Cruinniú Boird Údarás na Gaeltachta sna Forbacha, Márta 2013

1 Márta, 2013

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (1 Márta) ceadaíodh líon tograí ina mbeidh 110 post nua agus infheistíocht iomlán de thart ar €5 milliún i gceist iontu nuair a bheidh na tograí faoi lán seol. Beidh breis eolais á thabhairt fúthu seo in am trátha.

Lena chois sin, ceadaíodh €1.56 milliún in iomlán d’eagraíochtaí ag a bhfuil tionscnaimh agus gníomhaíochtaí éagsúla pleanála teanga ar bun acu mar a leanas:

  • Ceadaíodh deontas reáchtála €580,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta le cómhaoiniú a dhéanamh ar chlár oibre an chomhlachta do 2013. Faoi láthair tá 62 seisiún naíonra faoi scáth na heagraíochta ag cur seirbhíse ar fáil do thart ar 850 páiste chomh maith le seirbhísí eile ar nós seirbhísí naíolainne agus iarscoile, club bricfeasta agus seisiúin do thuismitheoirí, ag freastal ar 450 páiste ina iomláine.
  • Ceadaíodh deontas reáchtála €250,000 d’Óige na Gaeltachta Teo le cuidiú leis a chlár imeachtaí do 2013 a chur i bhfeidhm. Cuireann Óige na Gaeltachta Teo seirbhís óige Gaeilge ar fáil do dhaoine óga idir seacht mbliana agus ocht mbliana déag ar fud na Gaeltachta. Tá 45 club óige ar a mbíonn 1,600 ball ag freastal á riaradh ag an eagraíocht chomh maith le ceithre ionad buail isteach ag freastal ar 200 duine óg.
  • Ceadaíodh deontas reáchtála €400,000 do Mhuintearas Teo lena chlár imeachtaí a reáchtáil don bhliain 2013. Is fochomhlacht de chuid an Údaráis é Muintearas Teo atá á mhaoiniú chun cuspóirí áirithe oideachais, teanga agus forbartha daonna a bhaint amach agus go háirithe tograí atá dírithe ar sheirbhísí luathoideachais, obair óige, seirbhísí oiliúna, seirbhísí forbartha teanga, seirbhísí pobal agus áitiúla.
  • Ceadaíodh soláthar caipitil €335,000 d’Ealaín na Gaeltachta Teo le cómhaoiniú a dhéanamh ar chlár gníomhaíochtaí agus scéimeanna forbartha ealaíon na heagraíochta.

Arramara Teo
Le tamall anuas tá próiseas cuimsitheach ar bun ag Údarás Na Gaeltachta chun féachaint ar na roghanna inmharthana agus forbartha is fearr chun todhchaí an chomhlachta Arramara Teo a dhaingniú. Cuireadh feachtas ar bun le páirtnéir a aimsiú a bheadh in ann an comhlacht a fhorbairt agus a fhás agus tugadh deis don chomhlacht féin cás gnó a dhéanamh. Ag cruinniú Bord an Údaráis inniu cinneadh scaireanna an Údaráis sa chomhlacht Arramara a dhíol leis an chomhlacht Acadian Seaplants Ltd. Beidh an socrú seo faoi réir cead an Aire agus coinníollacha dlí a bheith socruithe.