Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta sa Rinn

31 Bealtaine, 2013

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta inniu (31 Bealtaine) sa Rinn i nGaeltacht na nDéise, chas comhaltaí an Bhoird le baill de Choiste Áitiúil agus Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta. Mhol an Bord an obair iontach atá déanta ag an Choiste Áitiúil agus iad ag ullmhú don Chomórtas Peile atá ar siúl sna Déise an deireadh seachtaine seo.

Ag an chruinniú, bhronn Bord an Údaráis an gradam aitheantais, Lóchrann, ar Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta. Is buan-ghradam é Lóchrann a dhéanfar a bhronnadh go bliantúil as seo amach ar aíonna faoi leith mar aitheantas speisialta dá bhfuil bainte amach acu ó thaobh cúrsaí spóirt a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Is é Údarás na Gaeltachta urraí an ghradaim agus tá an tÚdarás ag cuir an ghradaim ar fáil don Choiste Náisiúnta lena bhronnadh go bliantúil le linn an Chomórtais.

Ag an chruinniú Boird, tugadh le fios dá chomhaltaí gur tionóladh an chéad chruinniú de Choiste Pleanála Teanga an Údaráis an lá roimh ré. Cuireadh an Coiste Pleanála Teanga i gceann a chéile le plé agus moltaí a dhéanamh i leith ghníomhaíochtaí pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tuairiscíodh gur fháiltigh an Coiste Pleanála Teanga roimh chinneadh atá déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta. Mar chuid den athbhreithniú seo déanfar na roghanna éagsúla maidir le soláthar oideachais trí Ghaeilge a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012 a aithint. I bhfianaise an fhógra sin, aontaíodh go gcuirfeadh an tÚdarás aighneacht chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le téarma tagartha an athbhreithnithe.

Le linn an chruinnithe, cheadaigh Bord an Údaráis maoiniú d’ Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Nemeton Teo le cúrsa Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse a reáchtáil sa Rinn don bhliain acadúil 2013/14. Tá an cúrsa seo á reáchtáil ó 2006 agus tá beagnach leath de chéimithe an chúrsa seo fostaithe san earnáil chlosamhairc ar fud na Gaeltachta.