Lá Eolais faoi dheiseanna fostaíochta, cúrsaí oideachais agus traenála á eagrú ar an Cheathrú Rua

11 Feabhra, 2013

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Forum Connemara Ltd ag eagrú lá eolais le sonraí a thabhairt faoi dheiseanna fostaíochta, cúrsaí oideachais agus traenála i gceantar na Gaillimhe, in Óstán an Cheathrú Rua ar 28 Feabhra 2013, idir 10r.n. agus 4i.n. Bheadh an Lá Eolais oiriúnach do dhaoine atá ag lorg poist nó ar suim leo tabhairt faoi chúrsa oideachais nó traenála.

Beidh aoichainteoirí ón VEC, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Forum Connemara, Skillsnet, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Muintearas agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag déanamh cur i láthair ar an lá faoi scéimeanna fostaíochta, cúrsaí oideachais agus traenála.

Beidh seastáin eolais ag na heagraíochtaí seo agus roinnt comhlachtaí Gaeltachta atá ag earcú. Chomh maith le sin beidh deis ag daoine labhairt le fostóirí agus comhairleoirí gairmthreorach.

Tá an Lá Eolais saor in aisce don phobal agus cuirfear sólaistí ar fáil ag am lóin. Le háit a chur in áirithe nó le breis eolais a fháil féach ar www.udaras.ie nó cur glaoch ar Údarás na Gaeltachta, 091 503117 nó Forum Connemara Ltd, 087 7952747.

Faigh Clár an lae thíos;