gaeltachta agus duine eile idir Cultúrlann McAdam Ó Fiach agus Cumann Pobail Charn Tóchair.