Tionscnamh nua ag an Údarás le todhchaí na feirmeoireachta bradán i gConamara a chinntiú

30 Iúil, 2012

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh chinneadh an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney, TD, inniu, ceadúnais uisceshaothraithe ó chúig chomhlacht éagsúil a aistriú chuig an gcomhlacht nua Bradán Beo Teo.

Is comhlacht é Bradán Beo Teo atá bunaithe ag Údarás na Gaeltachta, Maoiniú Mara Teo agus Michael Muhr chun iarracht a dhéanamh feirmeoireacht bradán inmharthana a dhaingniú agus a athbheochan i gCuan Chill Chiaráin i gCo. na Gaillimhe.

Ag cruinniú dá chuid an mhí seo caite, thacaigh Bord Údarás na Gaeltachta leis an socrú comhlacht nua Bradán Beo Teo a bhunú agus iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus na ceadúnais a aistriú. Le roinnt míonna anuas, tá an tÚdarás ag obair i bpáirtíocht le sealbhóirí na gceadúnas feirmeacha éisc i ndeisceart Chonamara agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le hiarracht a dhéanamh todhchaí na feirmeoireachta bradán orgánaigh i ndeisceart Chonamara a chosaint, a fhorbairt agus a chinntiú.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeananch Údarás na Gaeltachta, “Tá 75 duine fostaithe faoi láthair san earnáil uisceshaothraithe i gConamara sna réimsí feirmeoireachta éisc, próiseála, pacáistiú agus díolacháin. Cabhróidh bunú an chomhlachta Bradán Beo Teo leis na poist seo a chosaint agus cinnteoidh sé forbairt inmharthana an tionscail feirmeoireachta bradán i gCuan Chill Chiaráin sa todhchaí.

Beidh Bradán Beo Teo ag obair i gcuideachta Bhord Iascaigh Mhara agus Foras na Mara le forbairt inmharthana na bhfeirmeacha éisc agus cosaint na timpeallachta i gConamara a chinntiú.

Tá Bainisteoir Ginearálta á lorg don chomhlacht i gConamara, Co. na Gaillimhe.