An chéad stiúideo beochana íomhá ar íomhá in Éirinn lonnaithe i gConamara

23 Aibreán, 2013

nóiméad léite

Siobhán Ní Ghadhra, Telegael, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cualáin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Paul Cummins, Telegael, agus Ben Halliwell, Stiúrthóir Igam Ogam, sa chéad stiúideo beochana íomhá ar íomhá in Éirinn

Tá Telegael Teo, ceann de na comhlachtaí beochana agus léirithe teilifíse is mó atá chun tosaigh san Eoraip, tar éis Beochan, stiúideo beochana íomhá ar íomhá (stop-motion animation studio) ardteicneolaíochta, a fhorbairt i gCasla, Co. na Gaillimhe. Cruthóidh an stiúideo, a bunaíodh le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta, 40 post. Tá tús curtha le scannánaíocht cheana féin agus is é an chéad tionscnamh a bheidh ar siúl ag Beochan ná beochan a dhéanamh ar an dara sraith Igam Ogam, sraith beochana do pháistí ina bhfuil 26 clár á léiriú do chraoltóirí Five, S4C, TG4 agus ZDF Enterprises, a dháileann an sraith go hidirnáisiúnta.

Dúirt Paul Cummins, Príomhfheidhmeannach Thelegael, “is é seo an chéad stiúideo beochana íomhá ar íomhá in Éirinn agus tá áthas orainn go bhfuil an fhorbairt curtha i gcrích agus go bhfuil tús curtha le léiriú ar ár gcéad sraith beochana. Leanfaidh obair ar an tsraith seo ar aghaidh go dtí deireadh na bliana agus tá súil againn go mbeidh go leor sraitheanna beochana íomhá ar íomhá agus príomhscannáin á léiriú sa stiúideo ardchaighdeáin seo.”

Ag cur fáilte roimh an fhógra seo, dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, go mbeidh tionchar tábhachtach eacnamaíoch ag an infheistíocht seo agus ag na poist a bheidh cruthaithe dá bharr, ar an gceantar. “Molaim Telegael agus Údarás na Gaeltachta as an obair atá déanta acu chun an fhorbairt seo a chur i gcrích.”

Is comhléiriú é Igam Ogam idir Telegael agus Calon TV atá lonnaithe i gCardiff. Tá an léiriú bogtha ón mBreatain Bheag, áit ar léiríodh an chéad tsraith, chuig stiúideo Beochan i gConamara, áit a bhfuil an beochan agus iarléiriú faoi lán seoil. Tá an stiúrthóir agus cuid den fhoireann beochana a d’oibrigh ar an gcéad sraith lonnaithe i gCasla anois agus iad ag cur oiliúna ar ealaíontóirí beochana Éireannacha le linn dóibh a bheith i mbun léirithe ar an tsraith beochana.

Is í Siobhán Ní Ghadhra, Príomhoifigeach Oibriúcháin Thelegael an duine atá freagrach as an oibriúchán nua seo. “Tá sé spreagúil a fheiceáil go bhfuil an rud a thosaigh mar aisling tagtha fíor anois” a dúirt sí. “Tá sár-fhoireann ag obair anseo againn agus tá mé ag tnúth go mór leis an ngnó a bheith ag forbairt agus ag leathnú sna blianta amach romhainn.”

Críoch
Eolas breise:
Siobhán Ní Ghadhra, Príomhoifigeach Oibriúcháin, Telegael – 091 558600

Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Cumarsáide & Margaíochta, Údarás na Gaeltachta
091 503219 / 087 2217757 / sng@udaras.ie

Aliston Stokes, Caidreamh Poiblí do Calon, 07817 990771