Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh scéim bhreise TÚS do Ghaeltacht na Gaillimhe agus Mhaigh Eo

8 Bealtaine, 2013

nóiméad léite

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh chinneadh na Roinne Coimirce Sóisialaí dhá scéim bhreise TÚS a chur ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe agus Mhaigh Eo. Cuireann an Scéim TÚS deiseanna gearrthéarmacha oiriúnacha oibre ar fáil dóibh siúd atá dífhostaithe agus beidh 20 áit ar fáil ar gach scéim. Faoi láthair, tá dhá scéim TÚS ag feidhmiú i nGaeltacht na Gaillimhe agus scéim amháin TÚS ag feidhmiú i nGaeltacht Mhaigh Eo agus beidh scéim eile anois sa dá Ghaeltacht sin.

Is é An Roinn Coimirce Sóisialaí a ainmníonn na daoine le bheith rannpháirteach ar an scéim TÚS. Tá gá le maoirseoir a cheapadh le bainistiú a dhéanamh ar gach scéim agus tá tús curtha le próiseas earcaíochta le post na maoirseoirí a líonadh. Beidh sé mar dhualgas ar na maoirseoirí an scéim a riar, a chur chun cinn agus maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtithe.

Tá tuilleadh eolais faoi na poist seo le fáil thíos;