Randox Teo le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a áis Taighde agus Forbartha ar an Chlochán Liath le hinfheistíocht de €0.5 milliún

3 Bealtaine, 2013

nóiméad léite

D’fhógair Randox Teo inniu go bhfuil sé chun infheistíocht bhreise de €0.5 milliún a dhéanamh san áis Taighde agus Forbartha atá ag an chomhlacht ar An Chlochán Liath, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta tríd an Scéim Taighde agus Forbartha agus Nuálaíochta. Tá straitéis Randox tiomáinte ag an riachtanas atá ann sonraí diagnóiseacha ar ardchaighdeán, sciobtha agus faisnéiseach a sholáthar don mhargadh ionas gur féidir galair a aithint go luath, rud a chabhróidh le dochtúirí i mbun cúram othar.

Díreoidh an infheistíocht ar leith seo ar fhorbairt theicneolaíochtaí nua chun tástáil ilphléacsach a dhéanamh do ghalar duáin, galar Alzheimer agus ailsí scamhóg.

Ag caint le Bord Údarás na Gaeltachta a bhí ag tabhairt cuairte ar an áis inniu, dúirt an Dochtúir Peter Fitzgerald, úinéir agus Bainisteoir Stiúrtha Randox Holdings Ltd, “Is céim eile í an infheistíocht seo i dtreo ionad taighde agus forbartha diagnóiseach den scoth a bheith bunaithe ar an Chlochán Liath. Tá sé mar aidhm againn teicneolaíocht nua agus feabhsaithe a fhorbairt a chuideoidh le fáthmheas a dhéanamh ar ailse agus ar ghalair eile, agus na táirgí sin a thabhairt chuig an margadh ón áis seo.”

Tá 42 duine fostaithe ag an gcomhlacht faoi láthair ar an Chlochán Liath agus tá súil 130 duine a bheith fostaithe ann faoi dheireadh 2015.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, “Cuidíonn an infheistíocht seo treisiú a dhéanamh ar fhorbairt an fhiontair don todhchaí ar an Chlochán Liath. Is údar misnigh é an caighdeán ard fostaíochta atá á cur ar fáil ag an chomhlacht seo do dhaoine áitiúla agus cuideoidh an infheistíocht nua seo le tuilleadh post ar ardchaighdeán a chruthú sna réimsí déantúsaíochta, innealtóireachta, taighde agus forbartha agus margaíochta.”

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D, a bhí i láthair chomh maith, fáilte roimh an infheistíocht seo agus mhol sé Údarás na Gaeltachta as an obair leanúnach atá ar siúl aige le Randox agus an fhorbairt ar an Chlochán Liath.

Nóta Eolais
Táirgeann Randox Laboratories réimse d’anailíseoirí ceimice agus bith-shlise (biochip) cliniciúla do na hearnálacha sláinte agus taighde domhanda. Bíonn a chuid táirgí in úsáid in os cionn 145 tír ar fud an domhain ag ospidéil, saotharlanna taighde agus fóiréinseacha, comhlachtaí cógaisíochta, eagraíochtaí tástála spóirt agus clinicí tréidliachta. Soláthraíonn an t-aonad ar an Chlochán Liath táirge anailíseoir chliniciúil an chomhlachta agus is ann atá ceann de phríomhshaotharlanna taighde agus forbartha an chomhlachta.

In 2008, d’fhógair Randox Laboratories Ltd go raibh sé chun áis déantúsaíochta diagnóiseach agus taighde agus forbartha a bhunú ar an Chlochán Liath ina mbeadh infheistíocht iomlán de €7.5 milliún i gceist le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. In 2011, léirigh an comhlacht a thiomantas don cheantar trí an fhoirgneamh a bhí aige ar léas ó Údarás na Gaeltachta ag an am a cheannach.

Taispeánann fianaise go bhfuil diagnóisic chliniciúil go mór chun tosaigh sa chomhrac ar son sláinte níos fearr. Tá sé aitheanta go coitianta gur ón saotharlann a thagann an oiread agus 70% den eolas a úsáideann pearsana leighis chun fáthmheas a dhéanamh. Tá Randox ag cuidiú trí thaighde agus forbairt le córais dhiagnóiseacha feabhsaithe chun eolas breise maidir le hothair a chur ar fáil do lucht ghairm an leighis.