Údarás na Gaeltachta ag lorg iarratais le haghaidh scéim turasóireachta a dhéanann ceiliúradh ar chultúr

22 Aibreán, 2013

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg iarratais ó ó dhaoine, ó choistí agus ó ghrúpaí ar suim leo sraith imeachtaí cultúrtha tarraingteacha ar ardchaighdeán a reáchtáil do chuairteoirí sa Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo tacú le himeachtaí a chruthaíonn beocht in áiteanna faoi leith ag amanna tábhachtacha, a chuireann fíor eispéiris uathúla ar fáil do chuairteoirí, a thacaíonn tuilleadh cuairteoirí a mhealladh chun an cheantair agus iad a spreagadh chun fanacht níos faide.

Tá an scéim seo a mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Éireann agus dírithe ar imeachtaí atá ar siúl ar an Slí Atlantach (Wild Atlantic Way) i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe, Chorcaí agus Chiarraí. Gheobhaidh iarrthóirí ráthúla tacaíocht d’imeachtaí a thugann aghaidh ar bhearna sa mhargadh, a bhíonn ar siúl ag amanna rialta thar thréimhse seachtainí/míonna seachas imeacht aon uaire / aon lá agus a bhíonn ar siúl i spásanna poiblí/taobh amuigh.

Spriocdháta d’iarratais ar 6 Bealtaine 2013. Tuilleadh eolais ar fáil ag feilte@udaras.ie