An chéad chruinniú de Bhord nua Údarás na Gaeltachta sna Forbacha

7 Nollaig, 2012

nóiméad léite

Tionóladh an chéad chruinniú de Bhord nua Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (7 Nollaig) faoi chathaoirleacht Anna Ní Ghallachair.

Ag an chruinniú pléadh réimse leathan ábhar, ina measc tograí, clár oibre agus modhanna imeachta a bhaineann le riachtanais rialacháin na heagraíochta. Aontaíodh go mbeadh seisiún plé faoi leith ag an chéad chruinniú Boird eile faoi chúrsaí pleanála teanga agus straitéis forbartha na heagraíochta do na blianta amach romhainn.

Thug bainistíocht an Údaráis le fios do chomhaltaí an Bhoird go mbeadh soláthar €18.6m in iomlán ar fáil ón Stát do na buiséid caipitil agus reatha. Beidh buiséad caipitil na heagraíochta, a dhíríonn ar chruthú fostaíochta, idir soláthar ón Stát agus teacht isteach óna fhoinsí féin (measta) de c.€10m ar fáil. Tá feidhmeannais an Údaráis an-dóchasach go mbeidh an eagraíocht in ann teacht ar mhaoiniú caipitil breise tríd na ceangail atá cothaithe aige le háisínteachtaí forbartha náisiúnta ar nós Fiontraíocht Éireann, an Ghníomhaíocht Forbartha Tionscail (IDA), Bord Iascaigh Mhara agus Bord Bia le tacú le gníomhaíochtaí fiontraíochta a chur chun cinn leis an bhonn fostaíochta sa Ghaeltacht a choinneáil slán agus a fhás. D’fháiltigh an Bord roimh an soláthar de €3.4 atá curtha ar fáil ag an státchiste le díriú ar ghníomhaíochtaí forbartha pobail agus teanga.

Chas Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. leis an Bhord nua agus pléadh cúrsaí buiséadta do 2013; cúraimí an Údaráis faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta 2012, agus an tábhacht atá le ról forbartha fiontraíochta agus cruthú fostaíochta an Údaráis a dhaingniú. Léirigh an Bord a n-imní faoin chinneadh atá déanta COGG a chónascadh leis an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.